‘An bhfaighidh an Ghaeilge bás in Árainn go deo? Is é mo mheas nach bhfaighidh’ – An Piarsach in 1898

Chaith Pádraig 'lá agus mí' in Oileáin Árann agus é 18 bliain d'aois. Foilsítear anseo an tuairisc ar an gcuairt sin a scríobh sé don irisleabhar 'Fáinne an Lae'. Pictiúr: Conradh na Gaeilge

KM_C454e-20160428143347

154                                                                Fáinne an Lae                                     Samhain 19, 1898

Cuairt ar Árainn na Naomh

Nuair a chuir mé romham an páipéar seo a scríobh is é a bhí ceaptha agam beagáinín beag cainte a chur síos le bhur n-aghaidh. Ach is mór an dearmad a bhí orm. Tháinig na smaointe agus na focail i ndiaidh a chéile gan stopadh gan stad agus ba ghearr go raibh páipéar fada curtha le chéile agam agus é gan tús gan tóin gan bhrí gan chéill. Ach is é mo mheas go mb’fhearr libh an páipéar féin, dá olcas, ná leithscéal ar bith. “Is fearr drochscéal ná dada.”

Mar atá a fhios agaibh go léir thug mé cuairt ar Oileáin Árann i rith an tsamhraidh seo a ghabh tharainn. Ghluais mé as Baile Átha Cliath ar a naoi a chlog maidin bhreá agus ní raibh mórán lae ann nuair a shroich mé Gaillimh. Iar dteacht den traein dom is é an chéad rud a rinne mé mo mhála siúil a fhágáil sa teach lóistín agus amach liom ar siúlóid tríd na sráideanna. Ba ghearr gur tháinig mé go dtí Áit an Mhargaidh – i gceartlár an bhaile mhóir atá sí. Bhí aonach ar siúl acu an lá sin. Ba agus caoirigh ann agus iad go hálainn. Seanmhná ann ag díol úll ar leathphingin an ceann. Daoine ann as gach aird i gContae na Gaillimhe. Fir mhóra láidre lácha ann. Cailíní óga deasa ann. Maidir leis na cailíní ba é dalta an chailín úd ar chualamar trácht uirthi: –

“Ní raibh bróg ná stocaí, caidhp ná clóca” orthu, ach, ina dhiaidh sin féin, creidigí uaimse gurb iad a bhí gléasta go fíordheas. Ach bígí cinnte gur beag an tsuim a chuir mé sna cailíní – is ag éisteacht lena gcuid cainte a bhí mé. Shiúil mé soir agus siar tríd an aonach agus ar feadh an scaithimh sin níor chuala mé oiread agus focal Béarla. Gaeilge ar fad acu idir mhór agus beag, idir óg agus sean, idir uasal agus íseal.

“M’anam! Is é mo shaol atá ann,” a dúirt mise liom féin. Dhruid mé anonn chuig dream as Conamara agus thosaigh mé ag caint leo.

“Go mbeannaí Dia daoibh,” arsa mise.

“Dia is Muire duit, a dhuine uasail,” arsa fear acu.

“Nach é an lá breá é?” arsa mise.

“Is, é go deimhin, míle buíochas le Dia agus leis an Maighdean Ghlórmhar.”

“Caora bhreá í sin agat, bail ó Dhia uirthi.”

“Caora bhreá, muise.”

“Cén áit arbh as thú, a dhuine uasail?” a deir fear eile acu.

“Tháinig mé as Baile Átha Cliath ar maidin inniu,” arsa mise.

“Ach, ar ndóigh, ní as Baile Átha Cliath thú, agus tusa ag labhairt Gaeilge?”

“Go deimhin, is ea. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an Ghaeilge á múineadh againn i mBaile Átha Cliath le tamall maith?”

D’éirigh fear eile ina sheasamh ansin – scológ a bhí ann.

“Muise, a dhuine uasail óig,” arsa eisean, “go n-éirí an t-ádh leat! Agus táim ag cur mo bheannacht chuig a bhfuil ag múineadh Gaeilge i mBaile Átha Cliath!”

