An samhradh tagtha agus Craobhacha Laighean agus na Mumhan tráthnóna againn…

Beidh Tiobraid Árann ag iarraidh bua gan choinne eile a fháil i gCraobh Peile na Mumhan nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Chiarraí agus níos déanaí sa tráthnóna, imreofar cluiche ceannais iomána Laighean idir Gaillimh agus Cill Chainnigh

Pictiúr: INPHO Tommy-Grealy
Pictiúr: INPHO Tommy-Grealy

Cill Chainnigh v Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Murab ionann is cluichí eile idir Cill Chainnigh agus Gaillimh, ní raibh an oiread céanna cainte faoin gcoimhlint i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Cé gurb iad na foirne seo a bhí ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann mí Dheireadh Fómhair seo caite, is iad Port Láirge, an Clár agus Tiobraid Árann is mó a bhí i mbéal an phobail le cúpla mí anuas.

Cúis amháin leis sin ná go bhfuil na foirne eile sin feicthe cheana againn i gcluichí móra sa chraobh. Nó b’fhéidir gur amhlaidh go bhfuil an choimhlint áirithe seo feicthe chomh minic ag daoine le tamall de bhlianta anuas go bhfuil siad éirithe beagáinín tuirseach di.

Seo é an deichiú huair ó 2009 a chasfaidh Gaillimh agus Cill Chainnigh ar a chéile sa chraobh. Deirtear gurb iad na Gaillimhigh, seachas Tiobraid Árann, an fhoireann is mó a thug dúshlán do Chill Chainnigh le linn na tréimhse ach fiú s fíor an méid sin níl ann ach cuid den fhírinne.

Den naoi gcluiche is déanaí eatarthu, níl ach ceann amháin, cluiche ceannais Laighean 2012, buaite ag fir na Gaillimhe. Cé go raibh cúpla comhscór ann, ní mórán d’údar gaisce an méid sin do Ghaillimh.

Bhí siad ceithre phointe chun cinn ag leath ama i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh ach fós d’éirigh leis na Cait an ceann is fearr a fháil orthu. Braithfidh todhchaí na Gaillimhe ar ar fhoghlaim imreoirí óga na foirne ón gcailliúint sin.

Bhí Cill Chainnigh ar an dé deiridh sa chluiche sin ach ligeadh dóibh teacht aniar a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, más féidir le foireann na Gaillimhe cur le chéile arís faoi bhainistíocht Micheál Donoghue, tá na himreoirí acu chun deireadh a chur le gorta 30 bliain agus Craobh na hÉireann a thabhairt leo.

Ach is iomaí foireann eile ón gcontae a ndúradh an rud céanna fúthu sular thit an tóin astu.

Léirigh cluiche ceannais sin na bliana seo caite an bua is mó atá ag foireann Chill Chainnigh faoi láthair.

Meastar go bhfuil an scuad atá ag an gcontae faoi láthair níos laige ná mar a bhí le tamall fada, ach fós féin tá siad sa tóir ar Chraobh na hÉireann don tríú bliain as a chéile.

Bíonn foireann Cody ag brath go mór ar TJ Reid agus Richie Hogan ó thaobh na scórála de ach tá díocas agus neart sna fir eile atá timpeall orthu a thabharfaidh seans maith dóibh.

Níor thug na Gaillimhigh deis do Hogan dul i bhfeidhm ar an imirt i mí Dheireadh Fómhair seo caite ach fós thug na Cait an lá leo.

Chaill Hogan amach ar chéad cluiche Chill Chainnigh sa chraobh i mbliana agus a lámh briste aige ach bhí ar ais ag traenáil le cúpla seachtain anuas agus beidh sé ar fáil má cheapann Cody go bhfuil sé réidh.

Bhí cluiche den scoth ag Jonjo Farrell sa bhua sin in aghaidh Bhaile Átha Cliath, agus 1-5 aimsithe ón imirt aige. Beidh ar chosantóirí na Gaillimhe súil a choinneáil air.

Bhí dea-scéal ag Micheál Donoghue i rith na seachtaine nuair a ghlac CLG le hachomharc Conor Cooney maidir leis an gcárta dearg a tugadh dó in aghaidh na hIarmhí coicís ó shin. Chaill fear Naomh Tomás an séasúr uile anuraidh de bharr gortuithe agus is i bhfeabhas a rachaidh na sárthosaithe atá ag Gaillimh agus é ina measc.

Ba é an scéal céanna é ag Niall Burke in 2015 ach tar éis dó feachtas sraithe maith a bheith aige, beidh an tosach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an gcraobh arís. Cé nach bhfuil Johnny Glynn ar fáil do na Gaillimhigh, tá Burke chomh láidir céanna ag gabháil an tsliotair san aer.

rud a tharlaíonn sa chluiche seo, beidh sé deacair mórán a fhoghlaim uaidh. In 2012, rinne Gaillimh scrios ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Chúige Laighean ach bhain siad díoltas amach i gcluiche ceannais na hÉireann. Anuraidh, ní raibh cuma ná caoi ar na Gaillimhigh i gcluiche ceannais Laighean  ach rinne siad teacht aniar iontach chun Corcaigh agus Tiobraid Árann a chloí. Ar deireadh thiar, bhí siad i bhfoisceacht 35 nóiméad de Chraobh na hÉireann a bhuachan.

Mar gheall ar an rath a bhí ar Chill Chainnigh agus iad ag imirt in aghaidh na Gaillimhe le cúpla bliain anuas, is acusan atá an buntáiste inniu. Seans, áfach, nach é seo an uair dheireanach a chasfar ar a chéile iad i mbliana.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh


Ciarraí v Tiobraid Árann, Staid Mhic Gearailt, 2i.n.

Nuair a ghlac Liam Kearns leis an bpost mar bhainisteoir ar Thiobraid Árann, bhí a fhios aige nach mbeadh fáil aige ar an imreoir is fearr sa chontae, Colin O’Riordan a bhí imithe go dtí an Astráil, ach fós bhí painéal d’imreoirí óga ann a raibh dul chun cinn suntasach déanta acu le cúpla bliain anuas.

Ansin, duine ar dhuine, thosaigh na himreoirí ag fágáil. D’éirigh Paddy Codd agus Barry Grogan as, chinn Steven O’Brien agus Seamus Kennedy imirt le hiománaithe an chontae agus i ndiaidh na sraithe, chuaigh triúr eile chuig na Stáit Aontaithe don samhradh.

nach bhfuil ag éirí go maith le peileadóirí Chorcaí faoi láthair, fós ceapadh go mbeadh a ndóthain acu chun na Tiobradaigh a chur de dhroim seoil ach ní hin mar a tharla agus bhí bua stairiúil ag foireann Kearns i nDurlas.

haon iontas mar sin go ndeir an bainisteoir go bhfuil ag éirí níos fearr le Tiobraid Árann faoin tráth seo ná mar a shíl sé a bheadh. D’fhéadfá a rá chomh maith, áfach, go léiríonn ráiteas Kearns go bhfuil sé den tuairim nach bhfuil a fhoireann aibí go leor fós chun Craobh na Mumhan a bhuachan.

Is rud amháin é foireann ó Chorcaigh atá in ísle brí a bhualadh, ach ainmhí de chineál eile ar fad é Ciarraí, fiú mura bhfuil siad i mbarr a maitheasa faoi láthair.

Ba iad an sé phointe a bhí idir na foirne anuraidh an farasbarr is lú a bhí ag Ciarraí ar Thiobraid Árann ó chas siad ar a chéile i gcluiche ceannais na Mumhan i 1998. Bhí bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmauirce ag imirt an lá céanna agus bua ceithre phointe, 0-17 in aghaidh 1-10, ag Ciarraí.

Bhí leithéidí Maurice Quinlivan, Kevin O’Halloran, Peter Acheson agus Brian Fox uile ar fheabhas sa chluiche leathcheannais, ach más faoi Thiobraid Árann aon ghaisce a dhéanamh inniu, beidh orthu a bheith níos fearr fós ná mar a bhí siad in aghaidh Chorcaí.

rud éigin le cruthú ag Ciarraí chomh maith. Beidh díomá orthu fós faoin méid a tharla i gcluiche ceannais na sraithe agus beidh siad ag iarraidh a chruthú inniu go bhfuil siad ullamh do na cathanna atá rompu. Tá siad sa tóir ar Chraobh na Mumhan don cheathrú bliain as a chéile, rud nach bhfuil déanta ag Ciarraí ó Mick O’Dwyer sna 70í agus 80í.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'An samhradh tagtha agus Craobhacha Laighean agus na Mumhan tráthnóna againn…'