Níltear sásta a rá cén cur chuige a bheidh ann maidir le ceartú na mbotún ar bhalla cuimhneacháin 1916

Ní raibh urlabhraí Iontaobhas Ghlas Naíon sásta a rá ach an oiread cén costas a bheadh ann i dtaobh an cheartúcháin

03/04/2016. 1916 Rising 100 Year Anniversary Commemoration. An interfaith service at the Remembrance Walls at Glasnevin Cemetery, adjacent to the graves of Ireland's leaders. With participation and representation by the main faith organisations where all those who lost their lives during the Easter Rising" Irish Volunteers, Irish Citizen Army, British Army, Dublin Metropolitan Police, Royal Irish Constabulary, as well as civilians, including children-will be remembered. The Taoiseach lay a wreath and local school children unveil the Necrology Wall, where the names of all those who died as a result of the 1916 conflict, in chronological and alphabetical order, are inscribed. Photo: Photo: RollingNews.ie
Pictiúr : RollingNews.ie

Níl Iontaobhas Ghlas Naíon sásta a rá cén cur chuige a bheidh ann i dtaobh an cheartúcháin atá le déanamh ar an mBalla Cuimhneacháin 1916 a nochtadh i Reilig Ghlas Naíon inné.

Ní raibh urlabhraí ó Iontaobhas Ghlas Naíon sásta a rá an ndéanfar iarracht an scéal a chur ina cheart tríd an méid atá greanta ar an mballa cheana féin a leasú nó an amhlaidh go ndéanfar na focail ‘Éirí Amach na Cásca 1916’ a ghreanadh as an nua

Ní raibh Iontabhas Ghlas Naíon sásta a rá cén costas a bheidh ar cheartú an bhotúin teanga ar an mBalla Cuimhneacháin a chothaigh conspóid mhór inné.

Dúirt an t-urlabhraí ón Iontaobhas, áfach, go gceartófaí an botún láithreach.

Bhí sé ina raic ar na meáin shóisialta inné nuair a tháinig sé chun solais nach raibh na focail litrithe i gceart ar an mballa. Is mar ‘Eírí Amach na Cásca’ a litríodh an teideal.

Spreag an botún neart feirge agus díomá i measc lucht labhartha na Gaeilge ar Twitter.

Bhí greann dóite i gceist chomh maith i gcás roinnt daoine agus pictiúir den chineál seo á scaipeadh go forleathan ar Twitter agus Facebook freisin

Ní hí seo an chéad uair d’Iontaobhas Ghlas Naíon olc a chur ar phobal na Gaeilge. An mhí seo caite, tharraing Jack Ó Drisceoil aird ar an aithris a dhéantar ar óráid an Phiarsaigh sa reilig gach lá. Fágtar an chuid Ghaeilge den óráid ar lár agus í á haithris agus ní deirtear leis an lucht éisteachta nach bhfuil iomlán na hóráide á chloisteáil acu. Bhí an scéal á phlé go forleathan ar na meáin shóisialta agus ar na meáin thraidisiúnta ag deireadh na míosa seo caite agus scríobh Comhordaitheoir 1916 Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, chuig an Iontaobhas lena “dhíomá” faoin scéal a chur in iúl. “Loitear an téacs tábhachtach stairiúil seo nuair a chuirtear an chuid Ghaeilge de i mBéarla nó nuair a fhágtar ar lár ar fad í, agus tugtar míléamh ar theachtaireacht fhollasach na hóráide, a chuirtear in iúl leis an reitric a mhúnlaigh an Piarsach, agus teachtaireacht intuigthe na hóráide, a chuirtear in iúl leis an rogha teanga a rinne an Piarsach nuair a chum sé í. “Cuirtear isteach freisin ar rithim, ar fhoirm agus ar struchtúr a téacs,” a dúirt Ó Seireadáin ina litir a seoladh coicís ó shin.   Chuir Balla Cuimhneacháin Ghlas Naíon fearg ar dhaoine eile mar gheall ar ainmneacha fhórsaí na Breataine a bhásaigh aimsir na Cásca 1916 a bheith greanta i gcloch taobh le hainmneacha lucht an Éirí Amach agus na saoránaigh a maraíodh.   Bhí olc ar roinnt mhaith daoine, mar shampla, go bhfuil ainm James Connolly agus Sheáin Mhic Dhiarmada, beirt a chur a n-ainm le Forógra na Cásca, scartha óna chéile ag ainm Harry Dickonson, saighdiúir de chuid an South Staffordshire Regiment a ghlac páirt in Ár Shráid Thuaidh an Rí. 

Anuas ar an mbotúin litrithe, tá botún eolais ar an mballa freisin. Luaitear an t-óglach Andrew Cunningham, a maraíodh ar Bhóthar na Rinne le linn an Éirí Amach, mar ‘shaoránach’ in áit ‘Óglach Éireann’.

Fág freagra ar 'Níltear sásta a rá cén cur chuige a bheidh ann maidir le ceartú na mbotún ar bhalla cuimhneacháin 1916'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nuair nach bhféadfaí ainm an stáit, a d’eascair as 1916 a litriú i gceart, léiríonn sé na deacrachtaí a bhíonn ag an mionlach beag a bhíonn ag iarraidh Gaeilge a usáid leis an státchóras ó lá go lá. Fág ann an litriú bacach. B’fhearr gan é a cheartú le go seasfadh sé dúinne mar siombal, greanta i gcloch, den mheon ‘ nach cuma’ atá sa tír seo faoin nGaeilge ag gach leibhéal.

    • Seosamh Ó Beirgin

      Smaoineamh maith.

  • Eoin Ó Riain

    Níor luadh an méid a bhí scríofa ar an gcarta le bhlathfhleasc an Taoisigh a bhí an Gaeilge go mí cheart ann: “In omos do na fir, ar na mná agus ar na páistí go léir a fuair bás i míle naoi gcéad is a sé deag.” Ansin bhí leagan Béarla a bhí go hiomlán ceart agus ansin ag a bun, Enda Kenny, T.D. Taoiseach.
    Feach anseo:
    https://scontent-fra3-1.xx.fbcdn.net/hphotos-xtf1/t31.0-8/12890921_10153513879988176_7044114067427842453_o.jpg

  • Antain Mac Lochlainn

    Níl mise róthógtha le ‘Na Fianna Éireann’ ach oiread. Nár leor ‘Fianna Éireann’?

  • Mícheál Ó Doibhilín

    Cé’n fáth go bhfuil an balla seo greannta aas Béarla ar fad, seachas an teidil? “Civilian” i ndiaidh ainm gach sibhialtach. Má’s rud oifigiúl an balla seo, nach cóir céad teanga an Stáit a úsáid, nó go mbéadh sé dátheangach ar a laghaid?