Bhain Colum Eastwood geit as daoine nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as ceannaireacht an SDLP. Tabharfar an choróin nó an cupán nimhe dá chomharba ar an 5 Deireadh Fómhair ag comhdháil an pháirtí i mBéal Feirste.
Nuair a sheas Eastwood don gceannaireacht in aghaidh Alasdair McDonnell in 2015 dúirt fear Dhoire go raibh sé tuirseach den SDLP a bheith ag cailliúint. Theastaigh uaidh stop a chur leis an meath. Bhí cúpla buaicphointe ag Eastwood mar cheannaire ach tá an páirtí ag dul i laige i gcónaí agus ní hiontas é a bheith tuirseach cé nach bhfuil sé ach 41 bliain d’aois.
Is cuma más í a chomhfheisire parlaiminte Claire Hanna a thiocfaidh i gcomharbacht air, mar a mhol sé, nó iarrthóir as an mbeagán ionadaithe atá ag an bpáirtí in Stormont, ní ribín réidh é an taoide a iompú. Is iomaí duine den bharúil nach bhfuil i ndán don SDLP ach meath mall ar an anró.
Fuair Sinn Féin an ceann is fearr ar SDLP bliain is fiche ó shin, sna blianta tosaigh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus lean an patrún sin ó shin. Nuair a toghadh Colum Eastwood ina cheannaire i mí na Samhna 2015 bhí 3 fheisire Parlaiminte agus 14 Teachta Tionóil ag an bpáirtí, é féin ar dhuine acu.
I dtoghchán Stormont 2016 fuair siad 12 suíochán agus thit an vóta 2%. An bhliain dár gcionn, i dtoghchán eile nuair a laghdaíodh líon na dTeachtaí Tionóil ó 108 go 90 choinnigh siad an 12, ceann de bhuaicphointí a ré. In 2022 chaill siad 4 shuíochán agus ní raibh siad i dteideal aireachta sa bhfeidhmeannas le 8 dTeachta ar 9% den vóta.
I gcúrsaí Westminster chaill siad na trí shuíochán Parlaiminte in olltoghchán Westminster 2017 le 11.7% den vóta ach in 2019 bhí buaicphointe eile ag Eastwood agus é féin agus Claire Hanna ag buachan dhá shuíochán ar ais sa bhFeabhal agus i ndeisceart Bhéal Feirste le móraimh ollmhóra; choinnigh siad an dá shuíochán sin i mbliana le vóta laghdaithe.
Is dá dheoin féin agus ag am a roghnaigh sé féin atá sé ag éirí as, gan brú ó bhaill cé go raibh roinnt ag casaoid nach ndearna sé a dhóthain chun an páirtí a athbheochan i measc na cosmhuintire. Nuair a ceistíodh Eastwood faoi bhail níos measa a bheith ar SDLP ina dhiaidh, dúirt sé go raibh sé bródúil go bhfuil an páirtí níos forásaí agus níos nua-aoisí ná a bhí le fada, é tugtha ar ais ag a phréamhacha radacacha.
Fiafraigh de dhaoine ar an tsráid cad í gné uathúil an SDLP agus ní bhfaighidh tú de fhreagra ach croitheadh cinn. Céard le haghaidh é? Freagra – páirtí náisiúnach daonlathach sóisialta a leagann béim air nach Sinn Féin é.
An mbeidh ceannaire nua in ann na freagraí sin a athrú?
Ba é an SDLP a dhiúltaigh don chuireadh chuig an Teach Bán Lá ‘le Padraig seo caite mar gheall ar ról Mheiriceá agus Joe Biden sa chogadh in Gaza ach níor léir gur thug na vótóirí luach saothair dóibh ar a shon san olltoghchán cé go raibh na mílte ag agóidíocht faoin gceist. Bhí Colum Eastwood I bhfad níb fhearr ná éinne eile sna díospóireachtaí raidió agus teilifíse réamhthoghcháin ach níor shaothraigh an páirtí díbhinn.
Ní mór do cheannaire nua ceangal a dhaingniú le vótóirí. Chuige sin caithfidh sí/sé a bheith in ann cuairt a thabhairt ar na cumainn ar fad agus cumainn a athbheochan sna ceantair ina bhfuilid marbhánta nó marbh. Deirtí faoi Eastwood go raibh sé ródhírithe ar Dhoire nuair a bhí sé sa bhaile as Westminster. Ní le drochmheas ar Claire Hanna a deirim é – tá sí cumasach, cliste agus deisbhéalach – ach bheadh an fhadhb chéanna ag aon fheisire Parlaiminte mar cheannaire.
Arbh fhearr don SDLP ceannaire a bheadh lonnaithe in Stormont a bheith acu? Ceannaire a bheadh ag tarraingt airde gach lá ar chúrsaí a bhaineann le gnáthshaol na ndaoine agus ag a mbeadh sé níos éasca bogadh thart sna 18 toghcheantar?
Theastódh cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna ar nós arbh fhearr an ceannaire a bheith in Stormont nó dá mbeadh an ceannaire in Westminster an mbunófaí córas chun freagracht a chur ar ionadaithe eile – i gcomhar leis an gceannaire – as eagraíocht. Ba cheart don bpáirtí an anailís a phlé le baill (agus leis an bpobal, seans) ag cruinnithe sna toghcheantair sa tréimhse idir seo agus an 5 Deireadh Fómhair. Ar a laghad tharraingeodh cruinnithe (‘town hall meetings’ mar a thugtar orthu) aird orthu agus thabharfadh sé seans do cheannaire nua tabhairt faoi athbheochan.
Fág freagra ar 'Ní léir an sábhálfaidh athrú ceannaireachta an SDLP'