Báidín tagtha i dtír in Árainn Mhór 6 mhí ó sheol daltaí scoile i Maine í

Lucht Choláiste Árainn Mhóir a tháinig ar an mbád ‘Red Storm’ ar chuir daltaí bunscoile i Maine Mheiriceá chun farraige í mar chuid de thogra scoile

IMG_2898

Tá báidín beag darb ainm ‘Red Storm’, a sheol daltaí scoile i Maine Mheiriceá, tar éis a bealach a dhéanamh trasna na Farraige Móire agus a theacht i dtír in Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall.

Ba iad Mánas Ó Luathairí agus a dheartháir Conall a d’aimsigh an bád gar go maith do na carraigeacha céanna ar ar tharla tubaiste i 1935, tráth ar maraíodh 19 nduine.

Bhí an bheirt deartháireacha ag obair i gColáiste Árainn Mhóir san oileán Gaeltachta agus grúpa Gaeilgeoirí amuigh leo nuair a tháinig siad uirthi.

Cuireadh an bád chun farraige ag Georges Bank i Maine sna Stáit Aontaithe ar an 6 Feabhra. Mar chuid de thogra scoile a cuireadh chun farraige í agus ar bord bhí méaróg chuimhne agus rianaire a choinnigh cuntas ar aistear an bháid. Tháinig sí i dtír in Éirinn ar 31 Iúil.

IMG_2901

Tá an bád tugtha ag Coláiste Árann Mhóir do scoil náisiúnta Árann Mhóir agus é beartaithe go réiteoidh daltaí an tríú rang í sula gcuirfear chun farraige arís í. Táthar ag súil go ndéanfaidh an té a gheobhaidh í teagmháil le daltaí na bunscoile nuair a aimseofar arís í.

Bhí an bád ar taispeáint i ngach aon scoil i mbaile Scarborough ar feadh sé mhí sular seoladh í mar chuid den chlár i-boat atá urraithe ag Educational Passages.

D’fhoghlaim na daltaí faoin mbád agus faoi cén chaoi ar féidir a rian a leanúint timpeall na cruinne i gcaitheamh an ama sin. Thosaigh an fear farraige Dick Baldwin an eagraíocht Educational Passages seacht mbliana ó shin tar éis dó roinnt turas aonair a dhéanamh i mbád. Is í aidhm an chláir ná oideachas a chur ar óige Mheiriceá faoi fharraigí an domhain.


Ceanglaítear trasghlacadóirí satailíte
leis na báid bheaga agus cuirtear chun farraige iad le taisteal ar ghaoth agus ar shruthanna na farraige.

Fág freagra ar 'Báidín tagtha i dtír in Árainn Mhór 6 mhí ó sheol daltaí scoile i Maine í'