Athruithe bunúsacha á mbeartú ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Plé le déanamh ar theideal agus ar cheol aitheantais an chláir a bheidh 30 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn

RnaG Rté Raidió radio

Tá athruithe bunúsacha á mbeartú ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ceann de na cláracha cúrsaí reatha is faide ar an saol sa tír.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil teideal nua don chlár, a bheidh tríocha bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn, i measc na n-athruithe atá á meas faoi láthair.

Tá plécháipéis maidir leis an gcur chuige nua d’Adhmhaidin scaipthe ag lucht bainistíochta an stáisiúin ar an bhfoireann agus tá cruinniú faoi na hathruithe atá molta inti le heagrú.

I measc na ngnéithe den chlár atá á meas tá an soláthar nuachta a thagann ó na réigiúin, formáid agus stíl na míreanna nuachta eile a bhíonn air agus dualgaisí oibre na mball foirne.

Tuigtear go bhfuiltear ag moladh go mbeadh tuilleadh díospóireachtaí le cloisteáil le linn an chláir agus go leagfaí béim níos mó ar scéalta láidre nuachta.

Táthar ag moladh leis go mbeadh Adhmhaidin níos feiceálaí ar líne agus tá sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar cheol aitheantais an chláir.

Tá plé le déanamh chomh maith ar nasc níos láidre a dhéanamh idir clár na maidine agus Nuacht a hAon.

Tháinig Adhmhaidin ar an saol nach mór tríocha bliain ó shin, in Aibreán 1986.

Ba é an craoltóir Seán Ó Tuairisg an chéad láithreoir a bhí ag an gclár agus ba iad na chéad léiritheoirí a d’oibrigh air ná an t-iar-iriseoir agus Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin agus an t-iriseoir agus craoltóir, Máirtín Ó Catháin.

Ba é an deacracht is mó a bhí ag Adhmhaidin in imeacht na mblianta ná go mbíonn sé in iomaíocht le Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1, an clár raidió is rathúla sa tír ó thaobh lucht éisteachta de.

Dála cláracha cúrsaí reatha maidine ar stáisiúin eile féachtar ar Adhmhaidin mar chloch chúinne sceidil RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is mó gradam atá buaite ag an gclár agus ag foireann an chláir le nach mór tríocha bliain anuas.

Is léir, áfach, go gcreideann lucht bainistíochta RnaG go bhfuil gá le hathruithe a dhéanamh ar leagan amach agus ar chur chuige an chláir.

Ní fios go fóill cén glacadh a bheidh ag lucht ceardchumainn sa raidió leis na hathruithe atá leagtha amach i bplécháipéis na bainistíochta.

Fág freagra ar 'Athruithe bunúsacha á mbeartú ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta'