AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: A Chríost na Caide, fóir orainn!

An chispheil Ghaelach agus drochstaid na peile in Albain atá ag déanamh tinnis don Saighdiúir an tseachtain seo

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

An ionann peil Ghaelach agus an leagan is nuaí de chispheil? Sin an rud a rith liom agus mé ag amharc ar an chluiche idir Tum Eoghain agus Dim na nGall inné – mórchuid pasanna láimhe agus gannchuid ciceanna coise. Thit néal orm agus an dara leath ar siúl – chonacthas dom go raibh Dún na nGall i ndiaidh tiontú ina L.A. Lakers faoina n-éide gheal.

Bhí an pheil – nó an piolla mar a thugann lucht cispheile air – ina lámha ag duine amháin, ag an dara duine, ag an tríú duine, ag an cheathrú duine, ar ais go dtí an chéad duine. Trasna na páirce a cuireadh an liathróid. Trasna na páirce a cuireadh arís í.

Fan! Cad é seo – tá duine inteacht i ndiaidh cic a thabhairt don liathróid? An bhfuil sin ceadaithe? An bhfuil sin sna rialacha? Má tá, cad chuige nach ndéanann daoine níos minice é?

Is é an donas do Dhún na nGall nach raibh siad in ann Magic Johnson nó Kobe Bryant a chur chun páirce. Is mó seans go n-aimseodh siad an ciseán ná duine ar bith eile ar fhoireann Dhún na nGall.

Is fíor, is fíor ar fad, gur trí chúilín ó neamh a bhuaigh an cluiche do Thum Eoghain sa deireadh; ciceanna den scoth, ciceanna naofa beannaithe lán iontais. Ach, a Chríost na Caide, a raibh ann idir sin agus siúd!

Sea, is í an pheil Ghaelach an chispheil nua. Ná cuireadh tú an trioblóid ort féin amharc ar an chluiche go dtí an bomaite deiridh deiridh deiridh.

An mbeidh orainn deireadh a chur leis an phas láimhe leis an chos a shábháil?

An bhfuil Brendan Rodgers i mbaol? Pictiúr: INPHO/James Crombie
An bhfuil Brendan Rodgers i mbaol? Pictiúr: INPHO/James Crombie

Imps imníocha

Dúirt bainisteoir nua Cheiltigh Ghlaschú nárbh aon ábhar náire é an cluiche a chaill sé in éadan Imps Giobráltar, an fhoireann pháirtaimseartha peile. Sílim go raibh sé den bharúil gur cheart dúinn é a chreidbheáil. Bhí sé ar nós duine a dhíol carr leat ach gur thit an tóin as an charr a luaithe agus a shuigh tú ann. ‘Ná bíodh eagla ort. Deiseoidh mé é sin duit,’ a deir an ceannaí lena dhéad geal leat.

Shíl mé gur léiriú a bhí ann ar dhrochstaid pheil na hAlban go raibh ar sheaimpíní na tíre sin tús a chur lena bhfeachtas Eorpach sa réamh, réamh, réamh, réamhbhabhta den chomórtas is cáiliúla Eorpach. Ní raibh an ceart agam. Tá an pheil chomh holc sin anois in Albain go raibh orthu tús a chur lena bhfeachtas Eorpach sa réamh, réamh, réamh, réamhbhabhta, an cluiche sin a chailleadh agus a mbainisteoir leithscéal a dhéanamh as.

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: A Chríost na Caide, fóir orainn!'