An dream a bhíonn ag gearán faoi theifigh, caithidís súil ar a stair féin…

Tá scata againn sa tír seo, tú féin ina measc, seans, gur de shliocht teifeach sinn

An dream a bhíonn ag gearán faoi theifigh, caithidís súil ar a stair féin…

I ndúluachair an gheimhridh 1848/49, bhí pobal Chorca Dhuibhne fé shúistí an ocrais agus an ghalair. Mar bharr ar gach donas bhí sé de mhí-ádh ar scata acu go raibh tiarna talún gan trua gan taise acu – Lord Ventry.

Thapaigh Ventry an deis a bhí faighte aige de dheasca teirce agus uireasa an cheantair chun an chosmhuintir a ghlanadh óna chuid talún. Mar shampla, laistigh de choicís agus 1849 á dhéanamh de 1848, dhein sé 107 teaghlach, nó 532 duine, a dhíshealbhú ó Chathair a’ Treantaigh, Cathair Caoin, Na Cluainte, Dún Sídhean agus ón gCeapaigh, iad caite amach ar an mbóthar gan rompu ach an t-ocras.

Tá taighde agus clárú á dhéanamh ar eachtraí dá leithéid ag togra nua atá ar fáil anseo ar irishfaminevictim.com.

Is é aidhm Togra Díshealbhuithe An Ghorta Mhóir, atá á chomhordú ag an Dr. Ciarán Reilly, ná fianaise a bhailiú i dtaobh na ndaoine ar fad a díshealbhaíodh i rith an Ghorta Mhóir, an fhianaise sin a mhapáil agus a chur ar fáil ar líne. Go nuige seo tá os cionn 400 eachtra díshealbhaithe ó cheann ceann na tíre, bailithe ag an meitheal, agus gan an togra ach ina thús.

Chuirfeadh cuid de na tuairiscí uafás i lár do chroí. Nuair a glanadh Baile na bPoc i bparóiste Mórdhach i Márta na bliana 1848, iompaíodh amach sé theaghlach agus fiche, ina raibh 133 fear, bean agus leanbh – Conchúraigh, Cinnéidigh, Glastair, Mórdhaigh, Grífínigh, Muircheartaigh.

D’athraigh eachtraí mar seo sochaí an cheantair ó bhonn; bhí teaghlaigh ag bogadh ó threibh is ó chóngas ag lorg paiste úr ina gcuirfidís fúthu (tráth an ama seo a gabh mo shinsir féin ó Lios na Caolbhuí sa Leitriúch siar go Dún Chaoin), teaghlaigh eile á scoilteadh agus ag tabhairt fé Thigh na mBocht, tuilleadh fós ag dul thar toinn.

Feictear rian an díshealbhaithe seo, i dteannta  lorg an ocrais agus an ghalair, i bhfigiúirí daonáirimh na bliana 1851; ana-chuid bailte ina raibh fiche nó tríocha teaghlach in 1841 i dtaobh le teaghlach nó dhó, nó bánaithe ar fad, deich mbliana ina dhiaidh sin.

Tá tábhacht ar leith ag baint le tograí mar seo, go háirithe ar na saolta seo. Ní hamháin go dtugann siad léargas dúinn ar stair agus ar oidhreacht ár muintire, agus go deimhin ar stair agus oidhreacht chóras na dtiarnaí talún, na hathmháistrí agus na prócadóirí, ach tugtar léas dúinn ar shochaí agus pobail an lae inniu, go háirithe na pobail tuaithe.

Níos tábhachtaí ná sin, seans, ba cheart go dtabharfadh an t-eolas seo tuiscint níos fearr dúinn ar conas déileáil le cuid de cheisteanna móra ár linne.

Teifigh ab ea na daoine a díshealbhaíodh i rith an Drochshaoil; iad ag teitheadh ó chruatan, ón leatrom agus ó chóras a dhein ainmhithe fodhaonna díobh.

Theitheadar, gan faic acu ach na giobail a bhí á gcaitheamh acu, thar teorainn go dtí na paróistí eile máguaird, go dtí tailte ina raibh tiarnaí talún ní ba thuisceanaí, nó isteach i gcóras Thithe na mBocht, nó thar farraige go tíortha deoranta, má bhíodar in acmhainn a dhéanta, agus iad dall ar chultúr na tíre agus balbh ar theanga na háite.

An gcuireann siadsan aon dream i gcuimhne dhuit?

Nuair a chloiseann tú daoine ag cuir a gcosa beaga uathu ag tabhairt amach fén líon (suarach) teifeach atá ag teacht chugainn ón meán-oirthear, cuir é sin i gcuimhne dóibh.

Nuair a deirtear leat go bhfuil córas an tsoláthair díreach maith go leor do theifigh, cuimhnigh ar an soláthar díreach a fuair ár sinsir. Nuair a bhíd ag tabhairt amach fé imircigh ag teacht go hÉirinn, ‘ag goid ár bpostanna’ nó ag iarraidh éalú ón mbochtanas agus ón ngannchúis, cuir i gcuimhne dóibh é.

Agus nuair a chloiseann tú daoine ag cáineadh na dteaghlach atá ag lorg fóirithinte ón Stát, iad ag iarraidh leanaí a thógaint i seomraí beaga óstán, “nuair ar cheart dóibh dul amach agus aire a thabhairt dóibh féin”, cuir i gcuimhne dóibh é.

Is de shliocht teifeach scata againn – tú féin ina measc, seans. Ní cás cuimhneamh ar sin.

Tá scata againn sa tír seo, tú féin ina measc, seans, gur de shliocht teifeach sinn.