Aki istigh ach Zebo fágtha ar lár ag Schmidt

Fógraíodh scuad rugbaí na hÉireann do na cluichí móra atá le teacht an mhí seo chugainn agus cé go bhfuil Bundee Aki roghnaithe den chéad uair ag Joe Schmidt, níl aon áit d’fhear Chúige Mumhan Simon Zebo.

Aki istigh ach Zebo fágtha ar lár ag Schmidt

Simon Zebo agus Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá imreoir Chúige Chonnacht Bundee Aki ainmnithe i scuad rugbaí na hÉireann den chéad uair ag Joe Schmidt tráthnóna. Cé gur rugadh Aki, a imríonn i lár na páirce, san Nua-Shéalainn, tá sé anois cáilithe chun imirt d’fhoireann na hÉireann tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag imirt i nGaillimh.

Is é scéal mór eile an tráthnóna go bhfuil Simon Zebo fágtha as an scuad ag Schmidt. Fógraíodh i rith na seachtaine go raibh Zebo chun Cúige Mumhan a fhágáil ag deireadh an tséasúir seo agus ráflaí ann go bhfuil faoi conradh a shíniú le Racing 92 sa Fhrainc.

Tá cinneadh déanta ag Schmidt agus an IRFU gan aon imreoir atá ag imirt taobh amuigh d’Éirinn a roghnú don fhoireann idirnáisiúnta agus cé nach mbeadh Zebo ag fágáil go dtí an samhradh seo chugainn, is léir go bhfuil lucht bainistíochta na hÉireann ag ullmhú don uair a bheidh siad dá uireasa cheana féin.

Roghnaíodh Johnny Sexton an cúpla bliain a chaith sé ag imirt i bPáras le Racing 92 ach is léir gur eisceacht a bhí sa chás sin.

38 imreoir san iomlán atá roghnaithe ag Schmidt do na cluichí a imreoidh Éire i gcoinne na hAfraice Theas, Fhidsí agus na hAirgintíne i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Tá leithéidí Rory Best agus Rob Kearney ainmnithe sa scuad agus iad tagtha chucu féin  ó ghortuithe ach beidh Jamie Heaslip, Jared Payne, Garry Ringrose, Josh van der Flier agus Niall Scannell ar fad in easnamh ar Schmidt de bharr gortuithe. Níor roghnaíodh Paddy Jackson nó Stuart Olding ach an oiread, beirt atá cúisithe in éigniú a dhéanamh.

Tá triúr eile ainmnithe sa scuad den chéad uair chomh maith – beirt as Cúige Mumhan, Darren Sweetnam agus Chris Farrell, chomh maith le Adam Byrne ó Chúige Laighean.  Tá Byrne agus Sweetnam ábalta imirt ar an gcliathán nó mar lánchúlaithe agus tá deis á tabhairt ag Schmidt dóibh chun áit Zebo a líonadh.

Níos luaithe tráthnóna, roghnaigh Martin O’Neill a scuad do na cluichí cáilithe a bheidh ann in aghaidh na Danmhairge mí na Samhna. Tá drochscéal ann i gcás Jonathan Walters agus é deimhnithe nach mbeidh fear Burnley ar fáil do na cluichí sin toisc é a bheith gortaithe.

Tá an cosantóir Matt Doherty ó Wolves ainmnithe den chéad uair agus tá Paul McShane roghnaithe arís.

Scuad 34 imreoir atá roghnaithe ag O’Neill ach tiocfaidh laghdú air sin roimh chluichí na míosa seo chugainn.

Scuad Rugbaí na hÉireann

Tosaithe

Rory Best

Jack Conan

Ultan Dillane

Tadhg Furlong

Cian Healy

Iain Henderson

Dave Kilcoyne

Dan Leavy

Jack McGrath

Sean O’Brien

Tommy O’Donnell

Peter O’Mahony

Andrew Porter

Rhys Ruddock

James Ryan

John Ryan

CJ Stander

Devin Toner

James Tracey

Kieran Treadwelll

Cúlaithe

Bundee Aki

Adam Byrne

Joey Carbery

Andrew Conway

Keith Earls

Chris Farrell

Robbie Henshaw

Dave Kearney

Rob Kearney

Ian Keatley

Kieran Marmion

Stuart McCloskey

Luke McGrath

Conor Murray

Johnny Sexton

Jacob Stockdale

Darren Sweetnam

Fág freagra ar 'Aki istigh ach Zebo fágtha ar lár ag Schmidt'