Aird Kevin Myers dírithe ar an nGaeilge an athuair agus Acht Gaeilge an Tuaiscirt á cháineadh aige

Mhaígh Myers gur ag teacht 'in ionad an ghunna' atá an teanga ó thuaidh i láthair na huaire, agus gurbh amhlaidh an scéal nuair a bunaíodh an Saorstát beagnach céad bliain ó shin

Aird Kevin Myers dírithe ar an nGaeilge an athuair agus Acht Gaeilge an Tuaiscirt á cháineadh aige

Bhí tamall ann nuair ba é Myers príomhnamhaid lucht na Gaeilge ach is annamh leis a bheith ag trácht ar cheist na teanga le tamall. Go deimhin, bhí an chuma ar an scéal go raibh rún aige éirí as a bheith ag clamhsán faoi cheist na Gaeilge nuair a d’fhógair sé go raibh sé “in am aige a chlab a dhúnadh” fúithi in 2015.

Ag deireadh a ailt ar an Sunday Times i mí na Samhna 2015, dúirt Myers go raibh blianta fada caite aige i mbun tráchtaireachta ar pholasaí teanga an Stáit agus gan aon sásamh faighte aige dá bharr, agus thiar in eireaball a cholúin ar fad, d’fhógair sé, ‘It’s time I shut up’.

Gheall sé do Tuairisc.ie, áfach, nach raibh sé i gceist aige fanacht ina thost faoi chúrsaí Gaeilge, agus tá an geall sin coinnithe aige leis an gcolún is deireanaí uaidh ar The Times an deireadh seachtaine seo caite.

Sa cholún sin den chuid is mó, is ar cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh a dhírigh Myers a aird agus ar an “professional Gaeilgeoir, all críos [sic] agus geansaí”. Mhaígh sé gur ag teacht “in ionad an ghunna” atá an teanga ó thuaidh i láthair na huaire, agus gurbh amhlaidh an scéal nuair a bunaíodh an Saorstát beagnach céad bliain ó shin.

“So now the northern Shinners are at the language capers again, which is part of the life cycle of Irish republicans. When the gun fails, turn to the tongue,” a scríobh sé.

Mhaígh sé freisin gur teanga í an Ghaeilge nár scríobhadh aon mhórshaothar litríochta inti, ach gur cur amú ama a leithéid a rá le cainteoirí Gaeilge mar go “gcuirfeadh cúr lena mbéal”.

Ina alt tuairimíochta, thagair Myers don scoilt i gConradh na Gaeilge i samhradh na bliana 1915, nuair a d’éirigh “the refined Douglas Hyde” as uachtaránacht an Chonartha agus “nuair a bhí an lá ag an ngunna” a bhí ag Eóin [sic] Mac Néill, dar leis.

Thagair sé freisin don tuairisc mhíchruinn a craoladh ar RTÉ News an mhí seo faoin gcloch ar ar greanadh leagan lochtach Gaeilge den amhrán Galway Bay, mar léiriú ar a sheafóidí is atá cás na Gaeilge ó dheas.

Luaigh sé freisin an cuóta do chainteoirí Gaeilge a bhí ina chnámh mór spairne le linn na gcainteanna i Stormont faoi athbhunú an fheidhmeannais ó thuaidh le deireanas. Moltar i bplécháipéis Chonradh na Gaeilge agus san Acht Teanga a chuir Sinn Féin chun cinn dhá bhliain ó shin go gcuirfí céatadán de phoist nua sa Státseirbhís ó thuaidh ar leataobh do chainteoirí Gaeilge sa chaoi is go mbeifí in ann freastal ar lucht labhartha na Gaeilge.

Bhí an ghné áirithe sin den Acht Teanga atá á mholadh ina húdar mór imní don phobal aontachtach le linn na gcainteanna agus polaiteoirí de chuid an DUP agus an UUP ag maíomh go ndéanfaí leithcheal ar aontachtóirí dá dtabharfaí isteach a leithéid de rud.

“Seamus the Shinner from Tyrone who can’t speak a word of Irish will nevertheless be promoted as an Irish language-speaker over the equally ungifted Oliver Cromwell FTP Mawhinnie from the Shankill.

“And while SF/IRA is dedicated to endlessly inventive agenda creation, the Prods are once again building great ziggurats of bonfires, both operations serving as displacement activities to the alternative — namely killing people,” a scríobh Myers ar an ábhar.

Chuireadh Myers an ghoimh go minic ar phobal na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta, go háirithe lena chuid ionsaithe ar Theilifís na Gaeilge aimsir a bunaithe. ‘Teilifís DeLorean’ a thug sé ar an stáisiún nua agus é ag tagairt don charr cáiliúil nach raibh aon rath air ó thaobh na tráchtála de.