‘Is náisiún beag sinn, ach is náisiún iontach láidir sinn’ – fáilte an ghaiscígh abhaile d’fhoireann Oilimpeach na hÉireann 

Bhí na mílte i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath tráthnóna chun fáilte abhaile a chur roimh fhoireann Oilimpeach na hÉireann ar éirigh leo seacht mbonn a bhuachan i bPáras

‘Is náisiún beag sinn, ach is náisiún iontach láidir sinn’ – fáilte an ghaiscígh abhaile d’fhoireann Oilimpeach na hÉireann 

Bhí na mílte i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath tráthnóna chun fáilte abhaile ó Pháras a chur roimh fhoireann Oilimpeach na hÉireann.

133 lúthchleasaí – 64 bean and 69 fear – a bhí san iomaíocht d’Éirinn i bPáras i 14 spórt.

Seacht mbonn, ceithre bhonn óir ina measc, a bhuaigh foireann na hÉireann, an líon is mó bonn ag aon Chluichí Oilimpeacha.

Bhí Críochfort 2 in aerfort Bhaile Átha Cliath plódaithe nuair a leaindeáil foireann na hÉireann abhaile agus gach aon ‘Olé! Olé! Olé!’ ag an slua dá laochra.

Chuaigh na lúthchleasaithe as sin go dtí an fáiltiú cathartha i Sráid Uí Chonaill, mar a raibh na mílte ag fanacht orthu le fáilte an ghaiscígh a chur rompu agus a mbuíochas agus a meas a chur in iúl dóibh.

Ghabh lúthchleasaithe na hÉireann buíochas chomh maith leis an slua agus leis an bpobal a thacaigh leo le coicís.

“Is náisiún beag sinn ach is náisiún iontach láidir sinn. Troidfimid agus leanaimid orainn ag troid i gcónaí. Sin an fáth go bhfuilimid mar atá,” a dúirt an dornálaí Kellie Harrington ar éirigh léi bonn óir a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile.

Dúirt a cóitseálaí Zauri Antia go bhféadfadh Harrington an tríú bonn óir as a chéile a bhuachan ach dúirt an dornálaí as Rae Portland go raibh deireadh déanta aici.

Kellie Harrington. Pictiúr: RollingNews.ie

“Is deacair é a thuiscint fós, déarfá gur brionglóid atá ann,” arsa Kellie Harrington.

Ar an gcéad dream ar stáitse bhí foireann sealaíochta 400m na mban, a tháinig sa cheathrú háit sa rás ceannais. Dúirt Sharlene Mawdsley, an rábálaí as Tiobraid Árann, nár cheap sí choíche ná go deo go gcríochnóidís sa cheathrú háit ach gur dea-scéal a raibh an brón ina orlaí tríd a bhí ann ó tharla gurbh ar éigean a chaill siad amach ar bhonn. 

Trí bhonn óir a ghnóthaigh lúthchleasaithe na tíre seo i bPáras rud a d’fhág sa 19ú háit iad ar thábla oifigiúil na mbonn.

Bhuaigh na rámhaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy a ndara bonn óir Oilimpeach as a chéile.

“Bhíomar an-sásta go ndearnamar ár ndícheall agus go raibh an-rás againn agus nuair a thuigeamar cad a bhí déanta againn, bhí an dara bonn óir as chéile againn agus bhí sé sin an-mhaith leis,” a dúirt Fintan McCarthy ag an bhfáiltiú.

Thug McCarthy le fios go mb’fhéidir go rachadh sé féin agus Paul O’Donovan i bpáirt le Philip Doyle agus Dáire Lynch, a bhuaigh bonn cré-umha i bPáras, i gcomórtas na mbád ceathrair ag na chéad Chluichí Oilimpeacha eile.

“B’fhéidir go rachaimis i gcomhar lena chéile, cífimid. Cá bhfios?” arsa Fintan McCarthy.

Daniel Wiffen. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Sa linn snámha fuair Daniel Wiffen an chéad áit i mbabhta ceannais an chomórtais saorstíle 800m agus an tríú háit sa snámh saorstíle 1500 méadar.

Dúirt Wiffen go raibh sé tagtha slán ón tinneas a d’fhág nach raibh sé ábalta a bheith ag Searmanas dúnta na gCluichí i bPáras aréir chun brat na hÉireann a iompar. Dúirt sé gur bhraith sé thall i bPáras tacaíocht mhuintir na hÉireann.

“Bímid ag traenáil 26-30 uair an chloig sa tseachtain, tá sé beagáinín craiceáilte mar sceideal, ach is fiú go mór é nuair a thugann tú bonn leat abhaile,” arsa fear Ard Mhacha.

