An bhfuil ár ndaonnacht á scuabadh ar shiúl, giolc ar ghiolc, postáil ar phostáil?

Tugann ár léirmheastóir do dhúshlán leabhar nua Eva Hoffman, How to be Bored a léamh ó thús deireadh – agus gach aon ghléas leictreonach a mhúchadh ar feadh an ama

An bhfuil ár ndaonnacht á scuabadh ar shiúl, giolc ar ghiolc, postáil ar phostáil?

Tosaíonn muid ag an deireadh. “There are many ways to live; but to live meaninglessly is to miss your life,” a scríobhann Eva Hoffman in leabhar, How to be Bored (Macmillan, £7.99). Aithneoidh an léitheoir láithreach macalla de chuid an fhealsaimh Ghréagaigh, Sócraitéas, sa líne sin aici; an moladh sin a rinne sé nárbh fhiú tada an “saol gan scrúdú”.

Ní hiontas é go mbeadh Hoffman faoi thionchar an fhealsaimh nó is leabhar é seo atá scríofa faoi choimirce The School for Life, tionscnamh fealsúnachta a bhunaigh Alain de Botton, fealsamh, le “radical ways to help us raid the treasure trove of human knowledge”.

Anois, bhuel, is i bhfad ó treasure troves a tógadh mórán againn agus bíodh is nach réitíonn an Béarla mórchúiseach liom, taitníonn an leabhar liom. Tá dóigh dheas shéimh ag Hoffman i mbun pinn. Mothaíonn tú gur i gcuideachta carad atá tú; gur luachmhar atá an t-agallamh beirte seo idir údar agus léitheoir. (Nach ar Shócraitéas a bheadh bród?!)

Is í a téis go bhfuil muid uilig róghnóthach san oifig gháifeach; go gcaitheann muid barraíocht ama agus i bhfad barraíocht ama ag plé le gutháin chliste, le ríomhairí, le suíomhanna sóisialta ar líne. Tá ár ndaonnacht, ár gcumas chun daonnachta, ár bhfonn chun daonnachta, ár dtoil chun daonnachta, ár dtuigse ar dhaonnacht, á scuabadh ar shiúl, giolc ar ghiolc, postáil ar phostáil. Níl tuigse mar is ceart againn orainn féin mar neachanna sóisialta níos mó. Tá muid ag éirí as an chaint bheo, béal le béal, agus ag titim isteach i líonraí balbha, méar ar mhéar.

Tá muid gafa i dtírdhreach íomhánna agus fuaimeanna atá ár ruaigeadh chun uaignis. Bíodh is gurb áis í an nuatheicneolaíocht – tá tú á léamh seo ar líne – baineann contúirtí nach beag leis an réimse.

(Ní doiligh an méid sin a Ghaelú. Lá den saol, bhí eagla ar bhunadh na Gaeltachta go bhfuadódh na daoine beaga, an slua sí, an leanbh as an chliabhán. Ní thugann muid faoi deara go bhfuil an fuadach déanta cheana féin ach gurb é an gléas beag leictreonach inár mbois atá ár dtarraingt ar shiúl ó chuideachta dhaonna agus nach fada go ndruidfidh doirse an leasa inár ndiaidh!)

Is é moladh Hoffman gur chóir dúinn na gléasanna a chur i leataobh agus cur i gcuimhne dúinn féin gur d’fheoil agus d’fhuil atá muid déanta; go bhfuil céadfaí againn nach n-úsáideann muid mar is ceart níos mó. Tá an t-am againn machnamh faoinár gcroí, sos a thógáil agus an radharc atá os comhair ár súl – daoine agus dúlra – a bhreathnú as an úr.

Tá an t-am againn cur i gcuimhne dúinn féin go mbíonn muid ag análú ar feadh an lae, gur luachmhaire muid, gur cumasaí muid mar dhaoine de chuid an chine dhaonna ná mar thomhaltóirí de chuid an chine cheannaithe.

“To put it simply, I want to remind us of what the early philosophers understood so well: the value and salutary power of reflection and self-knowledge. These are worth developing for their own sake; but I believe they are also necessary if we are to replace the excitement of hectic and sometimes aimless activity with full consciousness and purposeful engagement,” a scríobhann Hoffman.

Ní leabhar mór atá scríofa ag Hoffman ach is fiú go mór é. Tugaim do dhúshlán an leabhar a léamh ó thús deireadh – agus gach aon ghléas leictreonach a mhúchadh ar feadh an ama.  Má tá tú ábalta!