An mbláthóidh an Ghaillimh ar deireadh i bPáirc Bhreifne?

An deireadh seachtaine seo, is é an cluiche idir an Cabhán agus an Ghaillimh i Roinn 2 na sraithe an ceann is suimiúla go mór is go fada

Connacht FBD Football League Round 2 11/1/2015 Galway  The Galway team stand for the National Anthem Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

As na cluichí go léir atá le himirt an deireadh seachtaine seo chugainn, is é an ceann i bPáirc Bhreifne idir an Cabhán agus an Ghaillimh i Roinn 2 na sraithe an ceann is suimiúla go mór is go fada.

Bhí tuairim mhaith againn nuair a thosnaigh an feachtas breis is dhá mhí ó shin go raibh Áth Cliath agus Ciarraí i gceann an tslua agus is beag atá tarlaithe ó dheireadh mhí Eanáir chun an tuairim sin a athrú. Bhí a fhios againn, chomh maith, ná stadfadh Dia ná duine Tír Eoghain agus iad ag iarraidh filleadh ar Roinn 1.

Bhí mioniontais agus móréachtaí i ndán dúinn i gcaitheamh an earraigh le leithéidí Ros Comáin ag buachtaint as baile ar Chiarraí agus ar Chorcaigh, Maigh Eo ag coimeád Áth Cliath fé bhun deich bpointe, Sligeach ag buachtaint sa Droichead Nua ar Chill Dara agus Aontroim ag buachtaint gach cluiche gan báide a ghéilleadh go dtí an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Chill Mhantáin.

Ach is ar an gcoimhlint idir an Cabhán agus an Ghaillimh a bheidh aird na ndaoine dírithe an deireadh seachtaine seo chugainn toisc go mbeidh sé i ndán don mbuaiteoir dul chun spairne leis na boic mhóra sa bhliain 2017.

Cé go ngeobhair scata sa dá chontae a déarfaidh leat nach bhfuil ceachtar den dá phainéal imreoirí ullamh don ndúshlán, deintear dearmad uaireanta gurb í an bhliain seo chugainn atá i gceist agus nach inniu ná amárach a chaithfidh an buaiteoir seoladh amach sa duibheagán. N’fheadar aoinne conas a bheidh faoi cheann trí ráithe ag an nGaillimh ná ag an gCabhán ach is é cluiche an Domhnaigh i mBreifne a leagfaidh an cúrsa amach dóibh.

B’fhéidir, leis, go mbeadh sé le rá nach bhfuil dóthain déanta ag an nGaillimh chun áit a bhaint amach i Roinn 1. Níl buaite acu ach dhá chluiche as na sé cinn atá imeartha go dtí seo acu. Ach tabhair faoi ndeara go mbuadh an dá cheann acu as baile i gcoinne Laoise agus Dhoire. Níl caillte acu ach aon chluiche amháin, in aghaidh Thír Eoghain i mBóthar na Trá i dtús mhí Feabhra. Ní raibh idir na foirne ach dhá phointe an lá úd agus, cé nach raibh sé tuillte ag an nGaillimh an lá céanna, bheadh comhscór bainte amach acu dá n-éireodh leo dhá cheann den cheithre iarracht déag amú a bhí acu a chur i bhfearas i gceart.

Trí cinn déag d’iarrachtaí a chuir an Ghaillimh amú ina gcluiche deireanach i gcoinne Fhear Manach agus fágann toradh an chluiche sin go bhfuilid críochnaithe ar chomhtharrac i dtrí cinn de chluichí as a chéile le seachtainí beaga anuas. Ba chóir go mbeidís cruaite chun catha ag a leithéid agus ainneoin iad a bheith ar an bhfoireann ab fhearr ó thaobh smachta sa ghleic ó thús na sraithe, beidh ceachtanna foghlamtha chomh maith acu ón seacht gcinn de chiceanna saora a ghéilleadar Dé Domhnaigh seo caite. Ní mó ná sásta a bhí bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh, leis an léamh a bhí ag réiteoir Mhaigh Eo, Jerome Henry, ar iarrachtaí cosanta na Gaillimhe ach ó tharla nár aimsíodh ach aon cheann déag d’iarrachtaí ó chiceanna saora ina gcoinne go dtí san, féadfaidh Walsh bheith sásta go maith leis an iarracht atá déanta aige ord agus eagar a chur ar chóras cosanta a fhoirne.

Beidh gá le smacht sa chosaint i gcoinne fhoireann an Chabháin atá ag cur rabhartaí móra scórála díobh ó chasadar an cúinne as baile i gcoinne na Mí ag deireadh na míosa seo caite. Tar éis a gcéad dhá chluiche a chailliúint, thosnaigh aiséirí an Chabháin le filleadh Sheanie Johnston ar an gcluiche idirchontae. Tá 3-16 aimsithe le ceithre chluiche anuas ag Johnston agus más amhlaidh go bhfuil sé gortaithe do chluiche an Domhnaigh (baineadh den bpáirc tar éis 12 nóimeat den dara leath Dé Domhnaigh é), beidh easnamh an-mhór i dtosaithe an Chabháin.  Más ann féin dó ar an nDomhnach, tabharfaidh Johnston tástáil mhaith do líne lánchúil na Gaillimhe agus le leithéidí Michael Argue agus David Givney isteach is amach ann, beidh idir ard is íseal ag déanamh mearathail do chúlaithe na Gaillimhe ar an lá.

Mar sin, agus an feachtas sraithe ag teannadh le deireadh do 75% des na foirne agus an chraobh ag tosnú thall i Nua-Eabhrac fé cheann míosa ar Lá Bealtaine, is dóigh liom go bhfuil éirithe leis an tsraith cuid de dhuairceas an gheimhridh a dhíbirt. Tá dóchas agus teacht aniar le braistint arís i gcontaetha áirithe agus misneach dá réir ag péacadh i measc na bhfoirne ar chuma na sabhaircíní fánacha atá le feiscint le laethanta beaga anuas.

Níl áit níos fearr go mbeidh san le feiscint ná i bPáirc Bhreifne Dé Domhnaigh agus tá rud éigin ag rá liom gurb iad na cuairteoirí is mó a bhláthóidh.

Fág freagra ar 'An mbláthóidh an Ghaillimh ar deireadh i bPáirc Bhreifne?'