AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair – Fear Manach, Tír Eoghain Theas, Tír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciurd thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, is iad na toghcheantair atá faoi chaibidil ná Fear Manach, Tír Eoghain Theas, Tír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair – Fear Manach, Tír Eoghain Theas, Tír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

Bhí aon cheann déag de na 18 suíochán sna trí thoghcheantar seo ag náisiúnaithe: ocht gcinn ag Sinn Féin agus trí cinn ag SDLP. As na seacht gcinn eile bhí ceithre shuíochán ag an DUP, ceann an cheannaire, Arlene Foster san áireamh, agus trí cinn ag an UUP. I bhfianaise an laghdaithe ar líon na suíochán, tá an choimhlint níos fíochmhaire ná riamh.

Fear Manach/ Tír Eoghain Theas

Beirt don DUP, beirt do Shinn Féin, duine amháin don UUP agus duine amháin don SDLP  a toghadh sa cheantar fairsing seo ó Dhún Geanainn siar go dtí an teorainn. Bhí móramh 8,000 in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann anuraidh, ach tá an t-iarChéad-Aire, ceannaire an DUP, Arlene Foster, diongbháilte gurbh fhearrde Tuaisceart Éireann an scaradh leis an Aontas Eorpach. Dá hainneoin tá an pobal cois teorann an-chorraithe faoina bhfuil i ndán dóibh de bharr an bheartais.

Dháréag atá san iomaíocht.

Fuair Foster 18.7% de na vótaí – carn ollmhór san toghchán anuraidh, a céad dreas mar cheannaire ar an DUP agus mar Chéad-Aire. Bhí sí i mbarr a réime an t-am sin ach tá sí lagaithe go mór ó shin. Is í an chonspóid faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite, is mó a rinne dochar di ach thuill sí cáineadh freisin faoin chaoi ar láimhseáil sí ceisteanna eile, ina measc Acht na Gaeilge, úsáid an veto sa Tionól agus tacaíocht do scéim shóisialta dílseach in oirthear Bhéal Feirste ar dhúirt an PSNI go raibh baill den bhuíon pharaimíleatach, an UDA bainteach léi.

Tá páirtithe eile ag dréim le buntáiste a bhaint as na ceisteanna sin agus as fearg an phobail le Foster.

Tá sise agus cathaoirleach an pháirtí, an tiarna Maurice Morrow, ag iarraidh dhá shuíochán an DUP a choinneáil agus dhá chuóta acu. Tá Michelle Gildernew agus Seán Lynch ag iarraidh a suíocháin a choinneáil do Shinn Féin le 2.4 cuóta agus tá an tríú hiarrthóir ag an bpáirtí ag iarraidh an suíochán a bhain Richie McPhilipps ón SDLP díobh anuraidh a fháil ar ais. Leathchuóta a bhí ag McPhilipps a sciob an suíochán ó Shinn Féin le cabhair aistrithe ó Rosemary Barton ón UUP a bhuaigh suíochán le 0.8 den chuóta nua. Tá an UUP sa tóir ar vótaí aontachtacha ó dhaoine atá ar buile faoin RHI, ach tá an DUP ag gríosú a lucht leanúna agus á scanrú le scéalta go bhféadfadh Sinn Féin a bheith sa chéad áit i ndiaidh an toghcháin.

Áirítear gur beag seans a bheadh ag Sinn Féin ar an tríú suíochán, cé nach féidir é a chur as an áireamh ar fad, agus gur idir an UUP agus SDLP a bheidh an suíochán deiridh.

Tír Eoghain Thiar

Triúr a bhí ag Sinn Féin agus duine amháin ag an DUP, an UUP  agus an SDLP araon sa cheantar seo, an leath thiar de chontae Thír Eoghain, thart ar an Ómaigh agus an Srath Bán. Vótáil beirt as gach triúr sa toghcheantar cois teorann i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach agus is ceist íogair í don phobal cad atá i ndán dóibh tar éis an reifrinn.

Tá 15 iarrthóir san iomaíocht.

Tá cúigear den seisear a toghadh anuraidh sa rás ach tá Ross Hussey, UUP, éirithe as de bharr drochshláinte. Tá Barra McElduff, Michaela Boyle agus Declan McAleer ag iarraidh a suíocháin a choinneáil do Shinn Féin le 2.5 cuóta. Meastar go bhfuil suíochán an DUP, atá ag Thomas Buchanan slán ós eisean an t-aon iarrthóir atá ag an bpáirtí an uair seo agus bhí 1.3 cuóta acu anuraidh. Toghadh Daniel McCrossan, an SDLP, le 0.7 de chuóta, cé go raibh beirt easaontóirí leis an SDLP san iomaíocht anuraidh; níl siadsan sa rás i mbliana agus meastar go mbeidh McCrossan slán agus an ceathrú nó an cúigiú suíochán aige. Is é an UUP is leochailí le 0.7 den chuóta úr agus iarrthóir nua, Alicia Clarke, atá san iomaíocht dóibh.

Tá ceathrar neamhspleách, chomh maith le Alliance, Comhaontas Glas, TUV, Caomhach agus CISTA san iomaíocht ach meastar gurb iad an cúigear iartheachtaí a thoghfar arís.

Lár Uladh

Triúr a bhí ag Sinn Féin agus duine amháin ag an DUP, an UUP  agus an SDLP sa cheantar seo ar bhruach thiar Loch nEathach, ceantar a shíneann ó Dhún Geanainn go deisceart chontae Dhoire. Vótáil 60% de mhuintir an cheantair seo i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach agus tá daoine corraithe faoin gceist sin chomh maith le conspóid an RHI.

Dúnáras de chuid SF is ea an ceantar seo le scór bliain agus beidh ceannaire nua an pháirtí sa tuaisceart Michelle O’Neill ag iarraidh trí shuíochán an pháirtí a choinneáil. Mar iar-aire sláinte, tá sise á ceistiú ag na páirtithe eile go léir faoin atheagar ar sheirbhísí a gheall sí ach a cuireadh ar fionraí de bharr titim Stormont.

Tá an seisear a toghadh anuraidh san iomaíocht chomh maith le cúigear eile. Dúshlán mór a bheidh ann do Shinn Féin na vótaí a bhainistiú go cothrom féachaint leis na trí shuíocháin a choinneáil óir bhí siad faoi bhun trí chuóta (2.8). Ní mór dóibh róthacaíocht don cheannaire nua a sheachaint agus a chinntiú go bhfaighidh Ian Milne agus Linda Dillon a sciar den vóta. Bhí os cionn cuóta ag an DUP agus ba cheart go mbeadh Keith Buchanan slán, fiú má thiteann vóta an DUP. Bhí 0.9 de chuóta ag Patsy McGlone, SDLP, agus síltear go mbeidh seisean slán.

0.7 de chuóta a bhí ag Sandra Overend ón UUP agus seans gurb ise is goilliúnaí de bharr an laghdú atá déanta ar líon na suíochán. Is é is dóichí gurb ise agus duine d’iarrthóirí Shinn Féin a bheidh san iomaíocht don chúigiú suíochán.

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH:  Sciurd ar na toghcheantair – Fear Manach, Tír Eoghain Theas, Tír Eoghain Thiar agus Lár Uladh'