Thuar Wiffen go mbuafadh sé féin agus a leathchúpla, Nathan, an bonn óir agus an bonn airgid sa rás céanna ag na Cluichí Oilimpeacha in Los Angeles in 2028.

Rhys McClenaghan. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Dúirt an gleacaí Rhys McClenaghan, a bhuaigh bonn óir d’Éirinn nuair a tháinig sé sa chéad áit sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr, go raibh bua Kellie Harrington ag na Cluichí i dTóiceo in 2021 ina spreagadh mór aige.

Bhain crá croí ceart leis na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo do McClenaghan nuair a thit sé den chapall corr sa bhabhta ceannais, ach a mhalairt de scéal a bhí i bPáras ag an gcéad ghleacaí as Éirinn a bhuaigh bonn ag na Cluichí Oilimpeacha.

Ba í Mona McSharry as Sligeach a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban.

Dúirt McSharry inniu gur “fíoraíodh a brionglóid” i bPáras.

“Ní dóigh liom gur chaoin mé oiread sin riamh, fuair na mothúcháin an ceann is fearr chomh mór sin orm. D’éirigh liom blaiseadh de rud a bhí draíochta.”

Rinne roinnt mhaith eile d’iomaitheoirí na hÉireann éacht chomh maith i bPáras bíodh is nár éirigh leo bonn a fháil. Sa cheathrú háit a tháinig Rhasidat Adeleke sa rás ceannais i gcomórtas 400m na mban. Bhí Adeleke, nach bhfuil ach 21 bliain d’aois, ar an gcéad Éireannach mná riamh a ghlac páirt sa rás ceannais i gcomórtas ráibe sna Cluichí Oilimpeacha.

Rinne Adeleke agus foireann na mban sa rás sealaíochta éacht chomh maith nuair a chríochnaigh siad sa cheathrú háit sa rás ceannais. Bhain Adeleke, Sophie Becker, Phil Healy agus Sharlene Mawdsley trí shoicind dá gcuriarracht náisiúnta. 3:19.90 a thóg sé orthu sa rás ceannais, am a bheadh maith a dhóthain chun bonn a fháil ag gach Cluichí Oilimpeacha roimhe seo.

Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath James Geoghegan gur “lá stairiúil” a bhí ann agus ceiliúradh á dhéanamh ar ghaisce stairiúil na foirne.

“Seo an chéad uair go bhfuil ceiliúradh d’fhoireann na hÉireann againn i gceartlár Shráid Uí Chonaill, trasna an bhóthair ó Ard-Oifig an Phoist,” a dúirt an tArd-Mhéara.

Ghabh an Taoiseach Simon Harris buíochas le lúthchleasaithe na hÉireann. Dúirt sé go raibh “splanc” lasta ag gaiscí na foirne i measc pháistí beaga na tíre “a chreideann anois gur féidir leo féin a bheith ar an dream is fearr in Éirinn”.

Chuir an tAire Spóirt agus Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta Thomas Byrne fáilte abhaile roimh ghaiscígh na hÉireann chomh maith.

“Cuireann Foireann na hÉireann bród ar an náisiún, an fhoireann is rathúla a bhí againn riamh sna Cluichí Oilimpeacha,” a dúirt an tAire Catherine Martin.

Philip Doyle agus Daire Lynch. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Léiriú, a dúirt sí, a bhí sa rath a bhí ar na lúthchleasaithe ar a ndúthracht féin agus ar an dtacaíocht láidir a fuair siad óna muintir, a gcóitseálaithe agus a bpobal.

“Léiríonn an t-éacht iontach seo freisin an luach a bhaineann leis an infheistíocht leanúnach inár gcóras spóirt,” ar sí.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne gur Cluichí Oilimpeacha iontacha a bhí ann d’Éirinn a léirigh “an chuid is fearr de chóras láidir spóirt na hÉireann”.

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an bhfoireann a bhí taobh thiar d’fhoireann na hÉireann, ó bhaill teaghlaigh agus cairde go dtí oibrithe deonacha agus lucht tacaíochta, chomh maith le go leor eile.

“Ba mhaith liom freisin aitheantas agus moladh a thabhairt do Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann, Spórt Éireann agus mo Roinn féin as an obair thiomanta atá déanta acu ag tacú lenár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus lenár bpobal spóirt.”

Fág freagra ar '‘Is náisiún beag sinn, ach is náisiún iontach láidir sinn’ – fáilte an ghaiscígh abhaile d’fhoireann Oilimpeach na hÉireann '