Tugadh fear as Gaeltacht Chonamara os comhair cúirte inniu agus é cúisithe i mbagairtí a dhéanamh ar líne in aghaidh an Taoisigh, Simon Harris.
Cúisíodh Patrick Grealish, atá amach sna daichidí, as Garraí an Choirce i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara, as bagairt a dhéanamh ar na meáin shóisialta go maródh sé an Taoiseach nó go ndéanfadh sé dochar tromchúiseach dó.
Maidin inné a gabhadh Grealish, agus tugadh go dtí stáisiún gardaí i réigiún an iarthuaiscirt é.
Rinne na Gardaí é a chúiseamh agus tugadh os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe é tráthnóna inniu.
Scaoileadh amach ar bannaí €500 é tráthnóna, agus an coinníoll curtha leis go n-éireodh sé as na meáin shóisialta a úsáid agus go dtabharfadh sé a phas ar láimh do na Gardaí.
Gheall an cosantóir go bhfanfadh sé glan ó na meáin shóisialta.
“Cinnte, a Bhreithimh. Geallaim sin,” ar sé.
Dúirt an Bleachtaire Sáirsint Éamonn O’Neill sa Chúirt gur rugadh maol ar Grealish agus an gléas ónar seoladh na bagairtí ina sheilbh aige nuair a gabhadh é.
Dúirt lucht dlí an chosantóra Patrick Grealish go bhfuil sé ina chúramóir ag a mháthair agus go bhfuil a fhadhbanna sláinte féin aige.
Beidh sé os comhair Chúirt Dúiche Dhoire an Fhéich ar an 17 Meán Fómhair.
Tá roinnt fiosrúchán ar bun le roinnt míonna de bharr bagairtí éagsúla agus ciapadh a rinneadh ar an Taoiseach agus a theaghlach.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach ligfeadh sé do na bagairtí sin é a choinneáil óna chuid oibre.
Dé Sathairn ceistíodh fear maidir le bagairt a rinneadh i mí an Mheithimhh faoi bhuama a bheith fágtha i dteach cónaithe an Taoisigh agus a theaghlaigh ach scaoileadh leis an bhfear sin gan é a chúiseamh agus cuireadh comhad faoin eachtra go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Fág freagra ar 'Fear as Gaeltacht Chonamara os comhair cúirte agus é cúisithe as bagairt ar líne go maródh sé an Taoiseach'