An seó ar an mbóthar – Grúpa Gnímh an N59 bunaithe agus tuilleadh gníomhartha geallta i gConamara

Is iomaí sin casadh agus cor ar an N59 agus is cosúil go bhfuil cor mór tagtha i scéal an bhóthair seo le cúpla lá anuas

An seó ar an mbóthar – Grúpa Gnímh an N59 bunaithe agus tuilleadh gníomhartha geallta i gConamara

Tá an bhrúchtaíl faoi thalamh a bhí ag baint le ceist an bhóthair, an N59 i gConamara pléasctha anois.  Bunaíodh Grúpa Gnímh an N59 san oíche Dé Céadaoin agus leithéidí Sheosaimh Uí Chuaig as Cill Chiaráin agus Josie Conneely as Baile Conaola páirteach ann.  Tuigtear go raibh os cionn leathscór ag an gcruinniú agus go raibh daoine as pobail éagsúla in iarthar Chonamara ina measc.  Iarchomhairleoirí contae iad Ó Cuaig, a bhí ina neamhspleách, agus Conneely a bhí bainteach le Fianna Fáil, ach dúradar gur iarracht é seo atá scartha amach ó ghníomhaíocht pholaitiúil agus gur “gluaiseacht phobail” atá á bunú acu.

Tá sé i gceist go méadófaí an grúpa de réir a chéile agus go músclófaí páirtíocht an phobail san iarracht.

Socraíodh go mbeadh an chéad chruinniú eile ag Grúpa Gnímh an N59 ar an 5 Lúnasa sa gClochán.  Déanfar réiteach ag an gcruinniú sin maidir le deiseanna poiblíochta don fheachtas ag Seo Chapaillíní Chonamara, i measc beartas eile.

Idir an dá linn, tá an Grúpa Gnímh le feachtas síniúchán a thosú i gConamara ar mhaithe le forbairt an N59.  Tuigtear go mbeidh bileoga á gcur amach an dá lá seo.

Tá trí phríomhaidhm ag Grúpa Gnímh an N59.  Teastaíonn uathu brú a chur ar na húdaráis na deacrachtaí atá ag coinneáil siar an fhorbairt ar an mbóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite a réiteach. Éilíonn siad go ndéanfaí iarratas eile ar chead forbartha ar an N59 idir an Teach Dóite agus an Clochán. Is mian leo go réiteofaí plean forbartha don chuid den N59 idir an Clochán agus an Líonán.

Seosamh Ó Cuaig ag tabhairt óráide in omós do Bhanríon Alasca.
Seosamh Ó Cuaig

Tharla sé gur chuir Comhairleoir Contae Shinn Féin i gConamara, Thomas Healy, scéal amach tráthnóna inné go bhfuil sé féin ag tarraingt cruinniú poiblí ar an Teach Dóite ar an 11 Lúnasa le grúpa  “trasphobail” a bhunú le cás an N59 a throid.  Beidh cuireadh ag polaiteoirí ansin, a dúradh.   Níl a fhios an comhtharlúint a bhí sa bhfógra sin ón gComhairleoir Healy ó tharla go raibh Grúpa Gnímh an N59 bunaithe an oíche roimhe sin.  Sa ráiteas a chuir sé amach, dúirt an Comhairleoir Healy gur uafásach an cás é go bhfuil muintir Chonamara ag brath ar bhóthar mar an N59 a bhfuil drochbhail air.

Bhí an dá pholaiteoir is sinsearaí i gConamara, an tAire Stáit, Seán Kyne  agus an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív glórach faoi cheist an N59 an tseachtain seo freisin.  Chuir an Teachta Ó Cuív bileog chuimsitheach faoina chuid iarrachtaí féin ar mhaithe le forbairt an N59 amach chuig baill an pháirtí i gConamara agus

tharraing sé anuas an t-ábhar ag cruinniú poiblí faoi chúrsaí bruscair sa gClochán Dé Luain seo caite.   An lá dár gcionn ag ócáid seolta láthair Alcock agus Brown agus Marconi sa gClochán, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne, nach féidir ‘tada a ghéilleadh’ ar cheist an N59.  “Ghlac an Bord Pleanála féin leis go bhfuil an bóthar seo thar a bheith go dona ach, faraor, dhiúltaíodar don iarratas ar chead forbartha idir an Teach Dóite agus an Clochán.  Caithfear é seo a dhúiseacht arís,” a dúirt an tAire Kyne. Dúirt Kyne go bhfuil “tréan-iarracht eile” ag teastáil le réiteach a fháil ar an moill ar an bhforbairt idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.

Is iomaí sin casadh agus cor ar an N59 agus is cosúil go bhfuil cor mór tagtha i scéal an bhóthair seo le cúpla lá anuas.

Fág freagra ar 'An seó ar an mbóthar – Grúpa Gnímh an N59 bunaithe agus tuilleadh gníomhartha geallta i gConamara'