An frithsheimíteachas is déanaí ba chúis le go leor den ghránnacht a caitheadh le Ibrahim Halawa ar na meáin ghránna shóisialta

Tagann crith cos agus eile ar dhaoine nuair a luaitear an aidiacht ‘Moslamach’ le rud ar bith. Is é an frithsheimíteachas is déanaí é…

An frithsheimíteachas is déanaí ba chúis le go leor den ghránnacht a caitheadh le Ibrahim Halawa ar na meáin ghránna shóisialta

Tá sé ráite go mbeidh Ibrahim Halawa ag teacht abhaile go luath. Sin é a chreidtear go forleathan abhus. B’fhéidir é. Ach táthar ann a ghéillfidh dó nuair a bheidh sé ar bord eitleáin agus é seolta amach thar chríocha aerspás na hÉigipte.

Tá gach aon chúis gur cheart go mbeadh amhras éigin orainn go fóill. Tar éis an tsaoil chaith sé ceithre bliana sa charcair ar son coire nár choir in aon chor í ach aithris mhagaidh uirthi. Is fiú a chur os ard arís gurb amhlaidh go raibh sé ag léirsiú in aghaidh rialtais a ghabh cumhacht le coup míleata i gcoinne an réimis roimhe sin a toghadh go daonlathach.

Agus nach é sin atá ó rialtais an Iarthair ar fad, go mbeadh rialtais tofa go daonlathach ar fud an domhain Arabaigh, ón Mharacó thiar go dtí an Iaráic thoir? Nach ea? Nach é sin atá uainn? Lándáiríribh, laidhc? Toil an phobail, guth na ndaoine, flaitheas an pháipéir bhallóide? Nach ea? Gan aon mhagadh anois. Nach é sin is mian le cách?  Ach amháin nuair a thoghtar rialtas de chuid an Bhráithreachais Mhoslamaigh, gan amhras.

Tagann crith cos agus eile ar dhaoine, áfach, nuair a luaitear an aidiacht ‘Moslamach’ le rud ar bith. Is é an frithsheimíteachas is déanaí é. Níl cead ag aon duine a bheith frithGhiúdach, rud atá lancheart, agus níos sia níos cirte amach, ach níl aon fhadhb ann a bheith glan i gcoinne na Seimiteach eile, Arabaigh Mhoslamacha.

Ba chuige sin go leor den ghránnacht a caitheadh le Ibrahim Halawa ar na meáin ghránna shóisialta. Tugadh gach ainm faoin spéir agus os a cionn air, agus b’éigean cuid den lofacht a bhaint anuas bhí chomh bréan sin. Ar an gcuid is lú de, cuireadh ina aghaidh toisc nárbh ‘Éireannach’ le ceart é, go raibh sé i láthair ag léirsiú ‘mídhleathach’, gur maíodh go ndúirt sé gurbh í an Éigipt a thír le ceart, agus as sin suas go dtí líomhaintí eile nach leofaí a lua arís. Fág as an áireamh an comhthéacs damanta sin ina raibh sé ag caint. Ní déarfadh aon duine againne aon rud thar chailc amach ag léirsiú polaitiúil, an ndéarfadh?

Ach baintear an ghearb den mhéid sin ar fad, na leithscéalta milse mar dhea, agus thíos faoi i measc na nathracha nimhe agus an bhruscair aigne agus scodal na meabhrach tá an frithsheimíteachas sin a mhúsclaítear nuair a luaitear an focal Moslamach, nó Ioslam. Tar éis an tsaoil cad í an obair atá ag a athair anseo abhus, agus nár bhall den Bhráithreachas Moslamach é siúd, leis? Peaca an athar le leagadh ar an mac, mar a deir na leabhair sin a scríobhadh sa ghaineamhlach fadó. Nach ait go ngéilltear fós dóibh, scríbhinní sin na n-aoirí caorach agus gabhar?

Leor sin. É damnaithe siar síos ina dhubhán Allah. Buailtear an clog, agus seo chugainn amach iad agus cúr lena mbéal Al Queda agus ISIS agus an Taliban agus fir le féasóga. Leor sin, an focal Moslamach.

Ach, fóill orainn ar feadh nóiméid. Cé a bhuaigh an toghchán sa Ghearmáin an tseachtain cheana? Is ea, Angela Merkel. Agus cén páirtí polaitíochta atá aici?  Is ea arís, An tAontas Daonlathach Críostúil. Cad tá á dhéanamh ag an bhfocal ‘Críostúil’ i dteideal pháirtí polaitiúil ar bith? An bhfuil siad ag iarraidh nócha is a cúig téis Mhártain Liútar a chur i bhfeidhm? Nó do-earráideacht an Phápa? An naoú haithne?

Agus nach raibh caint ag na Léinte Gorma go gcaithfeadh siad an lipéad breá fineghaelach sin uathu tráth den saol, agus go mbeadh ‘críostaithe daonlathacha’ éigin orthu? Glacaim leis go mbeadh sin ró-sheanfhaiseanta ar fad ar fad ar fad ar fad anois.

Is é sin le rá, is ródhócha go bhfuil an focal ‘Críostúil’ chomh scaoilte uisciúil leathanbholgach i bpáirtithe polaitiúla na hEorpa agus atá ‘Moslamach’ go minic sna tíortha sin ina bhfuil reacht Mhahamad i réim.

Agus ar eagla gur dóigh leat gur eisceacht shingilte aonair é aontas seo Mherkel, tá páirtithe a bhfuil ‘Daonlathas Críostúil’ nó leagan éigin de orthu le fáil san Ísiltír, sa tSeirbia, sa tSualainn, sa Mholdóiv, san Iorua, san Úcráin, gan ach an chaolchuid a lua, cuid acu sa rialtas, cuid eile mór agus cumhachtach agus glórach.

Cad é sin a dúirt Seimiteach féasógach éigin mar gheall ar an dúradán i súil do bhráthar agus an tsail id shúil féin?