Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí atá sásta gealltanas a thabhairt go gceapfar aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht má bhíonn siadsan i gcumhacht i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.
Tá forógra toghcháin á ullmhú ag an bpáirtí i láthair na huaire ach deir Sinn Féin go bhfuiltear chun seasamh leis an ngeallúint a rinneadh roimh olltoghchán 2020 go gceapfaí aire sinsearach a bheadh ag plé go díreach le cúrsaí teanga agus Gaeltachta ag Bord an Rialtais.
Léirigh torthaí pobalbhreithe le gairid gur mheas nach mór 60% den phobal ó dheas gur chóir go mbeadh aire sinsearach le Gaeilge freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Le tamall bíonn na cúraimí sín a dtarmligean d’aire sóisearach. De réir an tsuirbhé a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, duine as gach ceathrar a mheas nár chóir go mbeadh aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ann.
Tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta tarmligthe d’aire stáit ag gach rialtas ó 2011.
D’fhiafraigh Tuairisc de gach ceann de na príomhpháirtithe polaitiúla ó dheas an mbeidís sásta geallúint a thabhairt go gceapfaí aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile dá mbeidís i gcumhacht.
Ní raibh páirtithe an rialtais ná páirtithe an fhreasúra, seachas Sinn Féin, sásta gealltanas a thabhairt maidir le haireacht shinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Dúirt Fine Gael gur cinneadh don chéad rialtas eile a bheadh i ndáileadh na gcúraimí ar airí ach gur thuig an páirtí an tábhacht a bhain le “hionadaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag Bord an Rialtais”.
“Tá forógra Fhine Gael á fhorbairt faoi láthair agus beidh gealltanais ann a chuirfeas leis an obair atá déanta duine ar dhuine ag airí de chuid Fhine Gael ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Dúirt Fianna Fáil, páirtí Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Bryne, gur aithin an páirtí an tábhacht a bhain leis an nGaeilge “mar chéad teanga an Stáit, mar theanga bheo, agus mar chuid lárnach dár n-oidhreacht” ach níor tugadh aon ghealltanas maidir le haireacht shinsearach sa chéad rialtas eile.
Níor thug an Comhaontas Glas, páirtí an aire sinsearach reatha, Catherine Martin, freagra ar bith ar iarratas Tuairisc. Ní bhfuarthas freagra ó Pháirtí an Lucht Oibre ná ó na Daonlathaithe Sóisialta ach oiread.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go gceapfadh ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeadh sí ina Taoiseach agus gur bhreá leis féin an ról a ghlacadh chun polasaithe Shinn Féin a chur i bhfeidhm.
“Cuirim fáilte roimh an nuacht go dtacaíonn formhór an phobail le rud atá molta ag Sinn Féin leis na blianta fada, go mbeadh Aire sinsearach ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,” a dúirt Ó Snodaigh.
“Gheall Sinn Féin amhlaidh inár gcláracha olltoghchánaíochta in 2016 agus in 2020, agus táimid fós lántiomanta ina threo.
“Ní rud siombalach atá i gceist, agus ní hé go bhfuilimid ag caitheamh anuas ar chumas aire sóisearach ar leith ach oiread. Tá tionchar mór ag aire sinsearach. Is é nó í a ghlacann cinneadh faoi conas buiséad a Roinne a dháileadh, agus nuair nach mbíonn an Ghaeltacht mar cloch ar phaidrín an Aire, fágtar in áit na leathphingine í sa bhuiséad, rud atá le sonrú le tamall de bhlianta.”
Deir Ó Snodaigh nach dtugtar aird ar aire sóisearach ag Bord an Rialtais agus go bhfuil toradh na heaspa airde sin le feiceáil le blianta beaga anuas sa titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, sa ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltachta agus sna fadhbanna atá ag cur as don teanga i gcúrsaí oideachais.
“Ní hí an easpa aire sinsearach amháin is cúis leis seo, ach is léir nach bhfuil an rialtas reatha dáiríre faoin ngéarchéim. Teastaíonn rialtas agus Aire sinsearach atá dáiríre agus a thuigeann cás na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt Ó Snodaigh.
Cé nach bhfuil olltoghchán fógartha go fóill, meastar go bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach Simon Harris ceann a fhógairt i ndiaidh fhógairt an Bhuiséid ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Meastar gur i lár mhí na Samhna a bheidh lá an toghcháin.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nach gá gur cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta amháin a bheadh ar an aire sinsearach ach go raibh sé tábhachtach go léireofaí tuiscint ar an tábhacht a bhaineann leis na cúraimí céanna.
“Nuair atá muid ag labhairt ar aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tuigeann muid an seans go mbeidh cúraimí eile ar an aire freisin, ní hé go mbeidh siad ag plé le cúrsaí teanga amháin, ach tá [aire sinsearach] de dhíth le tamall anuas. Tá sé le feiceáil go bhfuil an-chuid rudaí le réiteach agus go gcaithfidh sé a bheith ina thosaíocht ag Bord an Rialtais.”
Dúirt de Spáinn gur léirigh torthaí na pobalbhreithe go raibh tuiscint i measc an phobail ar an tábhacht a bhain le tosaíocht a thabhairt do chúrsaí teanga sa rialtas.
“Tá toghchán ag teacht agus léiríonn torthaí na pobalbhreithe go dtuigeann an pobal go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh duine ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag leibhéal sinsearach, agus go mbeadh Gaeilge ag an duine sin ar ndóigh.”
Fág freagra ar 'Sinn Féin an t-aon pháirtí atá sásta gealltanas a thabhairt faoi aire sinsearach don Ghaeltacht'