Aire Stáit na Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar theip chóras earcaíochta Gaeilge an Stáit

De réir anailís a dhein Tuairisc.ie anuraidh, in 15 roinn stáit ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh

Aire Stáit na Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar theip chóras earcaíochta Gaeilge an Stáit

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ag éileamh go n-athrófaí an córas earcaíochta nua don Ghaeilge sa státseirbhís agus imní air faoi theip an chórais ar tugadh isteach é os cionn trí bliana ó shin.

Tá sé i gceist ag an Aire bualadh leis an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe lena imní faoina laghad daoine a bhfuil Gaeilge acu atá á n-earcú sa státseirbhís.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoi ráiteas an Aire, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go gcuirfeadh sé fáilte roimh “aon iarracht” dul i ngleic le ceist na hearcaíochta, ach go gcaithfí an córas a “athrú ó bhonn” mar go raibh ag teip air.

Thug an tAire Kyne le fios do Nuacht TG4 aréir nach bhfuil sé sásta leis an gcóras mar atá agus go gcaithfí é a athrú. Dúirt sé chomh maith go bpléifeadh sé an cheist leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus le ranna stáit roimh an gcéad chruinniú eile de Choiste Ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais, coiste a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach air.

Tá os cionn trí bliana ann ó cuireadh córas úrnua in áit chóras na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Faoin gcóras nua, bhí painéal daoine le cruthú a raibh líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaithe nua sa státseirbhís.

De réir anailís a dhein Tuairisc.ie anuraidh, in 15 roinn stáit ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Ag trácht dó ar an scéal sin, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill nach raibh an córas earcaíochta don Ghaeilge á chur i bhfeidhm “ar aon bhealach cuimsitheach ná córasach”  agus gur “gníomh seachas gealltanas atá de dhíth”.

In agallamh a foilsíodh ar Tuairisc.ie inné, dúirt Phríomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh imní air faoi cheist na hearcaíochta agus faoi easpa ceannaireachta sa státchóras maidir leis an nGaeilge.

“Ní fhéadfadh duine ar bith gan imní a bheith orthu i dtaca leis an líon státseirbhíseach a úsáideann an Ghaeilge agus atá sásta Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre. Dar liom féin, tá bearnaí an-mhór ar fad i dtaca leis an cheist seo, cumas an stáit obair a dhéanamh leis an phobal trí mheán na Gaeilge, agus is ábhar imní agam é cinnte,” a dúirt Ó Coinn.

Bhí easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge i measc na gcúiseanna le héirí as an Iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin in 2014.

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina theip shuntasach agus gur ‘Béarla éigeantach’ sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht aige.

Bhíodh an Ghaeilge ina riachtanas do gach post sa státseirbhís go dtí 1974, ach cuireadh córas na marcanna bónais i bhfeidhm nuair a fuarthas réidh leis an gcóras sin.

Ba í an chéad chéim i mbunú an chórais nua a bhfuil An tAire Stáit míshásta leis ná go liostódh gach roinn na poist ar leith acu a mbeadh cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla riachtanach dóibh. Bhí an obair liostaithe sin le bheith déanta faoi lár Eanáir na bliana 2015.

De réir anailís a dhein Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite, as an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Tuairiscíodh go raibh ocht Roinn Rialtais ann nach raibh oiread agus post amháin sainaitheanta acu a raibh an Ghaeilge riachtanach dó: an Roinn Airgeadais; An Roinn Oideachais; an Roinn Tithíochta; an Roinn Caiteachais Phoiblí; An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta; An Roinn Cumarsáide; an Roinn Leanaí; agus an Roinn Cosanta.

Níor tugadh Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta san áireamh san anailís.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Ciallaíonn sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist sin.

I bhfreagraí a tugadh ar shraith ceisteanna Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, mhaígh ochtar Aire Rialtais nach gá dóibh aon phost a shainaithint mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar theip chóras earcaíochta Gaeilge an Stáit'

  • Ben Ó Ceallaigh

    An gceapann siad go bhfuil muid amaideach? – Abraíonn an tAire stáit go bhfuil sé chun “aghaidh a thabhairt” ar cheist na hearcaíochta – agus SÉ LÁ hréis sin fógraítear ceapachán Ard-Rúnaí nú i Roinn na Gaeltachta nach bhfuil Gaeilge líofa aici! Maslach.

    Is alt an-mhaith é seo a léiríonn a dhoimhne is atá an fhadhb seo. Tá Misneach ag eagrú feachtas litreacha chuig an roinn faoi seo, tacaigí linn agus ‘spáinfidh muid don aire stáit, don státseirbhís agus don rialtas nach luífidh na Gaeil siar – https://misneachnagaillimhe.blogspot.co.uk/2017/01/feachtas-litreacha-thosu-ag-misneach.html