Rabhadh an Iar-Choimisinéara Teanga don Taoiseach – ‘Teip shuntasach a bheidh sa chóras earcaíochta seo’

'Níor mhaith liom go mbeadh sé le rá nach raibh rabhadh tugtha ina leith seo,' a scríobh Seán Ó Cuirreáin chuig an Taoiseach ina litir faoin gcóras a thug an rialtas isteach lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag dotháin fostaithe sa státseirbhís

Seán Ó Cuirreáin

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina theip shuntasach agus gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht aige.

Scríobh Seán Ó Cuirreáin litir chuig an Taoiseach i Samhain na bliana 2013 le rá leis go dteipfeadh ar an gcóras a thug an rialtas isteach lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag dotháin fostaithe sa státseirbhís le go ndéanfaí freastal mar is ceart ar phobal na Gaeilge.

“Feicim mar dhualgas orm féin é a chur in iúl go soiléir duit go gcreidim go cinnte má leantar den pholasaí nua atá beartaithe agaibh ar an ábhar seo go gcruthóidh an stair amach anseo gur teip shuntasach a bhí ann agus gur ‘Béarla eigeantach’ go cinnte a bheidh fágtha mar oidhreacht againn. Níor mhaith liom go mbeadh sé le rá nach raibh rabhadh tugtha ina leith seo.”

Scríobh Ó Cuirreáin ina litir, a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go raibh sé ag iarraidh a “dhíomá agus imní a chur ar an taifead” faoi chinneadh an Rialtais deireadh a chur le scéim na marcanna bónais do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge sa státseirbhís agus córas nua bunaithe ar phainéal earcaíochta a thabhairt isteach.

Dúirt Ó Cuirreáin leis an Taoiseach go raibh an córas nua a beartaíodh an tráth sin agus atá in ainm is a bheith á chur i bhfeidhm i láthair na huaire “níos lochtaí fós” ná córas na marcanna bónais a tugadh isteach sa bhliain 1974.

Bhíodh an Ghaeilge ina riachtanas do gach post sa státseirbhís go dtí 1974 ach cuireadh córas na marcanna bónais i bhfeidhm nuair a fuarthas réidh leis an gcóras sin. Dúirt an tIar-Choimisinéir Teanga ina litir chuig an Taoiseach nár cuireadh an riachtanas sin i bhfeidhm mar is ceart i bhformhór na Ranna agus na nOifigí Rialtais agus gur theip air.

Dúirt sé freisin go dteipfeadh “níos measa fós” ar an gcóras nua a tugadh isteach in áit chóras na marcanna bónais.

“Déanfar tuilleadh imeallú ar an nGaeilge i gcóras riaracháin poiblí an Stáit. Tríd is tríd, tá an Béarla éigeantach rómhinic cheana féin; táthar ag cur iallach ar shaoránaigh Béarla a úsáid sa mhéid agus nach bhfuil an Ghaeilge feidhmiúil formhór mhór an ama sna gnóthaí sin.

“De thoradh an leasuithe, beidh Béarla níos éigeantaí fós do shaoránaigh ar mhian leo an teanga náisiúnta a úsáid ina gcuid gnóthaí leis an Stát,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin ina litir chuig Enda Kenny, a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.

Mhol Seán Ó Cuirreáin don Taoiseach go ndéanfaí dhá ghníomh le háit agus spás a chruthú don Ghaeilge sa riarachán poiblí – go gcinnteofaí go mbeadh “líon leordhóthanach” d’fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí agus go mbeadh córas ann lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag fostaithe Stáit a d’fhreastalódh ar phobal na Gaeltachta.

Mhaígh an tIar-Choimisinéir ina litir go raibh “lúb ar lár suntasach” i gcur chuige an Stáit a chuireann de dhualgas ar dhaltaí scoile na tíre staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ach a dteipeann air úsáid na Gaeilge a éascú dóibh tar éis í a shealbhú.

Léirigh iniúchadh a rinne Tuairisc.ie le déanaí nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014.

Thug an tIar-Aire Gaeltachta, Dinny McGinley le fios do Tuairisc.ie go raibh sé “an-mhíshásta” leis an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don phlean, ar thacaigh sé féin leis mar Aire Gaeltachta, chun cur le líon na ndaoine sa státchóras atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá ‘easpa ceannaireachta’ curtha i leith ranna rialtais ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, de bharr a laghad postanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa státseirbhís.

Ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh an mhí seo caite, deir an Coimisinéir go  bhfuil “an-díomá” air “faoina laghad postanna lena mbaineann riachtanas Gaeilge a aithníodh taobh istigh de Ranna Rialtais”.

 

Fág freagra ar 'Rabhadh an Iar-Choimisinéara Teanga don Taoiseach – ‘Teip shuntasach a bheidh sa chóras earcaíochta seo’'