Idir 1922 agus 1998 cailleadh 9,000 leanbh óg sna hárais máithreacha is naíonán ar fud Éireann; sin 15% de na leanaí a rugadh sna hárais agus ráta báis a bhí cúig uaire níos mó ná an meán náisiúnta i rith na tréimhse sin. Staitistic náireach, coscrach a thugann léargas ar chruálacht agus éagóracha na tréimhse truamhéalaí sin.
Ní i dtaobh le staitisticí amháin atá an saothar sollúnta, tathagach Stolen (RTÉ1, Dé Luain). Is é scéal na mban, na marthanthóirí, atá i lár an aonaigh. Bhí cumhacht ag baint lena scéalta; cuntais a chuirfeadh idir ghoimh agus ghruaim ort. Bhainfeadh siad deoir as cloch ghlas.
I dtosach an chláir chonaiceamar Michael Donovan ag siúl Ceapach na nAingeal in Áras Sean Ross i Ros Cré. Ba é Michael a bhí ina gharraíodóir san áit i ndeireadh na n-ochtóidí nuair a thángthas ar choirp leanaí ansiúd. É fós cráite ag an scéal agus é ag trácht ar an 1,090 leanbh nach bhfuil cuntas orthu go fóill. Ansin dhein Mary Moriarty Thuama paiste cainte faoin lá gur thit sí féin isteach i bpoll turnaimh a bhí lán le cnámha. Sé scéal Thuama a raid an scéal cráite seo os comhair an phobail agus a chuir fáscadh lámh, fiosrúcháin, fearg agus fiosrúcháin sa tsiúl.
Mheabhraigh an clár cumhachtach seo dúinn go raibh árais eile ann agus nach bhfuil an fhírinne iomlán ná fuascailt ón bpian faighte go fóill.
Ansan tháinig scéalta na mban. Thrácht Anna Corrigan ar bheirt deartháireacha dá cuid a cailleadh go hóg in árasán. Tá sí fós ar thóir na firinne agus níl sí cinnte fiú an bhfuil siad beo nó marbh. Tagairt don nós uafásach leanaí a thabhairt suas le huchtú i gcoinne thoil na máthar nó i ngan fhios dóibh. Ba théama láidir é sin tríd an gclár. Scéal truamhéalach eile ag Marie Arbuckle, drochíde ghnéis, fhisiciúil agus mhothúchánach á tabhairt di agus í ar altramas. Bean a chríochnaigh in áras í féin nuair a bhí sí torrach. Scéal truacánta eile ag Colleen Anderson; ina cás siúd chinn bean rialta í a thabhairt suas le huchtú dá neacht féin. Arís eile is drochíde agus cruatan a bhí i ndán di. Blianta ina dhiaidh sin nochtadh dí gur éigníodh a máthair nuair nach raibh sí ach cúig bliana déag. Tugadh cuntas chomh maith ar thástálacha vacsaíní; arís gan cead na mban.
Tugadh léargas chomh maith ar an tslí gur éalaigh na fir óna náire sa tsochaí fhrithbhanda úd a bhí cúngaigeanta agus faoi bhois an chait ag an eaglais. Fágadh lorg saoil ar na máithreacha agus na naíonáin araon. I gcásanna áirithe bhí teacht le chéile de shaghas, i gcásanna eile ní raibh. I ndeireadh an tsaothair míníodh dúinn go beacht conas mar a balbhaíodh guth na mban sa bhfiosrúchán Stáit faoi na hárais. An tarcaisne curtha i gceann na héagóra.
Sholáthraigh cloigne cainte amhail an t-iriseoir Conall Ó Fátharta, an craoltóir Caitriona Crowe agus an scoláire Sarah-Anne Buckley breis comhthéacs agus léargais. Lena chois sin deineadh aithris ar phíosaí cruthaitheacha faoin ábhar.
Cuntas pearsanta agus críochnúil ar scéal coscrach, náireach na n-áras géibhinn.
Antóin
Seo staitistic náireach coscrach eile a thugann léargas ar chruálacht , ar mhídhaonnacht agus ar bharbarthacht ár linne. Sa bhliain 2023 cuireadh breis is 10,00 leanbh chun báis sa tir seo d’aonturas. Agus breis is 38,000 ó 2019.