D’fhág mé mo bheannacht acu ansin, agus chuaigh siad ar ais go dtí an teach lóistín. Amach arís liom faoi cheann tamaillín agus síos go dtí an Cladach. Baile beag fíor-Ghaelach atá ann. Gaeilge ar fad acu idir fhir agus mná, ach faraor géar! Siúd is go dtuigeann na páistí í, is annamh a labhraíonn siad focal di, ach is amhlaidh a bhíonn siad ag magadh faoi na seandaoine faoi Ghaeilge a labhairt. Chaith mé dhá sa gCladach agus mise i mo shuí i measc na seandaoine ar an gcé. Sílim gur scríobh mé síos ainm gach éisc dá bhfuil san fharraige ó bhéal na n-iascairí úd, ón ribe róibéis go dtí an míol mór. Nuair a bhí i mo shuí ann, tháinig bean óg amach agus dúirt liom go raibh rud éigin aici le taispeáint dom. D’imigh léi, agus ba ghearr gur tháinig sí ar ais agus “Fáinne an lae” ina lámh aici. D’iarr sí orm beagán dá chuid cainte a léamh os ard. Rinne mé amhlaidh agus nach uirthi a bhí an bród mór as sin. Ansin bhain sí an páipéar as mo lámh arís, agus as go brách lé le faitíos go gcaillfí é.

Ar maidin, lá arna mhárach, chuaigh mé síos go dtí an ché. Bhí daoine cuid mhaith ann ag fuireach leis an long ghaile. Daoine as Árainn ba ea iad. Ba ghearr go rabhamar ar bord na loinge agus sinn ag triall ar Árainn na Naomh. Trí huaire dúinn ar an long ghaile go bhfacamar na hOileáin agus iad ina luí amuigh san fharraige mhór. Iar dteacht i dtír dom shiúil mé go dtí an teach lóistín, agus tar éis cuid bheag a ithe, amach arís liom ag siúlóid. Casadh fear orm agus thug sé go dtí Marcus Mhíchíl mé. Seanfhear breá macánta foghlama eolach is ea Marcus. Rí-scoláire atá ann, agus file freisin. Is iomaí seanamhrán agus seanrann a scríobh mé síos óna bhéal. Cheap sé féin cuid mhaith filíochta, agus chuir mé síos roinnt di ar mo leabhairín. Dán a dtugann sé “Bainis na Buaile” air atá ar an dán is fearr acu. Bhí máistir scoile ann aon uair amháin, agus nuair a phós sé a bhean ní raibh ag an mbainis ach aon cheathrar amháin .i. é féin, agus an bhean óg agus beirt eile. Tháinig fearg ar Mharcus faoi sin, agus rinne sé an dán ag magadh faoin mbainis. B’fhéidir go mbeidh trácht agam ar Mharcus agus ar a chuid filíochta uair éigin eile.

Ba ghearr gur chuala gach uile dhuine dá raibh ar an oileán gur tháinig fear óg as Baile Átha Cliath leis an nGaeilge a fhoghlaim. An lá arna mhárach tháinig Máirtín Neile soir go Cill Rónáin le mé a fheicéail. An scéalaí is mó clú in Árainn is é é. Is i bhfochair Mháirtín a chaith mé an chuid ba mhó de gach lá a fhad agus a bhí in Árainn Mhóir. Ag siúl an bhóthair a bhímis ó mhaidin go hoíche, go bhfacamar poll na Séiseadh agus Poll na bPéist agus Aill na nGlasóg, agus gach seandún págánta agus gach seanteampall agus gach tobar beannaithe agus gach mullán agus gach bollán agus gach uile shórt eile dá bhfuil le feiceáil ar an oileán. 

Níl focal Béarla ag Máirtín agus is beag an meas atá aige air, ach creidigí uaimse gurb é an fear a bhfuil an Ghaeilge aige go fíordheas. De réir mar a deir sé féin, “tá casadh a theanga sna focail”. Ach de bhrí nach raibh Béarla aige is minic nach raibh sé in ann focal a thabhairt dom nuair a theastódh sé uaim. Cuir i gcás go bhfaca mé éan.

“Cén sórt éin é sin, a Mháirtín?” a deirinn.

By dad, ní fhaca mé é,” a deireadh seisean. “Fuiseog, ab ea?”

“Ó! Ní hea, a Mháirtín. Éan mór é seo.”

