AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: 228 iomaitheoir do 90 suíochán in 18 toghcheantar imeallach

An mbeifear in ann leas a bhaint as an nguagacht de bharr laghdú ar líon na dteachtaí chun buille a thabhairt do mhórpháirtí?

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: 228 iomaitheoir do 90 suíochán in 18 toghcheantar imeallach

Is annamh a tharlaíonn sé go mbíonn gach toghcheantar imeallach ach sin mar a bheidh i dtoghchán an Tionóil ar an 2 Márta. Murab ionann agus córas Stormont ó 1998 i leith, ní bheidh ach cúigear teachtaí le toghadh i ngach aon cheann de na 18 toghcheantar. Laghdú is ea é ar an líon iomlán ó 108 go 90. Cinntíonn sé sin go bhféadfadh an cúigiú suíochán a bheith leochaileach i ngach áit.

Idir na ceisteanna cumais nó míchumais ba chionsiocair leis an toghchán seo agus an laghdú ar líon na suíochán, tá súil ag na mion-pháirtithe go mbainfidh vótóirí a ndeasca amach ar an DUP agus Sinn Féin. Ar an láimh eile tá an dá pháirtí sin ag díriú a gcáineadh ar a chéile agus an chuma orthu go bhfuil siad snaidhmthe le chéile i naimhdeas. Tá siad araon ag iarraidh buntáiste a bhaint as a ngearáin faoina n-iarpháirtnéir sa bhFeidhmeannas.

Trí seachtainí roimh an vótáil dhruid an próiseas ainmniúcháin agus cláraíodh 228 iomaitheoir ar fad. Sin laghdú 38 ar líon na n-iarrthóirí ó anuraidh ach tá an coibhneas idir an líon atá ag seasamh agus an 90 suíochán atá ar fáil mórán mar a chéile. San Tionól a toghadh anuraidh bhí 38 suíochán ag DUP, 28 ag Sinn Féin, 16 ag an UUP, 12 ag an SDLP, ocht gcinn ag Alliance, dhá cheann ag Comhaontas Glas, dhá cheann ag Pobal roimh Bhrabach, ceann amháin ag an TUV agus ceann eile ag an neamhspleách aontachtach, Claire Sugden, an tAire Cirt.

Tá 38 sa rás ag an DUP, titim de sheisear. Díol suntais é, mar shampla nach bhfuil siad ag dul san iomaíocht don tríú suíochán a bhí acu san Dún Thuaidh. Tá an tAire Oideachais, Peter Weir, aistrithe béal dorais go Loch Cuan chun an suíochán a bhí ag Jonathan Bell a chosaint. Tá Bell ag seasamh mar aontachtach neamhspleách ó tá sé ar fionraí ón DUP i ngeall ar na líomhaintí a rinne sé faoin gceannaire Arlene Foster agus comhairleoirí neamhthofa an pháirtí i dtaca leis an scéim fuinnimh inathnuaite.

Tá an DUP ar a míle dícheall ag iarraidh an phraiseach sin de scéim fuinnimh a sheachaint mar ábhar toghcháin ach tá sé dosheachanta i Loch Cuan i bhfianaise an achrainn le Jonathan Bell. Cuirfear suim mhór sa cheist sin freisin i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas, dúnáras Arlene Foster, agus is ábhar díospóireachta ansin é an Breatimeacht agus na ciallachais a bheidh ann don cheantar cois teorann.

Tá líon na n-iarrthóirí ag Sinn Féin íslithe ó 39 go 34 agus aird ar na hionadaithe aitheanta dá gcuid nach bhfuil ag seasamh an geábh seo. Orthu sin tá an t-iar-aire, Caitríona Ruane san Dún Theas, agus, níos spéisiúla fós, Catherine Seeley, a toghadh den chéad uair anuraidh sa Bhanna Uachtair ach atá ag filleadh ar a post mar mhúinteoir. Ar ndóigh níl Martin McGuinness sa rás de bharr drochshláinte agus tá suim mhór sa tionchar a bheidh aige sin ar an toradh san Fheabhal.

24 iarrthóir atá ag an UUP, naonúr de laghdú agus 21 atá ag SDLP in ionad 24 anuraidh. 21 duine atá ag seasamh don Alliance, beirt de laghdú. Tá iarrthóir i ngach toghcheantar, 18 iarrthóir ar fad, ag an gComhaontas Glas ach tá méadú ar líon na n-iarrthóirí ag Pobal Roimh Bhrabach ó thriúr go seachtar. Tá iarrthóir amháin sa bhreis ag an TUV agus súil ag Jim Allister comrádaí a bheith aige i Stormont i ngeall ar a mhíshástacht leis an DUP. Tá 22 neamhspleách ag seasamh; ba í Claire Sugden, an Teachta Aontachtach neamhspleách i nDoire Thoir an t-aon duine den ghrúpa sin a toghadh anuraidh, ach áirítear go bhfeadfadh sise a bheith i mbaol an t-am seo.

Treiseofar ar an bhfeachtasaíocht ón deireadh seachtaine seo amach. Dá bhrí sin beidh léargas níos soiléire le fáil ar thoil na dtoghthóirí sa choicís seo romhainn. An leanfaidh an tinreamh náisiúnach ag titim nó an meallfar cuid acu ar ais chuig na bothanna vótála? Tá tréaniarracht á déanamh cheana féin ag Sinn Féin chun tathant ar dhaoine nár chaith vóta anuraidh a theacht amach ar an 2 Márta. Údar uchtaigh é ag SDLP, chomh maith le Sinn Féin, go maíonn saineolaithe go raibh líon na náisiúnach a chaith guth sa reifreann faoi Bhreatimeacht níos airde ná an sciar a tháinig amach sé seachtainí roimhe sin don toghchán Tionóil. Táthar ag iarraidh iad sin a ghríosú chun gnímh arís.

Staon nach mór duine as gach beirt ón vótáil don tionól anuraidh (46%) agus is ar líon na náisiúnach a bhí an laghdú ba mhó maidir le vóta a chaitheamh. Ach tá titim mhór tagtha ar thacaíocht an UUP agus an SDLP le ceithre bliana déag agus sciar mór iad sin den 46%. Chomh maith le hobair na bpáirtithe tá feachtas ar na meáin shóisialta chun a chur in iúl do dhaoine gur féidir leis an 46% difear a dhéanamh. Is minic a staonann daoine ó vótáil mar gur dóigh leo nach n-athróidh a vóta aon cheo. Léiríonn an feachtas idirlín seo gur mó an 46% ná vótaí an DUP (16% d’iomlán na vótóirí atá cláraithe) Sinn Féin (13%), an UUP (7%) agus an SDLP(7%) ar fad le chéile.

Ar ndóigh, níl seans ar bith go vótálfaidh gach duine ach leis an laghdú ar líon na suíochán agus an t-ardú dá réir ar an gcuóta, bheadh tionchar suntasach ag méadú beag ar an ráta vótála. D’fhéadfadh sé an patrún aistrithe a athrú chomh maith. Ta sé róluath lena mheas.

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: 228 iomaitheoir do 90 suíochán in 18 toghcheantar imeallach'