An Taoiseach agus an Rialtas ag tacú le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin

Tá aighneas mór ann fós faoi cheist an Achta Teanga agus brú mór ar pháirtithe an Tuaiscirt teacht ar aontú maidir le hathbhunú Stormont roimh 4 a chlog tráthnóna amárach

An Taoiseach agus an Rialtas ag tacú le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin

Tá sé curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, do Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May, agus don Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, go dtacaíonn an Taoiseach Leo Varadkar agus an rialtas leis an éileamh go dtabharfaí Acht Teanga don Ghaeilge amháin isteach ó thuaidh.

Mar chuid de na cainteanna maidir le athbhunú Fheidhmeannas Stormont tá Sinn Féin ag éileamh go dtabharfaí isteach acht teanga don Ghaeilge amháin don tuaisceart, ach tá an DUP ag iarraidh go mbeadh aitheantas don Ultais agus gnéithe eile den chultúr mar chuid d’aon reachtaíocht nua.

Tá aighneas mór ann fós faoin gceist agus brú mór ar pháirtithe an Tuaiscirt teacht ar aontú maidir le hathbhunú Stormont roimh 4 a chlog tráthnóna amárach. 

Dúirt cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin, Declan Kearney, inné nach nglacfadh an páirtí ach le hAcht don Ghaeilge amháin agus gur loic an DUP ar ghealltanais a tugadh cheana maidir lena leithéid d’Acht a thabhairt isteach.

Dúirt iarcheannaire an DUP Peter Robinson gur “díol trua agus áiféise” a bheadh ann dá gcuirfeadh Sinn Féin i gcoinne athbhunú Fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an éileamh ar acht don Ghaeilge amháin.

Fág freagra ar 'An Taoiseach agus an Rialtas ag tacú le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin'

  • Éamonn Ó Gribín

    Tá ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ ( Béarla agus Gaeilge) uainn, ní ‘Acht Gaeilge’!