AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Faill Cliath, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne

I sraith seo an tsamhraidh tugann ár scríbhneoirí ar cuairt sinn go dtí an trá Ghaeltachta is ansa leo…

Fail Cliath beach

Tá an-bhuntáiste ag baint le bheith ag maireachtáil ar leithinis ar nós Chorca Dhuibhne – is cuma cén treo ina bhfuil an ghaoth ag séideadh, beidh tú in ann trá fhothainiúil éigin a fháil chun do scíth a ligean tamall. Tá Cuan Fionntrá laisteas dúinn, agus Cuan Ard na Caithne lastuaidh, agus tránna breátha scóipiúla iontu araon. Tá Trá an Choma thiar, mar ar leaindeáladh gunnaí Ryan’s Daughter, agus Trá Chloichir, ar a díríodh na milliúin ceamara ó thosaigh na turasóirí ag tarrac chun na háite le céad bliain anuas.

Ach ní haon cheann de na tránna gainimh úd an trá is ansa liom féin. Tá áit ar a dtugaimid Faill Cliath anseo i nDún Chaoin, agus geibheann cosán faille ársa síos go tráigh beag grin. D’fhéadfaí a rá gurb í an trá seo íochtarán an áil maidir le tránna Chorca Dhuibhne; ní mínghaineamh bog dála Thráigh Chinn Trá nó Béal Bán atá inti, agus ní móide gur trá bhreá fhairsing í; níl sí puinn fara leathchéad méadar ar fad, agus ní bheadh aon ocht gcinn de bhoinn uile-Éireann buaite ag Páidí Ó Sé dá mba uirthi a bheadh sé ag traenáil.

Ach is breá liom an áit. Tá sí chomh síochánta, chomh ciúin, chomh scoite amach ón domhan. Ní féidir aon orlach de thalamh na hÉireann a fheiscint ann ach faillteacha led’ chúl agus an Oileán Tiar os do chomhair. Ní bheadh de chomhluadar agat ach scata faoileán agus fo-chaobach, agus de gnáth ní bheadh duine ná daonnaí farat. D’fhéadfá buille snámha a dhéanamh nó tamall iascaigh ón gcloch nó, má bhíonn lag trá agat, cúil miongán nó bairneach a bhailiú nó gabháil duilisc a bhaint.

I dteannta an nádúir tá sé ina bheathaigh le hoidhreacht agus ní mór nó go mbraithfeá do shinsir id’ timpeall, mar is anseo a bhí caladh na mbád i nDún Chaoin tamall. Bhíodh naomhóg ar stáitsí ar an gcosán anseo, agus báid saighne ar ród. I dteannta na gcosán faille tá steipeanna gearrtha isteach sa charraig mar áis chun dul dos na báid, cé gur deacair iad a fheiscint anois. Maireann an chraobh ar an bhfál, ach ní mhaireann an lámh a chur.

Fágfad an focal scoir fén Common Noun:

“Nuair a bhíonn sé ag déanamh síos ar lag trá Aoine an Chéasta, bíonn gach aon trá agus cladach i nDún Chaoin lán de mhná agus de ghearrchailí agus de gharsúin ag baint bhairneach agus ag piocadh mhiongán … Is mó bean agus gearrchaile go mbíonn a scol bhreá amhráin acu thíos sa trá agus iad ag baint na mbairneach ar séirse. Toisc an lae a bhíonn ann, ní bhíonn aon amhráin ar siúl acu ach amhráin bheannaithe, go mórmhór amhráin a bhaineann le Páis agus Céasadh ár Slánaitheora. Dá mbeifeá in airde ar bharr na haille agus iad sin faoi do bhun thíos sa trá ag baint bhairneach agus ag canadh amhráin san am gcéanna, do thógfadh sé an brón de do chroí agus do thabharfadh sé chun do chuimhne an lá íogair sollúnta a bhíonn ann.”

(Timpeall Chinn Sléibhe, Seán Ó Dálaigh)


AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Suaimhneas agus áilleacht ar thrá Inis Sionnaigh

Fág freagra ar 'AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Faill Cliath, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne'