An ‘Glenanne Gang’ agus an claonpháirteachas – an choir nach féidir a scuabadh ar shiúl

Tá an Ard-Chúirt ag dul i ngleic le ceann de scannail mhóra na dtrioblóidí - easpa fiosraithe ar ‘Glenanne Gang’ an UVF agus a gclaonpháirtithe san RUC agus san UDR

An ‘Glenanne Gang’ agus an claonpháirteachas – an choir nach féidir a scuabadh ar shiúl

Rialú suntasach ab ea cinneadh na hArd-Chúirte i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite gur theip an PSNI ina dhualgas faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i dtaca le claonpháirteachas a fhiosrú. Cháin an breitheamh Seamus Treacy an t-iarPhríomh-Chonstábla, Matt Baggott, as stop a chur le fiosrú éifeachtach faoi chlaonpháirteachas na bhfórsaí slándála le drong mharfach Ghleann Anna nó an ‘Glenanne Gang’. Tháinig Baggott salach ar an dlí faoi Airteagal 2 den choinbhinsiún nuair a chuir sé stop le scrúdú uileghabhálach an HET, a dúirt an breitheamh. D’ordaigh sé fiosrú nua.

Maítear go raibh an drong dhílseach a ghníomhaigh as teach feirme i nGleann Anna i gContae Ard Mhacha freagrach as breis is céad dúnmharú sna 1970idí agus 80idí. Bhí baill den UDR (reisimint logánta d’Arm na Breataine) agus comhaltaí den RUC i gcomhghuaillíocht leis an UVF i lár Uladh sa bhuíon a luaitear le huafáis ar nós buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin.

Is i dtriantán an áir nó an ‘murder triangle’ i lár agus tuaisceart Chontae Ard Mhacha agus in oirthear Thír Eoghain a chothaigh an drong sceon i measc Chaitliceach ar feadh deich mbliana. I measc na ndaoine a mharaigh siad bhí baill an Miami Showband, muintir Reavey, Denis Mullen, ball aitheanta den SDLP agus an gasúr 13 bliain d’aois, Patrick Barnard.

Maraíodh Patrick agus gasúr eile, James McCaughey a bhí ag súgradh ar an tsráid i nDún Geanainn Lá ’le Padraig 1976 nuair a phléasc buama i gcarr taobh amuigh den Hillcrest Bar. Maraíodh Joseph Kelly sa teach tábhairne agus maraíodh Andrew Small a bhí ag dul thar bráid ar a bhealach abhaile ón Aifreann.

Ba é Edward Barnard, deartháir le Patrick, a d’iarr an t-athbhreithniú breithiúnach dhá bhliain ó shin. Theastaigh uaidh go ndearbhódh an Ardchúirt nár fiosraíodh bás a dhearthár ná ról dhrong Ghleann Anna i gceart; mhúscail an fhianaise faoi chlaonpháirteachas ceisteanna dlisteanacha faoi ról an stáit. Mhaígh sé gur theip ar an HET (fiosrú ar choireanna stairiúla) an tuairisc uileghabhálach faoi eachtra an Hillcrest Bar agus claonpháirteachas le buíon Ghleann Anna a sholáthar. Thairis sin theip ar an PSNI bailchríoch a chur ar an scrúdú a bhí cóir a bheith críochnaithe ag an HET nuair a baineadh an cúram díobh, dar leis. D’éiligh sé rialú cúirte a chuirfeadh ar ceal cinneadh an PSNI nach ndéanfaí tuairisc uileghabhálach ar chlaonpháirteachas le drong Ghleann Anna.

Ina rialú dúirt an Breitheamh Seamus Treacy go raibh ionchas dlisteanach ag gaolta na ndaoine a maraíodh san ionsaí ar an Hillcrest Bar go bhfoilseodh an HET cuntas uileghabhálach ar an eachtra agus ar na naisc idir í agus ionsaithe eile dhrong Ghleann Anna. Chinn an breitheamh chomh maith gur athrú polasaí i dtaca leis an bhfiosrú is lú atá dlite don saoránach ab ea cinneadh an Phríomh-Chonstábla Baggott go n-aistreofaí an obair ón HET chuig roinn den PSNI, go raibh an beart sin ar neamhréir le riachtanais chearta daonna agus gur chinntigh sé nach raibh seans ar bith ar fhiosrú críochnúil ar na cásanna a luaitear le marfóirí Ghleann Anna.

Ba í an cheist arbh ionann an méid sin agus mí-úsáid chumhachta. ‘Is ionann éagóir shuntasach agus mí-úsáid chumhachta de réir fasaigh,’ a dúirt an breitheamh. Éagóir shuntasach ab ea é seo, ar sé, ó chreid an t-iarrthóir go ndéanfaí fiosrú ar deireadh ar dhúnmharú a dhearthár féachaint an raibh feidhmeannaigh stáit claonpháirteach ann; níor deineadh agus níl áisíneacht ar bith ag tabhairt faoi anois. Nuair a d’fhógair an PSNI nach scrúdóidís claonpháirteachas baineadh an bonn ar fad ó ghealltanas an HET go bhfiosrófaí coireanna stairiúla chun ceisteanna na dteaghlach a fhuascailt.

D’ordaigh an breitheamh fiosrú neamhspleách leis na hacmhainní riachtanacha ar fad. Anuas air sin d’ordaigh sé go socrófaí na téarmaí i gcomhar leis na teaghlaigh roimh dheireadh Mheán Fómhair. Chífimid.

Ní thógfadh éinne ar na teaghlaigh é má bhíonn amhras orthu an bhfaighidh siad a gcearta as an chéad chéim eile. Mar a dúirt an breitheamh ’sé príomh-éileamh na ngaolta na sonraí faoin gclaonpháirteachas a aithint go hoifigiúil agus a dhul i ngleic leo. Is beag seans go bhfaighfear deimhniú gur cleachtas stáit ab ea an claonpháirteachas mar a líomhain an t-iarrthóir sa chúirt.

Sa tseachtain a rabhthas ag comóradh na ndaoine a maraíodh i gClóidigh nuair a d’fhág an tIRA buama ansin gan foláireamh, tá roinnt ag rá go bhfuil iomarca béime ar choireanna sheirbhísigh an stáit. ’Sí fírinne an scéil go bhfuil cibé eolas atá uathu dlite do ghaolta na marbh bíodh an tIRA, UVF, UDA, INLA nó fórsaí stáit freagrach. Sa mhullach air sin níl aon ghá le muinín i bparaimíleataigh ach tá sé thar a bheith riachtanach go mbeadh na daoine a chuireann an dlí i bhfeidhm iontaofa. Dá bhrí sin caithfear a dhul i ngleic le smál an chlaonpháirteachais; dá mhéad iad na hiarrachtaí a dhéantar chun é a cheilt is ea is measa an boladh bréan uaidh.

Fág freagra ar 'An ‘Glenanne Gang’ agus an claonpháirteachas – an choir nach féidir a scuabadh ar shiúl'