An iomáint ar cuairt ar Pháirc Fenway ach i bPáirc Tom Semple a bheidh an cluiche is fearr

Beidh cluiche spéisiúil i bPáirc Fenway in Boston amárach ach ní gá aon fhógraíocht a dhéanamh faoi chluiche ceannais na Mumhan idir Baile Gunnair agus na Piarsaigh

An iomáint ar cuairt ar Pháirc Fenway ach i bPáirc Tom Semple a bheidh an cluiche is fearr

Pictiúr: INPHO/Emily Harney

Tá ár gcluichí ar camchuairt dhomhanda an deireadh seachtaine seo. Tá na peileadóirí fós san Astráil agus iad deich gcúilín chun deiridh roimh an dara cluiche agus tá ceithre fhoireann iománaíochta sna Stáit Aontaithe.

Super 11s an t-ainm atá ar an gcomórtas a bheidh á imirt i bPáirc Fenway in Boston amárach. Leagan iontach dár spórt atá i gceist agus an cluiche athraithe de bheagán chun go mbeadh sé in oiriúint do spás atá níos lú ná an ghnáthpháirc imeartha. Beidh dhá bhabhta leathcheannais ar dtús againn: Áth Cliath i gcoinne na Gaillimhe agus Tiobraid Árann in aghaidh an Chláir. Beidh na foirne ag imirt ar pháirc atá céad slat ar fhad agus caoga slat ar leithead. 

Go bunúsach tá na rialacha mar a chéile leis an ngnáth-iománaíocht ach baineann na hathruithe leis an scóráil. Níl aon chúilíní ceadaithe. Tá zón scórála ar an dá thaobh agus is fiú trí chúilín cúl a aimsítear laistigh den zón sin. Is fiú cúig chúilín cúl ó lasmuigh den zón. Tá fiche nóiméad i ngach leath agus imreofar na trí chluiche ceann i ndiaidh a chéile agus pocanna pionóis a bheidh ann má bhíonn comhscór i gceist.

Spéisiúil go leor beidh TMO ar dualgas agus beidh ‘sin bin’ ann. Beidh cead freisin ag imreoirí poc saor a thógáil ar an bpointe boise (sórt ‘tap agus imigh’). 

Dar ndóigh beidh TG4 ann agus rí na dtráchtairí Brian Tyers ag cur síos go  bríomhar samhlaíoch ar an aicsean.

Ach ní fheadar mé an mbeadh CLG níos fearr as a bheith ag scaipeadh scéal na hiománaíochta timpeall na tíre anseo sa bhaile. 

Ní gá aon fhógraíocht a dhéanamh faoi chluiche mór an lae amárach i gceantar na bPiarsach i Luimneach ná i mBaile Gunnair i bPort Láirge. Tabharfaidh na foirne seo aghaidh ar Pháirc Tom Semple amárach agus iad ag súil corn shinsir na Mumhan a thabhairt leo abhaile. Níl aon dabht ach go bhfuil an dá fhoireann is fearr sa chúige sa chluiche ceannais againn. Trí chraobh na Mumhan agus ceithre chraobh contae atá buaite ag na Piarsaigh le deich mbliana anus. Ceithre chraobh contae i ndiaidh a chéile agus craobh amháin eile, in 2011, atá buaite ag Baile Gunnair le linn na tréimhse céanna.

Tá na Piarsaigh thar a bheith láidir ó cheann ceann na páirce agus an fhoireann breac le réalta idirchontae agus le himreoirí a bhfuil boinn uile-Éireann faoi fiche a haon agus dá gclub acu.

Fiú agus gan Shane Dowling acu tá na tosaithe dainséarach rud a bhí an-soiléir sa chluiche deireanach nuair a fuair siad 2-26 i gcoinne na Carraige Duibhe as Corcaigh.

Ach tá Baile Gunnair i mbarr a maitheasa freisin. D’imríodar ocht seachtaine i ndiaidh a chéile ar aistear na bliana seo. Bhuadar ar Sháirséalaigh Dhurlais in eipic cheart agus dar ndóigh bhí coimhlint dhian acu sa chluiche leathcheannais i gcoinne Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh. Agus sos coicíse acu ba chóir go mbeadh siad ullamh do chath an lae amárach.

Beidh tionchar mór ar an imirt ag Pádraig Ó Mahony agus Rónán Lynch, na himreoirí a mbeidh dualgas na bpocanna saora orthu. 

Caithfidh nach mbeidh mórán idir na foirne ag an deireadh agus ní bheidh aon easpa díograise ná spride sa chluiche seo. Ach tá idir thaithí agus réalta ag na Piarsaigh, agus nuair a bheidh deireadh déanta is dóigh gurb iad buachaillí Luimnigh a bheidh ag ceiliúradh agus Corn Uí Néill ina seilbh.

Fág freagra ar 'An iomáint ar cuairt ar Pháirc Fenway ach i bPáirc Tom Semple a bheidh an cluiche is fearr'