Anois nó riamh i Roinn 1 agus gan ach dhá bhabhta fágtha

Gan ach dhá bhabhta fágtha sa tSraith Peile Náisiúnta, is anois nó riamh é do chuid de na foirne i Roinn 1

Anois nó riamh i Roinn 1 agus gan ach dhá bhabhta fágtha

An Cabhán v Ciarraí, Páirc Breffni, 14:00

Ní raibh ar Chiarraí ach seilbh na liathróide a choinneáil ar feadh roinnt soicindí eile an deireadh seachtaine seo caite agus bheadh deireadh curtha acu le Baile Átha Cliath agus a gcuriarracht maidir le gan cluichí a chailleadh. Faraor dóibh, thug siad faoiseamh d’fhoireann Jim Gavin agus dá bharr sin tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche in aghaidh an Chabháin tráthnóna.

Má éiríonn le contae an Chabháin an bua a fháil inniu, rachaidh siad chun tosaigh ar Chiarraí sa tábla gan ach cluiche amháin fágtha sa tsraith. Is in aghaidh Ros Comáin, atá dícháilithe cheana féin tar éis dóibh cailleadh in aghaidh Bhaile Átha Cliath aréir, atá an Cabhán sa bhabhta deireanach sin. Má éiríonn leo an bua a fháil inniu agus arís faoi cheann seachtaine, tiocfaidh siad slán siad slán.

Tabharfaidh a mbua in aghaidh Mhaigh Eo an Domhnach seo caite spreagadh dóibh agus, dála Mhuineacháin cúpla seachtain ó shin, ní thabharfaidh siad aon deis éasca do thosaithe Chiarraí.

É sin ráite, ní aimsithe ag an gCabhán ach beagán os cionn 11 pointe ar an meán go dtí seo sa tsraith, cúig phointe níos lú ná Ciarraí. Mura dtagann athrú mór chun feabhais orthu sa ghné sin den imirt tráthnóna, beidh sé deacair acu an bua a fháil.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Tír Eoghain v Maigh Eo, Ómaigh, 15:00

Nuair a bhuail Baile Átha Cliath Maigh Eo i mbabhta a ceathair den tsraith, thug siad greadadh chomh dona sin d’fhir an iarthair go raibh an chuma ar an scéal go bhféadfadh damáiste ar leith a bheith déanta d’fhoireann Stephen Rochford. Níor tháinig aon mhaolú ar an tuairimíocht sin i bhfianaise taispeántas Mhaigh Eo in aghaidh an Chabháin an tseachtain seo caite.

Cé gur chur Maigh Eo tús cuibheasach maith leis an gcluiche, lig siad don Chabhán teacht aniar a dhéanamh agus tá siad i mbaol a ndíbeartha ó Roinn 1 dá bharr. Tá aghaidh á tabhairt ag Maigh Eo ar an Ómaigh tráthnóna, áit nach bhfuil cluiche caillte ag Tír Eoghain go dtí seo sa tsraith.

Tá fir Mickey Harte féin fós ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe. Beidh cúnamh ag teastáil uathu ó fhoirne eile chun an méid sin a dhéanamh ach déanfaidh siad a gcuid féin tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Dún na nGall v Muineachán, Béal Átha Séanaidh, 15:00

Is í an choimhlint seo idir Dún na nGall agus Muineachán an t-aon cheann nach bhfuil ceachtar den dá fhoireann i mbaol ísliú céime. Tá an dá fhoireann seo fós ag déanamh a ndícheall áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe.

Tá roinnt mhaith cluichí móra imeartha ag na foirne seo in aghaidh a chéile i gCraobh Uladh le blianta beaga anuas, agus is annamh go mbíonn mórán eatarthu. Gach seans go mbeidh an scéal amhlaidh tráthnóna.

Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh Dún na nGall i dtrioblóid i Roinn 1 i mbliana nuair a bhuaigh Ciarraí go bog orthu sa chéad bhabhta ach tá na Conallaigh ag dul ó neart go neart ó shin agus Ros Comáin, an Cabhán agus Tír Eoghain curtha de dhroim seoil acu. Bhí comhscór chomh maith acu in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Ciarraí amháin atá chun tosaigh ar fhoireann Rory Gallagher ó thaobh scórála sa chéad chúig bhabhta agus tá imreoirí óga ar nós Ciaran Thompson agus Eoin McHugh ag cruthú go hiontach dóibh.

Tá naoscaire cumasach dá gcuid féin aimsithe ag Muineachán le Jack McCarron agus mí foláir do McCarron agus Conor McManus beirt a bheith i mbarr a maitheasa más fúthu an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Anois nó riamh i Roinn 1 agus gan ach dhá bhabhta fágtha'