Easpa suime na glúine óige i gcúrsaí polaitiúla a fhágann go bhfuil iarrthóirí mór le rá á gcur chun cinn

Léiríonn cuid de na hainmneacha atá á lua mar iarrthóirí don chéad olltoghchán eile go bhfuil coimhlint ann idir pearsantachtaí a bhfuil aithne orthu sna meáin chumarsáide agus daoine a bhfuil suim acu i gceird na polaitíochta

Easpa suime na glúine óige i gcúrsaí polaitiúla a fhágann go bhfuil iarrthóirí mór le rá á gcur chun cinn

Tá roinnt seachtainí fós go bhfillfidh an Dáil ó bhriseadh an tsamhraidh agus is léir don uile dhuine gur beag a éireoidh lenár bpolaiteoirí a bhaint amach sna míonna idir seo agus an t-olltoghchán. Cén fáth, mar sin, go leanfaí den chur i gcéill? An bhfuil sé in am ag an Taoiseach dul ag an Áras a luaithe agus is féidir agus deireadh a chur leis an tsíorthuairimíocht?

Tá na hullmhúcháin faoi lán seoil ag na páirtithe ar fad agus tá coinbhinsiúin á reáchtáil go seachtainiúil. Tá ainmneacha nua á gcur os ár gcomhair – ag Fianna Fáil den chuid is mó – ainmneacha na n-iarrthóirí a theastaíonn ón bpáirtí a mhealladh nó iad siúd atá roghnaithe acu. Tá treoir tugtha ag ardoifigigh na bpáirtithe a gcuid iarrthóirí a bheith roghnaithe acu faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Ag brath ar cé air a dtugann tú aird, tá fadhbanna ag na páirtithe móra iarrthóirí a aimsiú in áiteanna, iarrthóirí a bhfuil cúlra acu sa bpáirtí agus taithí pholaitiúil. Sin a fhágann leithéidí Alison Comyn, Gráinne Seoighe agus iarpheileadóir Mhaigh Eo, Lee Keegan a bheith á lua mar go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as an aithne atá orthu. Thug na toghcháin Eorpacha le fios do na páirtithe le roinnt blianta anuas gur cabhair mhór aithne a bheith ar iarrthóirí – lean siad den nós i mbliana agus tá Cynthia Ní Mhurchú, Nina Carberry agus Maria Walsh tofa chun na hEorpa. Agus iad ceal taithí polaitiúil cuidíonn an aithne atá orthu iad a chur i láthair an phobail.

Tugann an nós sin patuaire eile chun solais, sin easpa suime na glúine óige i gcúrsaí polaitiúla agus gníomhaíochtaí poiblí. Is deacair a rá cá bhfágfaidh sin an pholaitíocht sna glúnta atá romhainn. Coimhlint ann idir pearsantachtaí a bhfuil aithne orthu sna meáin chumarsáide agus sa spórt nó daoine a bhfuil suim acu sa gceird. Pé dearcadh atá agat i leith na polaitíochta is gairm inti féin í nach bhfoghlaimítear thar oíche agus a bhfuil díograis ar leith ag teastáil le dul ina bun.

Is féidir linn a bheith ag súil le cúpla ainm aitheanta eile a bheith á bplé go poiblí sna seachtainí seo romhainn, fad agus atá na páirtithe ag críochnú a gcuid socruithe. Beidh súil ag an rialtas nach dtagann aon sárú eile chun cinn cosúil leis an bplé faoi cháin ar thalamh criosaithe nach bhfuil forbairt déanta uirthi as seo go ceann roinnt seachtainí a d’fhéadfadh deireadh tobann a chur leis an rialtas seo.

Is léir go bhfuil an rialtas diongbháilte fanacht mar a bhfuil go mbeidh an cháinaisnéis fógartha. Beidh siad ag súil go mbeidh na roghnúcháin ar fad thart faoi thús mhí Deireadh Fómhair freisin. Measann go leor tráchtairí go bhfuil an 15ú Samhain roghnaithe mar dháta toghcháin cheana féin. Bealach amháin nó bealach eile beidh an Dáil seo go teacht chun críche go luath. Ach an ar mhaithe leo féin atá na polaiteoirí ag baint fad as ag an tráth seo nó arbh fhearr dul chun na tíre a luaithe agus is féidir?

Fág freagra ar 'Easpa suime na glúine óige i gcúrsaí polaitiúla a fhágann go bhfuil iarrthóirí mór le rá á gcur chun cinn'

  • Siob

    An ghlúin óg is cúis leis? An ag magadh atá tú?

  • Caoimhín

    Agus ceannlíne mar sin ar an alt, bheinn ag súil le fianaise, firicí, figiúirí, staitisticí, suirbhé, nó rud éigin. Cá bhfuil siad? Cá bhfuil an iriseoireacht?

  • Séamus

    Mar fhreagra ar na freagraí go dtí seo: –
    Daoine a raibh aithne orthu tríd na meáin cumarsáide fadó a d’éirigh leo sa pholaitíocht, bíodh sé sin chun leasa a dtíortha nó a mhalairt. Is cumhachtaí na meáin anois ná ag am ar bith ariamh.
    Thar lear: Ronald Reagan, Melina Mercouri, Eva Perón, Clement Freud
    Níos gaire do bhaile le gairid: Seán Kelly, Dana, Mike Nesbitt, Jack Lynch
    An bhfuil gá le statisticí agus surbhéanna le treo na gaoithe a aithint nuair is féidir leat d’ordóg a chur i do bhéal agus í a thabhairt amach arís?

  • Caoimhín

    Is don ráiteas sin sa cheannlíne a bhí an bheirt againn ag trácht, a Shéamuis. Deirtear gur ‘easpa suime na glúine óige i gcúrsaí polaitiúla’ is cúis leis an nós sin ‘pearsantachtaí a bhfuil aithne orthu sna meáin chumarsáide’ a chur chun cinn sa pholaitíocht. Ní beag an maíomh é sin, agus é á mhaíomh gan fianaise dá laghad a chur inár láthair. Ní bheinnse féin sásta leis sin mar eagarthóir, pé scéal é.