An Foclóir Beag ar fáil anois ar líne agus le seoladh ag an Oireachtas

Seolfar áiseanna nua teanglann.ie agus focloir.ie go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest

An Foclóir Beag

An Foclóir Beag, an t-aon fhoclóir Gaeilge-Gaeilge atá ar fáil go forleathan, anois ar fáil ar shuíomh teanglann.ie in éineacht le foclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe. Is féidir cuardach leictreonach a dhéanamh ar na focail atá san fhoclóir sin chomh maith leis na háiseanna eile atá ar an suíomh.

Rinneadh mionleasú ar na leideanna gramadaí atá san fhoclóir agus tá siad anois ar aon dul leis na leideanna atá ar fáil ar tearma.ie. Cuireadh ‘bain’ in áit ‘b’ taobh le focail bhaininscneacha sa leagan nua leictreonach.

Bhí fáil ar leagan digitithe den Fhoclóir Beag cheana féin ar shuíomh a chruthaigh Ollscoil Luimnigh roinnt mhaith blianta ó shin ach tá léamh profaí agus glantachán déanta ar an leagan nua seo agus é ar fáil san áit chéanna le hacmhainní foclóra eile Fhoras na Gaeilge.

Seolfar An Foclóir Beag ar shuíomh teanglann.ie go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest Dé hAoine i Seomraí Silken Thomas. Tá aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, atá ar fáil le cúpla lá anuas, le seoladh ag an Oireachtas freisin, ag a 8 a chlog anocht.

Tá costas €4.99 ar an aip agus é ar fáil do ghléasanna Apple agus Android araon. Is féidir an aip a úsáid beag beann ar cheangal idirlín; tá an t-ábhar ar fad ar fáil as líne ach amháin na comhaid fuaime.

Is féidir na feidhmeanna ar fad atá ar fáil ar an leagan gréasáin den suíomh a úsáid ar an leagan aipe chomh maith le dhá fheidhm nua: ‘na focail is fearr liom’ agus ‘cuardaigh [a rinneadh] le déanaí’. Is féidir liosta a dhéanamh de na hiontrálacha is fearr leat agus liosta de na focail a chuardaigh tú le déanaí a fheiceáil leis an dá fheidhm nua seo.

Tá feidhmeanna eile ar na bacáin don chéad leagan eile den aip a fhoilseofar go luath sa bhliain 2016. Beidh úsáideoir in ann, mar shampla, focail a chuardach trí Google Voice seachas iad a chlóbhualadh isteach. Beidh ‘cnaipe roinnte’ agus ‘cuardach casta’ mar chuid den uasdátú céanna.

Fág freagra ar 'An Foclóir Beag ar fáil anois ar líne agus le seoladh ag an Oireachtas'