Aird chuile dhuine ar an Aviva agus iarrachtaí na nGael an lá a mhilleadh ar na Sasanaigh

Is bród agus díoltas amháin atá ar intinn imreoirí Joe Schmidt inniu agus Sasana ag iarraidh an Chaithréim Mhór a thabhairt leo i mBaile Átha Cliath

Aird chuile dhuine ar an Aviva agus iarrachtaí na nGael an lá a mhilleadh ar na Sasanaigh

Danny Care, imreoir Shasana. INPHO/Billy Stickland

Agus mé ag scríobh roimh an gcoimhlint chrua agus sách fíochmhar a bhí idir na Breatnaigh agus na Gaeil in Caerdydd Dé hAoine seo caite, dúirt mé gur díoltas agus bród amháin a bheadh ar intinn fhir an bhaile.

Ní raibh brabach ar bith ar fáil do na Breatnaigh a bheadh ar thóir maithiúnais óna lucht leanta dílis de bharr an drochthaispeántais a thug siad uathu i mBabhta 3 agus iad i gcoinne na hAlban i Murrayfield. Is léir gur anlann an-éifeachtach na comhábhair sin, agus go raibh páirt lárnach acu i spreagadh fhoireann na Breataine Bige a chuir deireadh le haisling na hÉireann maidir le comórtas Sé Náisiún na bliana seo.

Aisteach go leor, agus na Gaeil ag réiteach anois le fáilte a chur roimh na Sasanaigh, curaidh an chomórtais, go dtí an Aviva do chluiche deiridh an chomórtais Sé Náisiún seo, is bród agus díoltas amháin atá ar intinn imreoirí Joe Schmidt.

Chinntigh bua Shasana ar Albain i Twickinham an Satharn seo caite go bhfuil an comórtas agus an choróin thriarach buaite acu cheana féin: ní féidir é sin a cheilt orthu fiú má bhíonn an lá leis na Gaeil inniu.

Mar sin féin, beidh cúpla sprioc eile san áireamh inniu. Beidh na Sasanaigh, a bhfuil buaite acu ar chuile fhoireann eile sa gcomórtas seo, sa tóir ar an gCaithréim Mhór, nó an Grand Slam. Ní hamháin sin, ach má éiríonn leo é sin a dhéanamh bheidh curiarracht dhomhanda acu, sin bua i 19 cluiche idirnáisiúnta le cúl a céile.

Mar a dúirt mé faoi na Breatnaigh seachtain ó shin, níl brabach ar bith ó thaobh an chomórtais seo i ndán do na Gaeil ach is léir gur sprioc ar leith an Grand Slam agus curiarracht dhomhanda a cheilt ar fhoireann ar bith, na Sasanaigh go háirithe.

Is deacair teacht ar mhórán a chreideann gur féidir leis na Gaeil é sin a dhéanamh. Ní bhíonn sé éasca riamh, fiú le buntáiste an bhaile, an ceann is fearr a fháil ar na Sasanaigh, ach beifear d’uireasa Conor Murray an babhta seo agus le cúpla athrú eile i measc na n-imreoirí is cinnte gur ag éirí níos dúshlánaí atá an cluiche seo. Ní hamháin sin ach beidh gá le hathrú iomlán ar chaighdeán na himeartha ag go leor d’ imreoirí sinsearacha agus céad rogha na hÉireann ón imirt a chonaic muid uathu in Caerdydd, leithéidí Best, O’Brien, agus Heaslip go háirithe.

Ach beidh lucht leanta na hÉireann ag súil gur fhoghlaim imreoirí Joe Schmidt ceacht amháin ó na Breatnaigh an Aoine seo caite, is é sin gur meascán cumhachtach agus éifeachtach iad an bród agus an díoltas. An cheist anois, an mbeidh Joe Schmidt agus a fhoireann in ann teacht i dtír orthu sin agus an mbeidh siad in ann tógáil orthu?

Sa dá chluiche eile a bheas á n-imirt ar an Satharn seo freisin, beidh Albain sa mbaile i gcoinne na hIodáile, agus na Francaigh i bPáras i gcoinne na Breataine Bige. Cé go bhfuil mise ag tuar bua d’fhoirne an bhaile sa dá chluiche seo, tá fainic amháin agam. Mura mbíonn mórán idir na foirne i bPáras sa bhfiche nóiméad deiridh beidh an buntáiste leis na Breatnaigh mar go bhfuil siad níos aclaí ná na Francaigh, fir atá an-mhór agus trom.

Sin ráite, is ar an Aviva agus iarrachtaí na Sasanach a bheas aird chuile dhuine inniu.

Fág freagra ar 'Aird chuile dhuine ar an Aviva agus iarrachtaí na nGael an lá a mhilleadh ar na Sasanaigh'