Acht Gaeilge don Tuaisceart molta ag coiste de chuid na Náisiún Aontaithe

Deir Coiste de chuid na Náisiún Aontaithe gur údar imní é nach bhfuil cosaint dlí fós ag an nGaeilge ó thuaidh

United Nations

Tá molta ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.

I dtuarascáil nua atá foilsithe ag an gCoiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir, dúradh gur údar imní a laghad “beartas éifeachtúil” atá ag an Stát leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Dúirt an Coiste, arís eile, gur údar imní é go bhfuil cosaint dlí ag an nGáidhlig agus ag an mBreatnais ach go bhfuil an Ghaeilge fós gan an chosaint chéanna aici. Mhol lucht an Choiste arís go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach a chuirfeadh an teanga agus a hoidhreacht chultúir chun cinn.

Is í seo an séú tuarascáil thréimhsiúil ón gCoiste agus rinneadh na moltaí céanna sa chúigiú tuarascáil uathu a foilsíodh i mí an Mheithimh 2009.

Dúirt Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, gur “buncheist freagrachta” í ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh ach gur “údar misnigh” é go bhfuil na Náisiúin Aontaithe ag breathnú i ndiaidh na Gaeilge.

“Seacht mbliana i ndiaidh a dtuarascála deireanaí, a mhol go sonrach do Rialtas na Breataine glacadh le hAcht Gaeilge anseo, tá muid go fóill san áit ina raibh muid. Is léir gur buncheist freagrachta é seo anois, agus an chuma ar an scéal go bhfuil Rialtas na Breataine ag diúltú moltaí an Choiste seo a chur i bhfeidhm, mar aon lena gcuid coimitmintí idirnáisiúnta don Chúnant seo.

“Is údar misnigh, áfach, go bhfuil an Coiste seo i mbun monatóireachta ar cheist na Gaeilge anseo, agus go bhfuil sé aitheanta go soiléir acu, ag leibhéal domhanda, go bhfuil ag teip i gcónaí ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas i leith na teanga a chomhlíonadh sna sé chontae,” a dúirt sé.

Tá iarrtha ag an gConradh ar Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann araon ceist Acht na Gaeilge “a chur ar an gclár athuair agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar”.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL go bhfuil a heagraíocht “thar a bheith sásta” gur léirigh an Coiste a dtacaíocht d’Acht Gaeilge agus go raibh “aird na saineolaithe arís ar theipeanna leanúnacha rialtais Westminster agus Stormont” reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge don Tuaisceart molta ag coiste de chuid na Náisiún Aontaithe'

  • Simon Ó Faoláin

    “coimitmintí”?! Ceapas gur ag magadh a bhí sé, ach cím go bhfuil sé ann ar an bhfoclóir nua Béarla – Gaeilge. Canathaobh go gcumtar a leithéid nuair atá ‘gealltanas’ againn? Dá mba coincheap nach raibh ann sa Ghaeilge cheana féin thuigfinn ach…

  • Breathnóir

    Beidh na Sasanaigh ag iarraidh éirí as na Náisiúin Aontaithe anois…