Aitheantas i reachtaíocht nua sa Nua-Shéalainn ‘gur shéan an Choróin cearta teanga na Maorach’

RÉAMHRÁ: Tabharfar aitheantas sa leasú ar an mBille don phian agus don chrá croí a d’fhulaing na Maoraigh de thoradh pholasaithe na Corónach i gcoinne labhairt a dteanga

Maori Party MP Te Ururoa Flavell speaks to the media after attending a Maori Party disciplinary hearing against fellow Maori Party MP Hone Harawira, Papakura Marae, Auckland, New Zealand, Monday, February 21, 2011. Credit:NZPA / Wayne Drought
Te Ururoa Flavell

Tá leasú déanta ag Aire Forbartha Maoraise sa Nua-Shéalainn, Te Ururova Flavell, ar reachtaíocht Maoraise le go n-aithneofaí “gur shéan an Choróin cearta na Maorach a dteanga féin a labhairt agus gur chuir sí na cearta sin faoi chois” san ama atá thart.

Tá an t-athrú á dhéanamh mar chuid de leasú mór ar an mBille faoina mbunófar foras neamhspleách a bhreathnóidh i ndiaidh na Maoraise.

Tuairiscíodh ag an mBinse Waitangi i 1985, coimisiún a bunaíodh le déileáil le gearáin na Maorach faoi ghníomhaíochtaí na Corónach ó bhí an bhliain 1840, go dtugtaí drochíde do ghasúir mar gheall ar Mhaorais a labhairt ar scoil.

Dúirt Flavell go “dtabharfaí aitheantas” sa leasú ar an mBille don phian agus don chrá croí a d’fhulaing na Maoraigh de thoradh pholasaithe na Corónach i gcoinne labhairt a dteanga.

Dúirt sé, áfach, nach ag breathnú siar ach chun cinn atá an leasú nua agus nach iarracht a bhí ann dul i ngleic le gach gearán stairiúil atá ag na Maoraigh.

Chuir an tAire Idirbheartaíochta do Chonradh Waitangi Christopher Finlayson, fáilte roimh an leasú agus dúirt go raibh sé sásta gur “admháil i dtaobh ghníomhaíochtaí na Corónach in áit leithscéal ginearálta” a lorgaíodh sa leasú.

Dúirt sé go mbeadh sé “níos éifeachtaí” leithscéal a ghabháil le iwi (pobail Mhaoracha) i lonnaíochtaí ar leith as dochar a rinne an Choróin don teanga.

Dúirt urlabhraí Forbartha Maoraise Pháirtí an Lucht Oibre (sa Nua-Shéalainn) gur chreid sé gur cuireadh iachall ar Flavell an leasú sin a mholadh i ndiaidh do Pháirtí an Lucht Oibre a rá leis go n-éileoidís leithscéal iomlán.

“Dúirt sé liom an tseachtain seo caite nár cheap sé go n-éireodh leis é a chur tríd, agus anois tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil siad tar éis dul ar aghaidh agus an ceann is fearr a fháil orainn,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé cuí go mbeadh leithscéal ginearálta do na Maoraigh, seachas do iwi ina gceann agus ina gceann, agus go raibh a theaghlach féin thíos leis an gcaoi ar chaith an Choróin le teanga agus cultúr na Maorach.

“Ba chainteoirí líofa Maoraise iad mo sheantuismitheoirí – go deimhin, deirtear liom go raibh Maorais mo mhamó níos fearr ná a cuid Béarla – ach mar sin féin ní féidir lena cúigear mac abairt a chur le chéile, b’iadsan an ghlúin a ligeadh i ndearmad”.

Mhaígh sé go gcaithfí an teanga a chaomhnú agus a chosaint agus gur croíchuid de chultúr na Maorach í.

“Mura mbíonn an teanga againn, ní Maoraigh muid dáiríre. Is í anam an chultúir í agus má chailltear an teanga, caillfidh an domhan mór seoid,” a dúirt sé.