Well,” a deireadh Máirtín, “tá an spideog ann, tá an gealbhan ann, tá an gealbhan creige ann, tá an bhuíog ann, tá an fháinleog ann, tá an chaitheog ann, tá an druid ann, tá an chuach ann, tá filip-a’chleite ann, tá an cleabhar caoch ann, tá an caislín cloch ann, agus tá an chaológ riabhach ann, tá an ruadhán aille ann, tá an ladhrán trá ann, tá an –”

“Ó! Fan go socair, a Mháirtín!,” a deirinnse faoi dheireadh, “is beag nach bhfuil mé bodhar agat.”

Bhíomar inár suí ar an bhféar thuas i nDún Eochalla lá, agus is amhlaidh a bhí ag magadh faoi Mháirtín faoi chreidiúint go bhfuil an Slua Sí ann – is ar an Slua Sí a bhíodh sé ag caint i gcónaí.

“Anois, a Mháirtín,” arsa mise, “an bhfaca tú na Daoine Maithe riamh?”

“Ar ndóigh, ní fhacas; ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil siad ann.”

“An aithníonn tú duine ar bith a chonaic iad, a Mháirtín?”

“O! Go deimhin, aithním. Cogar anois, ar chuala tú aon chaint riamh ar Pheadar Fada?”

“Ar ndóigh, chuala. An bhfaca Peadar na siógaí?”

“Nach é a chonaic iad míle uair! M’anam, is sa dún seo ina bhfuilimid inár suí anois ann a chonaic sé iad aon uair amháin.”

“Inis an scéal dom.”

Well, bhí Peadar Fada ag dul siar ó Chill Rónáin go dtí na Seacht dTeampall oích. Nuair a tháinig sé go dtí an teach pobail ar an mbóthar thíos, céard a chonaic sé ach firín beag agus é ina shuí ar sheamaide féir cois an chlaí. ‘M’anam,’ a deir sé, ‘is é gréasaí na scillinge atá ann!’”

(Gréasaí na scillinge nó gréasaí pholl an chlaí is ea a thugann siad ar an leipreachán in Árainn.)“Níor labhair Peadar tada (.i. dad) eile, ach shiúil sé go dtí an bithiúnach beag go socair ciúin agus rug sé air. Ach is gearr a bhí ina lámh aige gur léim sé amach arís, agus as go brách leis agus Peadar ina dhiaidh. Gaoth na Márta a bhí rompu rug siad uirthi agus gaoth na Márta a bhí ina ndiaidh níor rug sí orthusan. Níorbh fhada go dtáinig siad go dtí an dún. Isteach leis an bhfear beag agus isteach le Peadar freisin. Ach, a dhuine uasail, céard a chonaic sé roimhe ach na Daoine Maithe agus iad ag rince ar an bhféar? Dheamhan fhear riamh a chonaic a leithéid sin de ghreann is a chonaic Peadar an oíche sin. Ach ní fada a bhí ann gur oscail an talamh agus isteach leo uilig. Chuaigh Peadar abhaile agus é ar bogmheisce.”

“Anois, a Mháirtín, tá dearmad déanta agat. Más ar meisce a bhí sé, níorbh fhéidir leis chuimhneamh ar dhada dá bhfaca sé. Is amhlaidh atá ag magadh fúm.”

“Ó! Go deimhin, nílim. Ach nach tusa an fear a bhí ag magadh fúmsa agus faoi na Daoine Maithe tamall ó shin? Is minic a chuala go dtéann sin i ndochar do dhuine. B’fhéidir go mbéarfaidh siad ort san oíche.”

“Ná ag caint a thuilleadh, a Mháirtín. Sin bréag.”

“Dheamhan bhréag, a dhuine uasail. Is í an fhírinne ghlan.”

Tar éis coicís a chaitheamh ar an Oileán Thiar, chuaigh mé soir ar an long ghaile go hInis Meáin. Timpeall le cúig mhíle atá eatarthu. Bhí na curacha ag fuireach linn, agus ghlaoigh mise ar churach Pháidín Donnchadha. Ba ghearr go dtáinig sé lenár gcois agus Seaghán Pháidín agus beirt eile ann. Thuirling mé ón long ghaile, agus faoi cheann nóiméid thángamar i dtír. Tharraing siad na curacha ar an tír, agus chromamar ar siúl go teach Pháidín. Nuair a thángamar go dtí é bheannaigh mé isteach agus dúirt siad liom suí síos ag an tine. Thug Brighid – bean an tí is í í – deoch bhainne ghéir dom, agus thosaíomar ag caint.

“As Gaillimh thú?” a deir Páidín.

“Ní hea, as Baile Átha Cliath,” arsa mise.

