Acht Teanga a d’ordaigh ‘No Irish to be spoken’ le cur ar ceal sa Dáil

Theip ar straitéis teanga Chromail mar nárbh acmhainn don Stát feidhm a thabhairt di a deir saineolaí staire agus é ag tagairt do bhille atá os comhair Thithe an Oireachtais le hathchóiriú a dhéanamh ar sheandhlíthe

Oliver Cromwell le Samuel Cooper
Oilibhéar Cromail le Samuel Cooper

Cuirfear ar ceal i dTithe an Oireachtais ceann de na chéad Achtanna teanga sa tír seo mar thoradh ar bhille nua atá os comhair na Dála agus an tSeanaid faoi láthair. Ba sa reachtaíocht sin ón mbliain 1656 –  aimsir Oilibhéir Chromail – a bhí ceann de na tagairtí ba thúisce den tumoideachas in Éirinn nuair a leagadh an bhéim ar fhoghlaim an Bhéarla. Treoraíodh gur sa teanga sin a mhúinfidh an teagasc Críostaí do pháistí: ‘Children to learn the catechism in English. No Irish to be spoken.’

Bliain amháin a tugadh d’ógánaigh na tíre de réir dlí an Ghaeilge a fhágáil ina ndiaidh agus iompú ar an mBéarla; ‘Persons between eleven and twenty must speak and use English only within a year. All under twelve must be taught English’.

Ach tá dlí sin Chromail le cur ar ceal go hoifigiúil anois i dteannta le 5,781 píosa reachtaíochta eile a bhain leis an tréimhse suas go dtí Eanáir 1821 le bille nua – an Bille um Athchóiriú an Dlí Reachtúil 2015 – atá os comhair Thithe an Oireachtais faoi láthair.

‘Declaration setting out the means for the conversion of the Irish and the elimination of the Irish language’ a bhí mar theideal ar an dlí a thug Oilibhéar Cromail – an Tiarna Cosantóra – chun cinn i mí Iúil na bliana 1656.

Dar le Dr John Cunningham, staraí i gColáiste na Tríonóide, bhí sé mar aidhm ag an Acht “cur le hiarrachtaí an rialtais ceantar lán-Bhéarla, lán-Phrotastúnach a dhéanamh de chúig chontae” – Áth Cliath, Cill Mhantáin, Loch Garman, Cill Dara agus Ceatharlach. Luadh aibhneacha na Life, na Bóinne, na Siúire agus na Bearú ag amanna éagsúla mar theorainneacha ar a dtógfaí dúin Shasanacha mar chosaint in aghaidh na nGael.

Mhínigh an Dr Cunningham do Tuairisc.ie gur athraigh Cromail a phort idir 1654 agus 1656 nuair a theip ar a iarrachtaí gach Gael agus Caitliceach a ruaigeadh siar go Cúige Chonnacht. Níorbh fhada go dtángthas ar an tuairim nach bhféadfaí an tír a Ghalldú agus an Protastúnachas a chur chun cinn ar an mbealach sin. Bhí brú ar Chromail freisin ó thiarnaí talún ar theastaigh tionóntaí uathu a d’íocfadh cíos leo.

 

Cromwell

Bheartaigh sé ligean do gach Caitliceach ón oirdheisceart fanacht ansin ach cloí le rialacha áirithe daingne. Bhain na rialacha sin “le teanga, feisteas agus creideamh,” a dúirt Cunningham.

Ach theip ar straitéis teanga Chromail. Níorbh acmhainn don Stát a chinntiú go raibh gach duine ag labhairt an Bhéarla, a dúirt an Dr Cunningham.

Is mar chuid de phróiseas le hathchóiriú a dhéanamh ar an dlí reachtúil atá achtacháin Chromail agus reachtaíochta ársa eile á gcur ar ceal anois sa mbille a bhfuil glactha leis sa Dáil agus a rachaidh os comhair an tSeanaid go luath.

Fág freagra ar 'Acht Teanga a d’ordaigh ‘No Irish to be spoken’ le cur ar ceal sa Dáil'

  • Lillis Ó Laoire

    Tá sé buille mall! :)

  • Breathnóir

    Cé a inseoidh an dea-scéal do Mick Wallace?

  • Tuigim

    Dlí na hÉireann chomh mall le dlí na Vatacáine.
    Nach mar an gcéanna iad ar aon nós!

    Thug An Vatacáin ‘maithiúnas’ do Galileo i 1992.
    I bhfad ag fanacht. Fan. Ní raibh sé ag fanacht. Bhí sé marbh ó 1642.

    Tumoideachas?
    Er, is breá liom tumoideachas ach iompúchán & iarracht cultúr a mharú a bhí ar siúl ag Cromail is a leithidí.

    ‘Children to learn the catechism in English. No Irish to be spoken.’
    Coir X 2, Cromail. Fág aon reiligiún faoin Eaglais, ní faoin scoil.
    Fág ár dteanga féin againn, ní teanga a bhaineann le daoine a mharaigh muid.

    Ach fós tá daoine ann nach dtuigeann an dochar a bhaineann le iompúchán ar scoil & fós ceapann daoine gur fearr Béarla ná Gaeilge.

    An gcaithfidh Gaeilge bás a fháil sula gceartóidh dlí agus rialtas na hÉireann é sin?
    An mbeidh mé is mo ghasúir i bhfad sa chré sula scarann siad Eaglais & Stát in Éirinn?

    Mall, leads. I bhfad rómhall.
    Roghnaigh polaiteoirí le Gaeilge agus bíodh Gaeilge sa Dáil.
    Roghnaigh cearta daonna mar is cóir.

    Nó an bhfuil daoine fós ar nós an An Chúistiúnacht a cheapann gur cheart an Eaglais bheith i gceannas?

    Neart le n-athrú fós. Cuir luas leis, leads.