Ba cheart go dtuigfí faoin am seo cumas na bparaimíleatach maoin a thógáil dóibh féin

B’fhiú scrúdú neamhspleách a dhéanamh chun a chinntiú gur ar leas an phobail a chaitear airgead an phobail

Ba cheart go dtuigfí faoin am seo cumas na bparaimíleatach maoin a thógáil dóibh féin

‘Seachrán airde is ea é,’ arsa Arlene Foster. ‘Ba cheart dó cuimhneamh ar éirí as a phost,’ arsa Martin McGuinness. Bhí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ag trácht ar Phríomhfheidhmeannach Charter NI fear atá fós ina phost d’ainneoin rabharta conspóide. Dúshlán an UDA do na polaiteoirí is ea é dar le roinnt agus níl ag eirí rómhaith leis na polaiteoirí.

Fuair Charter £1.7 milliún ó Chiste Infheistíochta Sóisialta Stormont chun deiseanna fostaíochta a sholáthar do dhaoine in oirthear Bhéal Feirste. Mar chuid de phlean chun deireadh a chur le paraimíleatachas, tá scéimeanna á rith i gcomharsanachtaí a bhí faoi chois ag buíonta coiriúla agus paraimíleatach. Tá aird an phobail ar aighneas faoi aon fhear amháin, ach níor mhiste riar na scéime ina hiomláine a iniúchadh.

Dee Stitt is ainm don Phríomhfheidhmeannach, iarchime de chuid an UDA. Shéan sé líomhaintí go raibh sé fós san eagraíocht mhídhleathach sin, ach chothaigh agallamh a rinne sé leis an Guardian amhras. San agallamh sin mhaslaigh sé an rialtas agus dúirt gurb é féin agus a bhanna dílseach ‘homeland defenders’ thuaisceart an Dúin. Ní léir go ndearna an PSNI tada.

Ina dhiaidh sin thug ionadaithe an DUP le fios gur thuig siad go raibh Stitt chun éirí as. Ba léir go raibh súil acu go n-imeodh sé go ciúin. Dhiúltaigh an Ceann Comhairle agus ansin an Leas-Cheann Comhairle cead do Nichola Mallon ón SDLP ceisteanna a chur san Tionól faoi Stitt, Charter NI agus conas a roghnaíodh scéimeanna don Chiste Infheistíochta. Níor baineadh an ghoimh as an gconspóid, áfach, agus bhailigh an díospóireacht neart fiú má bhí cead cainte á cheilt i Stormont.

Tar éis tréimhse fionraíochta/saoire le lánphá chuaigh Stitt ar ais i mbun oibre agus rabhadh faighte aige ó bhord Charter. Thug sé an chluas bhodhar do na leideanna ón DUP gur mhaith leo go mbeadh deireadh leis an dtrioblóid agus don éileamh níos soiléire ó Martin McGuinness. Nuair a dhiúltaigh sí a rá le Stitt éirí as a phost, dúirt Arlene Foster nach bhféadfadh sí a ladar a chur i gcúrsaí fostaíochta Charter NI.

Bhí na polaiteoirí buartha áfach – faoin damáiste do chlú Charter NI agus thairis sin faoin dochar don Chiste Infheistíochta Sóisialta ar fad. D’admhaigh Martin McGuinness sa Tionól go raibh amhras á chothú faoi ‘dhea-scéimeanna’.

Tháinig sé chun solais le gairid go raibh baint ag an gCeann Comhairle Robin Newton le Charter NI. Mar ionadaí áitiúil bhí se ina bhall de ghrúpa a cheadaigh an maoiniú do Charter NI agus chuir sé comhairle orthu. Ghabh se leithscéal leis an Tionól seachtain ó shin mar nár chuir sé Teachtaí ar an eolas faoin nasc agus mar gurb é a rinne cinneadh chun díospóireacht a dhiúltú. Chuir se in iúl dá oifig nach eisean a láimhseálfadh ceisteanna faoi Charter NI feasta.

Mionábhar is ea ceist faoi rialacha imeachta den chineál sin i gcomparáid leis an bpríomhcheist – conas deireadh a chur le paraimíleatachas. An bhfuil sé ciallmhar iad a cheannach? An ndéanfaidh siad beart nuair a bheidh an t-airgead ina bpócaí? Arb iad na daoine óga nach bhfuil infhostaithe faoi láthair a bhainfidh buntáiste as ciste poiblí nó na ‘fir mhóra ar an tsráid’?

Is fada dílseoirí ag éileamh tacaíochta (airgead) dá gceantair. Deir lucht na soiniciúlachta gur ar mhaithe leo féin agus nach ar son na mbochtán ina gceantair atá an t-airgead uathu. Mar thaca lena n-éilimh ar mhaoiniú maíonn ‘oibrithe pobail’ a bhí bainteach leis an UDA, UVF agus an Red Hand Commando gur fágadh iadsan ar an bhfaraor géar ach gur ligeadh poblachtaigh i rialtas.

Is annamh a chloistear an daoine ag admháil gur theip orthu féin vótaí a fháil. Tá paraimíleataigh gníomhach ar an taobh poblachtach freisin. Níl suim ag na heasaontóirí sin i scéimeanna poiblí is cosúil, ach táthar ag iarraidh daoine óga a choinneáil glan orthu le scéimeanna faoin gCiste Infheistíochta Sóisialta.

Chinn saineolaithe a scrúdaigh paraimíleatachas i mbliana go raibh coiriúlacht go smior san UDA, iad bainteach le drugaí, striapachas agus sracadh airgid. Ní mór a rá nach bhfuil aon rud den chineál sin á chur i leith Dee Stitt. Seans gur baothchaint agus déanamh gaisce na cionta is mó a rinne sé le tamall. Sin is cionsiocair leis an gconspóid.

Tharraing an t-aighneas aird áfach ar na nósanna imeachta don Chiste Infheistíochta Sóisialta. Tá an freasúra, an SDLP agus an UUP, ag éileamh go scrúdódh cigire neamhspleách riaradh an chiste. Tá struchtúir na scéime mar a bheadh dréimire agus ceisteanna go sonrach faoi dhá chéim. Tig le hionadaithe ar choiste stiúrtha a n-eagraíochtaí féin a roghnú chun maoiniú a fháil ón gCiste gan próiseas tairisceana. I gcás mar sin, ní léir go bhfuil sciath chosanta ag an gCiste chun mí-úsáid a chosc. Ba cheart go mbeadh ciall ceannaithe faoin am seo faoi chumas na bparaimíleatach le maoin a thógáil dóibh féin. B’fhiú scrúdú neamhspleách a dhéanamh chun a chinntiú gur ar leas an phobail a chaithfear airgead an phobail.