“Muise, cén chaoi a bhfuil Eoin Mac Néill?” arsa Brighid, “an bhfuil aon aithne agat air?”

“Go deimhin, tá,” arsa mise, “agus is é atá i sláinte mhaith.”

“M’anam, ba lách an fear é, Eoin. Agus cén chaoi a bhfuil Stiofán Bairéad? Agus Risteard Ó Maoilbhrandain? Agus Séamus Ó Cathasaigh?” – agus mar sin mar siúd.

Chaith mé coicís i dteach Pháidín agus ar feadh na haimsire sin níor chuala mé focal Béarla ó dhuine acu. Creidim go bhfuil Béarla ag Páidín agus ag Seaghán agus ag Máirtín ach maidir le Brighid agus le Máire, níl focal acu siúd ar chor ar bith. “M’anam,” a dúirt Brighid liom lá, “níl focal Béarla i mo phluc!” B’fhíor di, ach, mura bhfuil Béarla aici féin, is í an bhean a bhfuil an Ghaeilge aici go binn blasta socair glan.

Tráthnóna amháin shiúil mé go dtí na haillte, agus ar theacht abhaile dom chonaic mé fear óg romham ina shuí ag an tine. Bhí a fhios agam ar ball gurbh é Tomás Mac Conceannainn a bhí ann. D’éirigh sé ina sheasamh agus (dalta Napper Tandi) “rug sé ar mo lámh,” agus creidigí uaimse gur chroith sé go tréan í. Theannamar suas chuig an tine ansin, agus thosaíomar ag caint.

An lá arna mhárach chuamar síos go dtí an cladach. Shuíomar síos ar an duirling, agus bhí caint fhada againn ar an nGaeilge agus ar gach uile rud a bhaineann léi.

“An measann tú, a Phádraig,” arsa Tomás, “ó tharla go bhfuilimid anseo, gur féidir linn craobh de chonradh na Gaeilge a chur ar bun in Árainn?”

“Ar ndóigh, measaim,” arsa mise. “Nach é an trua é gan craobh a bheith ar bun cheana? Cuirimis an obair ar siúl in ainm Dé!”

“An bhfuil tú sásta?” arsa seisean.

“Cad chuige nach mbeinn?” arsa mise.

Suas linn ansin, agus as go brách linn go dtí teach Pháidín. Shuíomar síos ag an mbord chun litir a scríobh chuig an mban-rúinchléireach i mBaile Átha Cliath.

“Fan go socair, a Thomáis,” arsa mise, “nach ceart dúinn dul siar go Cill Rónáin i dtosach chun an sagart pobail a fheiceáil?”

“Tá ceart, a Phádraig,” arsa seisean.

D’éiríomar inár seasamh agus ghabhamar soir as an seomra.

“An bhfuil aon churach ag dul siar, a Pháidín?” arsa Tomás.

“Níl, muise,” arsa Páidín, “dheamhan churach. Is ag iascach atá siad uilig.”

“M’anam ón diabhal!” arsa Tomás, “mura bhfuil curach le fáil, caithfimid dul siar ar snámh san fharraige!”

“Nár lige Dia!” arsa Páidín.

As go brách linn go dtí an cladach ansin. Fuaireamar aon churach amháin. Isteach linn agus Páidín agus beirt eile inár gcuidiú. Bhí an fharraige ina suí (.i. bhí garbh), ach d’oibrigh na fir rámha go tréan agus faoi cheann uaire thángamar i dtír ag Cill Rónáin. Chuamar go dtí an sagart agus fuaireamar toilteanach é. Scaoileamar teachtaireacht tinteach [teileagram] chuig an mbanrúnaí i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, agus ceann eile chuig lucht na Gaeilge i nGaillimh. Fuaireamar carr ansin agus ghabhamar siar go dtí Fearann an Choirce. Níorbh fhada dúinn ar an gcarr gur tháinig sé ina bháisteach – agus báisteach mhór throm ba ea í, creidigí uaimse. Tá seanfhocal ag Máirtín Neile .i. “lá a bhíonn sé ag báistigh bíonn sé fliuch”, agus is fíor dó. Ní bréag a rá go raibh sé fliuch an lá úd, agus go rabhamar féin fliuch freisin. A leithéid sin d’fhliche ní fhaca mise riamh, agus is é mo mheas nach bhfeicfidh mé go deo. Chuamar go dtí Dáithí Ó Ceallacháin agus go dtí Séamus Mac Carthaigh – máistrí scoile atá iontu. An lá arna mhárach chuamar ag marcaíocht ar an gcarr arís. Ghabhamar soir go Cill Éanna i dtosach, agus ina dhiaidh sin ghabhamar siar go dtí na Seacht dTeampall. Ceapaim go bhfacamar gach uile dhuine dá bhfuil in Árainn Mhóir an lá úd, agus is iad a bhí toilteanach chun na hoibre a chur ar bun, idir óg agus sean. Níor stad sé ag báistigh ar feadh an lae. Bhí cruinniú againn an tráthnóna sin – an Aoine ab ea é leis an mbealach a réiteach le haghaidh an Domhnaigh.

