Amú san Aistriúchán (Comóradh 1916) – ‘An Roinn Oidreachta agus Gaeltacht’ agus beag ‘omos’ ag Roinn an Taoisigh don síneadh fada

Tá eagrán speisialta againn d’Amú san Aistriúchán an turas seo agus tuilleadh samplaí againn d’easpa cúraim an stáit i leith na Gaeilge le linn chomóradh an Éirí Amach

Amu pic 1916

An gcaithfear balla cuimhneacháin a thógáil chun na botúin Ghaeilge ar fad a rinneadh le linn chomóradh 100 bliain 1916 a mheabhrú do na glúnta atá le teacht?

Ba é scéal an ghúgal-Ghaeilge a cuireadh ar Fhorógra na Cásca agus scéal ‘Fadagate’ i Reilig Ghlas Naíon an dá bhotún ba mhó a bhí i mbéal an phobail ó thosaigh an comóradh. Cuireadh an botún ar bhalla Ghlas Naíon ina cheart go pras, ach tá dhá shampla eile againn d’aicíd seo an aineolais, a bhuíochas do léitheoirí Tuairisc.ie.

Baile Átha Cliathach, a dtabharfaimid ‘Súil an Iolair’ uirthi, a thug faoi deara go raibh botúin mhóra ar an mbláthfhleasc a leag an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar Shráid an Mhúraigh le linn dheireadh seachtaine na Cásca. Bhí an focal ‘Oidhreachta’ agus an focal ‘Gaeltachta’ litrithe mícheart ar an mbláthfhleasc agus ‘An Roinn Ealaíon Oidreachta (sic) agus Gaeltacht (sic)’ déanta de roinn Heather Humphreys.

Is ar Twitter a tháinig an botún eile chun solais agus ainm an Taoisigh féin luaite leis an gceann seo.

Is léir gur lú ‘omos’ (sic) atá ag Roinn an Taoisigh don síneadh fada ná mar atá ag lucht Reilig Ghlas Naíon féin agus is léir leis nach eol don stát cé acu ar cheart bláthfhleasc a leagan in ómós ‘do’ nó ‘ar’ na daoine go léir a fuair bás ‘i míle naoi gcéad is a sé déag’.

Mar fhocal scoir, tuigimid go gcaithfear a bheith ‘uileghabhálach’ sna cúrsaí seo, ach na daoine ‘go léir’ a fuair bás ‘i míle naoi gcéad is a sé déag’?

Ní fheadar an mó botún a dhéanfaí dá mba ghá balla a thógáil i gcuimhne na milliún duine sin?