‘An raibh a fhios agat go raibh an lá is fearr i mo shaol agam inniu, a Mhamaí?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá cleachtadh ag ár gcolúnaí ar ionsaithe gan choinne faoin tráth seo ach éiríonn leis na tíogarpháistí geit a bhaint aisti fós…

‘An raibh a fhios agat go raibh an lá is fearr i mo shaol agam inniu, a Mhamaí?’

Thosaigh an campa samhraidh an tseachtain seo agus tá na páistí imithe isteach in aisling aoibhnis ó shin. ‘An raibh a fhios agat go raibh an lá is fearr i mo shaol agam inniu, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom nuair a tháinig mé isteach an doras an lá cheana.

’Séard a tharla ar dtús ná gur léim sí anuas orm ó ráille an staighre agus bhéic ‘arrrrrrrrr’. Bhí péinteáil aghaidheanna acu ag an gcampa an lá sin agus is cosúil go raibh sí fós i gcarachtar.

Mar a tharlaíonn sé, tá cleachtadh maith agam ar ionsaithe gan choinne faoin am seo agus chuimhnigh mé ar mo chuid traenála. Leag mé lámh láithreach ar an mballa le mo thaobh agus dhaingnigh mé mo chosa fúm. Chosain mé mo chuid súl leis an lámh eile.

‘An raibh a fhios agat gur mé a bhí ann?’ a d’fhiafraigh sí ansin. Bhí a héadan clúdaithe le péint dhubh agus bán agus í cosúil le haisteoir amach as scannán zombaithe.

‘Ní raibh tuairim agam,’ a dúirt mé, creathadh ionam fós agus bun mo dhroma á chuimilt agam. Bhí súil agam píosa eile de mo shaol a chur díom gan maide coise agus níorbh aon chabhair é ionsaí na zombaithe dom. Tá mise i mo róbat,’ a mhínigh sí.  

‘Rarrr!’ a bhéic an Cailín Mór Beag go tobann, léim amach as a leaba dhearg agus thosaigh ag rith inár dtreo agus a lámha san aer aici. Bhí ‘paint face’ uirthi í féin, dath oráiste uirthise agus stríocaí dubha ar chaon phluc aici ar nós tíogair. Bhuail faitíos mé.

Chaithfeadh nach bhfuil a fhios cé mhéad airgid a chaitheann péintéirí aghaidhe ar phéint oráiste. Cuimhním ar lá samhraidh anuraidh a raibh bord ag péintéir aghaidhe ar Shráid na Siopaí.

Chonaic mé na sluaite tíogarpháistí ag imeacht tharam, éadain bheaga oráiste áthasacha orthu. Bhí a dtuismitheoirí ag siúl lena dtaobh, iad bán san aghaidh agus ag déanamh iontais, samhlaím, céard a bhí i ndán dóibh.

Thuig mé an tubaiste a bhí tite orthu. Pé ar bith cén seans atá agat leis na dathanna péinte eile, tá sé chomh maith agat a rá go bhfuil sé dodhéanta an phéint oráiste a bhaint den chraiceann. Súnn sí isteach ann agus tá barúil agam go ndéanann sé athruithe bunúsacha ar an struchtúr móilíneach. Scaití, ní thabharfaidh tú faoi deara é ach faoi sholas áirithe, ach beidh a fhios agat: bhí an duine sin ina tíogar lá.