Ar maidin lá arna mhárach ghabhamar soir go hInis Meáin arís lenár gcuid éadaí a athrú agus a chur in eagar. Ar theacht ar ais dúinn, casadh an long ghaile orainn, agus cé a bhí uirthi ach Stiofán Bairéad! Thugamar siar linn é. D’fhanamar inár suí an oíche sin go dtí a ceathair a chlog. An lá arna mhárach bhí cruinniú mór againn i dteach na scoile. Tháinig daoine ann as Inis Meáin, as Inis Oírr agus as Gaillimh. Measaim go raibh seacht gcéad daoine ar a laghad cruinnithe ann. Bhí an tAthair Muircheartach sa chathaoir. Caint agus comhrá agus óráidí againn gan oiread agus focal Béarla. Tháinig anam in Árainn na Naomh an lá úd agus is fada, le cúnamh Dé, go n-imeodh sí aisti. Chuireamar craobh den Chonradh ar bun, agus go maire an chraobh sin go broinn an bhrátha!

Tar éis an chruinnithe chuamar go dtí an ché. Isteach linn sna curacha agus nach againn a bhí an rás mór! Bhí Stiofán i gcurach Pháidín Donnchadha – curach ceathrair ab ea é – agus bhí Tomás agus mise i gcurach bhráthair Thomáis. Rith curach Stiofán ar dhroim gainimh agus is beag nach raibh Stiofán bocht caillte. Bhíomar ag dul ar aghaidh go lán-sásta, gur chaill duine againn a mhaide rámha. Bhíomar buailte ar fad ansin, agus mar sin rug curach Stiofán bua orainn.D’fhan mé in Inis Meáin go ceann seachtaine eile, agus ansin d’fhág mé beannacht Mhic Dé ag Páidín agus ag muintir an tí, agus thug mé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath.

Chaith mé agus mí in Árainn agus ar feadh an scaithimh sin níor labhair mé ach Gaeilge le muintir na n-oileán. Thaitin sin go rímhaith leo. Níl náire ar bith ar mhuintir Árann faoi Ghaeilge a labhairt. Nílim á nach mian leo Béarla a bheith acu freisin. Is mian gan amhras, agus is beag an náire sin dóibh. Nílim á nach bhfuil an iomarca Béarla ag na páistí i gCill Rónáin. Tá a fhios agam go bhfuil. Ach i ngach aon áit eile ar fud na n-oileán níl focal ach Gaeilge. Is minic a bhí ag caint le gasúir bheaga agus le cailíní beaga agus iad gan focal Béarla. Gaeilge ar fad acu. Sílim nach bhfuil aon fhuaim le cloisteáil ar dhroim an domhain chomh binn milis leis an nGaeilge agus í ag teacht ó bhéal páiste. Nach deas iad, na páistí sin, bail ó Dhia orthu?

An bhfaighidh an Ghaeilge bás in Árainn go deo? Is é mo mheas nach bhfaighidh. Ó tharla go bhfuil an Chraobh ar bun acu, beidh suim ag na daoine sa Ghaeilge, beidh sí á múineadh don aos óg, agus is gearr go mbeidh siad in ann í a léamh agus a scríobh. Ní ligfear ar gcúl í ach cuirfear í ar a haghaidh go mbeidh Árainn ina coláiste agus ina lóchrann eolais ag Clanna Gael seo na hÉireann arís mar a bhí sa tseanaimsir. Sin í mo ghuí anocht: agus is í mo ghuí freisin go raibh an Ghaeilge againne go léir chomh binn blasta is atá ag muintir Árann na Naomh

Pádraig Mac Piarais