Bhí fógra crochta i bhfuinneog an tsiopa leabhar áitiúil: oibrí páirtaimseartha á lorg, tar isteach agus labhair linn!
Bhreathnaigh mé ar an bhfógra ar feadh i bhfad.
Ó bhog mé abhaile go dtí an Ísiltír ar chúinsí teaghlaigh leathbhliain ó shin, is éard a deirim le daoine a bhíonn fiosrach faoi mo chumas greim a choinneáil i mo bhéal ná seo: ‘B’fhéidir go bhfaighidh mé post páirtaimseartha breise amach anseo. Níl géarghá leis faoi láthair, ach cá bhfios nach mbeidh iontas éigin i ndán dom ag déithe na cinniúna.’
Meas tú arb é seo an t-iontas sin? a d’fhiafraigh mé díom féin.
Bheadh ciall leis ar bhealach, a shíl mé liom féin. Deasghnáth de chineál i saol an scríbhneora atá ann, tamall a chaitheamh ag obair i siopa leabhar nuair atá sé óg agus ag streachailt lena chéad saothar féin.
An teoiric atá taobh thiar den nós sin, dar liom, ná go gcuirfidh tréimhse i siopa leabhar ar chumas an scríbhneora óig cur lena chur amach ar an litríocht i gcoitinne, agus, níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, go gcuirfidh sé ar a chumas aithne a chur ar aon scríbhneoirí, eagarthóirí irise, foilsitheoirí agus piardaí móra eile de chuid shaol na litríochta a thaobhódh an siopa. Bealach isteach i saol an scríbhneora, ar bhealach.
Tharla gur chaill mé amach ar an deasghnáth áirithe sin, nó b’fhéidir gurbh fhearr a rá gur thóg mé bealach eile, agus anois níl mé chomh hóg sin níos mó.
Tarlaíonn, leis, go bhfuil aithne agam ar dhuine nó beirt nó b’fhéidir triúr a chaith na blianta ag obair i siopa leabhar i rith an lae agus ag streachailt le leabhair dá gcuid féin san oíche, agus nár chríochnaigh na leabhair sin riamh toisc go mbíodh siad spíonta i ndiaidh dóibh an lá a chaitheamh ag déileáil le custaiméirí cantalacha agus ag cur leabhar in ord aibítre. Sin ráite, tá aithne agam freisin ar dhuine nó beirt a chuaigh an bealach sin agus ar scríbhneoirí mór le rá anois iad.
Tar éis dom nóiméad nó dhó a chaitheamh ag stánadh ar an bhfógra sin i bhfuinneog an tsiopa chuaigh mé isteach – bhí orm bronntanas breithlae a cheannach do mo nia pé scéal é – ach nuair a chonaic mé an leabhar a cheannaigh mé do mo nia á chlúdach le páipéar go deaslámhach ag an mbean taobh thiar den chuntar, rinne mé mo chinneadh. Ní déarfainn faic faoin bhfógra san fhuinneog; níl bealach ar bith faoin spéir go n-éireodh liomsa páipéar bronntanais a chur timpeall ar leabhar ar an gcaoi sin, go néata slachtmhar, agus lena chois sin, a shíl mé, beag an baol go gcasfaí mórán piardaí litríochta orm i siopa leabhar neamhshuntasach sna bruachbhailte.
Ach ar mo bhealach abhaile dom rith fíorchúis mo dhrogaill liom. Aimsíonn an post lae a bhealach isteach i saothar an scríbhneora go minic agus dar liomsa go mbíonn rud éigin cúng, clástrafóibeach agus fiú amháin colach ag baint le saothair litríochta faoi shaol na litríochta; b’fhearr don scríbhneoir, dar liom, post lae a aimsiú i réimse nach mbaineann le réimse na bhfocal ar chor ar bith (agus deirim sin mar iriseoir is mar cholúnaí!)
B’fhéidir má bhím ag siúl sa choill lá go bhfeicfidh mé fógra crochta ar chrann: maor foraoise á lorg.
Fág freagra ar 'Díoltóir leabhar á lorg, tar isteach agus labhair linn!'