An bhfuil aon bhunús le maíomh na ‘spiairí’ gurbh iadsan a thug ar an IRA éirí as an bhforéigean?

An bhfuil feachtas bolscaireachta ar siúl ag lucht faisnéise chun cuma na maitheasa a chur ar an gcogadh salach?

An bhfuil aon bhunús le maíomh na ‘spiairí’ gurbh iadsan a thug ar an IRA éirí as an bhforéigean?

‘Bhuamar cath na faisnéise ach bhuaigh an tIRA cath na bolscaireachta,’ arsa iarcheannaire ar bhrainse speisialta an RUC ar chlár de chuid Spotlight an tseachtain seo. Ag déanamh gaisce as tionchar spiairí na Breataine le linn na dtrioblóidí a bhí Raymond White.

Dúradh sa chlár Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann gurb é cogadh rúnda na seirbhísí faisnéise faoi ndear próiseas na síochána. Ní hamháin gur maíodh go rabhthas in ann a theacht salach ar ionsaithe an IRA a bhuíochas do spiairí i measc na bparaimíleatach, ach mhaígh lucht faisnéise freisin go raibh gníomhairí dá gcuid in ann tionchar a imirt chun iad a iompú ar bhealach na síochána.

Ba é seo an clár céanna inar líomhnaíodh gur cheadaigh Gerry Adams marú an spiaire Denis Donaldson in 2006. Fear a dúirt go mba ghníomhaire é san IRA agus Sinn Féin a rinne an líomhain. Ní mór a rá nár sholáthair sé fianaise ar bith mar thaca leis an ráiteas sin, agus tá na líomhaintí séanta go tréan ag Uachtarán Shinn Féin.

Ní ar an ábhar sin a theastaíonn uaim díriú inniu ach ar an gceist níos leithne faoi éifeacht na spiairí, bíodh an tionchar a bhí acu olc, maith nó idir eatarthu.

Beidh na ceisteanna sin faoi dhianscrúdú ag an bhfiosrú ar Stakeknife faoi cheannas Jon Boutcher, Ard-Chonstábla na bPóilíní i Bedfordshire. D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Barra McGrory, anuraidh go bhfiosrófaí 24 dúnmharú a luaitear le Stakeknife, an gníomhaire ba shinsearaí de chuid na Breataine san IRA.

Glactar leis gurb é an t-iarchomhalta den IRA, Freddie Scappaticci, an spiaire Stakeknife (shéan seisean an méid sin ach tugadh an chluas bhodhar dó).

Bhí ‘Scap’ mar a thugtaí air i bhfeighil an ghrúpa san IRA a ‘chúisigh’ agus a mharaigh baill den eagraíocht a bhí ina ngníomhairí ag na fórsaí slándála. Uafás a chonacthas i bhfad rómhinic ab ea an corp caite i gclais nó le hais an bhóthair, ceangal na gcúig gcaol air, púicín air agus piléar i gcúl an chinn. B’in an ghnáth-íde a tugadh do spiaire san IRA. Meastar go mbeidh leathchéad cás le fiosrú ag Boutcher agus a fhoireann.

Cé is moite de Stakeknife, go bhfios dúinn, ba  é Denis Donaldson an feidhmeannach ba shinsearaí de chuid na Sealadach – idir IRA agus Shinn Féin – a bhí ina bhrathadóir.

Maíonn lucht faisnéise gurb é príomhról Donaldson tionchar a imirt ar phoblachtánaithe chun iad a bhogadh i dtreo na síochána. Cá bhfios?

Is cuid é sin den insint gur ar mhaithe leis an leas poiblí a baineadh úsáid as gníomhairí. Deir an feisire Parlaiminte Jeffrey Donaldson ón DUP go bhfuil seisean beo inniu, a bhuíochas do ghníomhaire a thug foláireamh dó faoi ionsaí a bhí beartaithe air. Ní fheadar cé mhéad duine eile a sábháladh.

Beagnach 25 bliain ó shin, mhaígh oifigeach faisnéise sinsearach sa chúirt i mBóthar Chromghlinne i mBéal Feirste gur shábháil a ghníomhaire san UDA, Brian Nelson, beatha an iliomad daoine. Dúirt an finné, a bhí ceilte ag scáthlán agus nár tugadh a ainm, gur 217 duine a bhí i mbaol a n-ionsaithe a bhí i gceist.

Tháinig sé chun solais le linn fiosrú Stevens faoin mbaint a bhí ag Nelson le dúnmharfóirí Pat Finucane, gurbh é Gordon Kerr, briogáidire a bhí freagrach as seirbhís faisnéise Arm na Breataine, an fínné sin.

Ciontaíodh Nelson as a ról i gcúig chomhcheilg chun daoine a mharú. Tá a fhios freisin go raibh baint ag gníomhairí thar ceann gach eite de na seirbhísí faisnéise le marú Pat Finucane.

Chaithfí a bheith an-soineanta a chreidiúint gur eisceachtaí iad Stakeknife agus Nelson. As 800 gníomhaire a maítear a bhí sna paraimíleataigh i mBéal Feirste amháin, cén líon acu a bhí ag cur stop le hionsaithe? Cén líon a bhí ag gríosú daoine chun foréigin (mar a tharla i gcás mharú Pat Finucane) agus cén líon a bhog daoine i dtreo na síochána?

Ba iad na daoine sin agus a lucht bainistíochta na saighdiúirí rúnda sa chogadh faisnéise a bhuaigh an Bhreatain, dar le Raymond White. Táim cinnte gur bhailigh siad faisnéis. Ach céard le n-aghaidh? Cén tairbhe a baineadh aisti? Cén mhaith an t-eolas murar baineadh úsáid as ar mhaithe leis an bpobal?

An bhfuil feachtas bolscaireachta ar siúl ag lucht faisnéise chun cuma na maitheasa a chur ar an gcogadh salach? Nuair a fhéachann tú ar an méid a insíodh i dtuairiscí Stevens agus Da Silva – d’ainneoin go leor eolais a bheith scriosta amach – ní féidir ach a bheith amhrasach faoi ‘thairbhe’ chath na faisnéise. Má fíor go ndearna na spiairí leas an phobail, cé is moite de chorrchás, níl an méid sin cruthaithe.