D’inis Teachta Dála scéal don scríbhneoir seo le gairid a léirigh an brú a chuireann cumarsáid leanúnach ar pholaiteoirí na linne seo.
“Má stopaim ar an mbealach abhaile, ar ndóigh breathnaím ar an bhfón,” a dúirt sé. “Má bhíonn an t-ádh orm ní fheicim ach gnáth-theachtaireachtaí – daoine ag iarraidh orm cabhrú leo, fiosrú ar a son, freastal ar chruinniú agus a leithéid. Sin agus tuairimí ar whatsapp ó dhaoine eile sa pháirtí nach neosfaidh mé duitse… faoi láthair pé scéal é.”
Ní féidir leis an Teachta Dála seo a bheith cinnte i gcónaí céard a thugann ar dhaoine eile tuairimí de chineál eile a chur chuige, nó a nochtadh ar na meáin shóisialta. Dáiríre tá an focal ‘tuairimí’ róchineálta mar chur síos ar ábhar a chuirfeadh imní ar dhuine ar bith.
“Bagairtí den uile chineál, orm féin agus uaireanta ar mo chlann – batráil nó damáiste a ghealltar de ghnáth, mar aon le corrbhagairt bháis. Sin agus masla, ráflaí agus bréaga ar léir gur seafóid iad de ghnáth ach a bhíonn chomh casta agus chomh cliste uaireanta gur deacair iad a shéanadh.”
Seachnaíonn an Teachta seo agus go leor Teachtaí ábhar gránna ar feadh tréimhsí ach ní féidir neamhaird iomlán a thabhairt air, go háirithe más gá é a chur faoi bhráid na nGardaí.
Tháinig an brú a chuireann síorchumarsáid den uile chineál ar pholaiteoirí chun cuimhne arís agus Colum Eastwood (41) ag fógairt Déardaoin go raibh sé ag éirí as ceannaireacht an SDLP. Níl ann ach cúig mhí ó d’fhógair Leo Varadkar (45) go raibh sé ag éirí as a phoist mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael.
Ní hionann an dá chás go hiomlán ar ndóigh. Ní raibh post rialtais riamh ag Eastwood agus níl cúl á thabhairt láithreach aige leis an saol polaitiúil. Thug Varadkar le fios nach seasfadh sé i dtoghchán eile.
Sin ráite, b‘ábhar machnaimh agus cúis imní in éineacht a ndúirt an bheirt faoi na fáthanna go raibh siad ag éirí as oifig. Dúirt Colum Eastwood, a bhfuil naoi mbliana caite i gceannas ar an SDLP aige, nár thuig go leor daoine an dua a bhaineann le freagracht an cheannaire. D’admhaigh Leo Varadkar, tar éis seacht mbliana mar cheannaire ar a pháirtí agus dhá thréimhse mar Thaoiseach, nár shíl sé go raibh sé ar a chumas níos mó a dhéanamh.
Ní tearc gan dabht na cúiseanna a chuir brú polaitiúil ar bheirt cheannairí atá réasúnta óg gan leanacht ar aghaidh. Níl deireadh le ré an SDLP ach tá ionadaíocht an pháirtí in Westminster, i Stormont agus ar údaráis áitiúla an Tuaiscirt ag dul i laghad ó chuaigh sé i gceannas.
B’amhlaidh scéal Fhine Gael faoi cheannas Leo Varadkar. Tháinig laghdú tubaisteach ar ionadaíocht Dála an pháirtí san olltoghchán in 2020 agus thug an vóta láidir in aghaidh leasuithe an rialtais i reifrinn na bliana seo buille an bháis dá fhéinmhuinín.
Is bocht an scéal é ar chúiseanna eile áfach go bhfuil cinneadh déanta ag beirt a bhfuil ardtaithí acu ar a gceird ag éirí as a bheith i gceannas. Fiú mura n-aontaíonn daoine le tuairimí polaiteora, ba chóir cuimhneamh ar an mbrú a chuireann síorchumarsáid den uile chineál orthu.
B’fhearr an toradh b’fhéidir a bheadh ar a saothar scaití dá nglacfaí leis, agus dá nglacfaidís féin leis, nár chóir dóibh a bheith ar dualgas ó mhaidin go hoíche. Teastaíonn scíth, saol príobháideach, deis mhachnaimh, agus seal saor ó chúram uainn go léir, ach is treise an riachtanas i gcás ionadaithe tofa.
Tá freagraí ar cheisteanna réasúnta tuillte ag na vótálaithe agus ag na meáin, ach ní laghdódh moill cúpla uair an chloig luach gach freagra. Níl fonn ar mhórán Teachtaí Dála áfach a admháil go gcuireann síorchumarsáid ró-strus orthu, fiú má chuirtear bagairt as an áireamh.
De réir mar a théann an pobal agus polaiteoirí i dtaithí ar ré na síorchumarsáide, b’fhéidir go rachaidh an brú iomarcach ar pholaiteoirí i laghad – go háirithe má chuirtear dlíthe níos éifeachtaí i bhfeidhm chun pionóis chuí a ghearradh ar an dream bagrach.
Cá bhfios, b’fhéidir go dtabharfadh athrú meoin dá leithéid an dara seans do pholaiteoirí a dteipeann orthu i dtosach. Ní raibh aon dul as ag Michael Noonan ach éirí as ceannaireacht Fhine Gael nuair a chaill an páirtí 23 suíochán in olltoghchán 2002. Naoi mbliana ina diaidh sin, chuaigh sé i mbun oibre mar aire airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim airgeadais is mó ó bunaíodh an stát.
Dá dtabharfaí aird chomh mór de lá agus d’oíche in 2002 agus a thugtar anois ar ríomhphoist , ar X/Twitter, ar Facebook/Meta, ar TikTok, ar na meáin shóisialta agus ar na gnáthmheáin, ba dhéine an dúshlán a bheadh ar Noonan a shárú.
“Scéalta a thógann náisiúin,” a deir duine de chomhaltaí an ghrúpa Kneecap sa scannán faoin teideal céanna atá sna pictiúrlanna faoi láthair.
B’fhearr gach scéal áfach dá gceadófaí faoiseamh, breis ama agus tost uaireanta don scéalaí.
Fág freagra ar 'An léiríonn imeacht Eastwood agus Varadkar róbhrú ar cheannairí óga polaitíochta '