Anois nó riamh do Davy i gContae an Chláir…

Cuirfear tús anocht leis an tSraith Náisiúnta Iománaíochta agus na foirne móra le tástáil i gceart i mbliana

Bainisteoir an Chláir, Davy Fitzgerald. INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir an Chláir, Davy Fitzgerald. INPHO/Cathal Noonan

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo leis an tSraith Allianz agus an sliotar á chaitheamh isteach anocht sa chéad chluiche.

Sna comórtais réamhshéasúir ba iad Baile Átha Cliath agus Contae an Chláir a thug leo na coirn. An dtugann sé sin aon leid dúinn faoi cé a bheidh ina seasamh fós ag tosach mhí Mheán Fómhair ? Ní dóigh liom é.

Caithfidh gurb í seo an deis dheireanach ag  bainisteoir an Chláir Davy FitzGerald leis an bhfoireann seo. Tá togha na n-imreoirí acu ach bhíodar go hainnis le dhá bhliain anuas. Tá foireann bainistíochta thar a bheith láidir anois aige agus súil acu go n-éireoidh leo na himreoirí a spreagadh chun an mianach atá iontu á léiriú arís.

An chéad sprioc atá acu ná a slí a dhéanamh amach as Roinn 1b ach ní bheidh sé sin ró-éasca. Cinnte beidh ceisteanna ag Luimneach le cur orthu agus b’fhéidir ag Loch Garman chomh maith, ach leis an oiread sin imreoirí cumasacha is atá ag an gClár beidh siad mar rogha na n-údar don ardú céime. 

Caithfidh nach raibh Baile Átha Cliath sásta lena bhfeachtas anuraidh ach tá tús láidir curtha acu leis an mbliain nua agus tabharfaidh sé sin misneach dóibh agus iad ag taisteal chuig Staid Semple anocht . 

Is cinnte go bhfeicfimid roinnt mhaith imreoirí nua ar an bhfoireann acu anocht agus iad ag súil lena n-áit i measc na mboc mór a chinntiú do 2017.

Maidir le Tiobraid Árann níl aon eolas nua againn ina dtaobh toisc nár ghlacadar páirt sna réamhchomórtais i mbliana. Tá a fhios againn áfach, go gcathfidh siad déanamh d’uireasa na seanréaltaí atá éirithe as agus a n-iarbhanisteoir Éamonn Ó Sé . Ba cheart go mbeadh Baile Átha Cliath níos eagraithe faoi láthair agus ba cheart go mbuaifidís anocht .

Contae eile a bheidh faoi ábhairín brú, i mo thuairimse, ná na Déise. Níl aon dabht ach go bhfuil imreoirí óga cumasacha sa chontae, ach b’fhéidir go dtógfaidh sé blian nó dhó eile orthu an chéad chéim eile a thabhairt.

Cuirfidh siad chun páirce amárach i bPáirc Uí Nualláin i gcoinne Chill Chainnigh agus bí cinnte de ach go bhfoghlaimeoidh siad cuid mhaith ón gcluiche sin. Is iad ríthe an fuinseoige iad Cill Chainnigh agus is mar sin atá le tamall maith anois. Is i gcoinne na bhfoirne is fearr a fhoghlamaítear na ceachtanna is tábhachtaí, áfach.

Dar ndóigh, bhí an t-ádh le Cill Chainnigh anuraidh a n-áit a choiméad i bPríomhroinn na Sraithe.

É sin ráite, bhíodar gan imreoirí Bhaile Héil anuraidh chomh maith le cúpla imreoir eile a bhí gortaithe gan trácht ar an dornán imreoirí a bhí i ndiaidh éirí as an iománaíocht idirchontae.

Le roinnt mhaith blianta anuas anois táimid ag súil le comhartha éigin ó na Cait chéanna go bhfuil a bhforlámas ag druidim chun deiridh. Feicfimid amárach an bhfuil aon chomhartha luath ann gur i mbliana a chlisfidh orthu.

Sa chluiche eile sa Phríomhroinn ar an Domhnach beidh Corcaigh ag taisteal go Gaillimh. Beirt bhainisteoirí nua atá anseo agus lán na beirte acu ag iarraidh a rian féin a fhágaint ar na foirne. Feicfimid linn, ach sa chóras sraithe seo téann sé deacair ar an bhfoireann atá ag taisteal na pointí a thabhairt abhaile leo. 

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Davy i gContae an Chláir…'