Achainí ar cheist mhaoiniú na Coirnise le cur faoi bhráid Westminster

Níor chuir ach 97 duine in Éirinn a n-ainm leis an achainí a bhí oscailte do shaoránaigh Shasana, na hAlban, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann

Achainí ar cheist mhaoiniú na Coirnise le cur faoi bhráid Westminster

Tá an spriocdháta caite anois don achainí ar líne ina n-éilítear ar Rialtas na Breataine an cinneadh a rinneadh níos túisce i mbliana, deireadh a chur “láithreach bonn” leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do chur chun cinn na Coirnise, a chur ar ceal.

Cuirfear an achainí faoi bhráid an Rialtais anois agus tabharfar freagra oifigiúil uirthi ina dhiaidh sin.

Bhí an achainí oscailte do shaoránaigh uile Shasana, na hAlban, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann, nó do dhaoine atá ina gcónaí sna háiteanna sin. Baineadh an sprioc 10,000 ainm amach i mí Lúnasa ach anois agus an achainí dúnta tá mioneolas ar fáil faoin tacaíocht a tugadh di.

Níor chuir ach 97 duine ón tír seo a n-ainm leis an achainí ina n-éilítear go dtabharfaí ar ais an £150,000 sa bhliain a bhítí a thabhairt do Chomhairle an Choirn ó aithníodh an Choirnis mar mhionteanga oifigiúil sa bhliain 2002.

Taobh amuigh den Chorn féin, ba sa Bhreatain Bheag a léiríodh an tacaíocht is mó don achainí, áit ar chuir beagnach 3,000 duine a n-ainm léi. Shínigh 656 duine in Albain an achainí ar cuireadh tús léi mí Bhealtaine na bliana seo.

Agus an 10,000 sáraithe, tá iallach anois ar rialtas Westminster freagra oifigiúil a thabhairt ar an achainí. Dá mba rud é gur baineadh 100,000 ainm amach roimh an deireadh seachtaine seo caite bheadh ar Fheisirí na Parlaiminte an cheist a phlé i Westminster.

Fuair Comhairle an Choirn litir ó Rialtas na Breataine i mí na Bealtaine inar cuireadh in iúl go gcuirfí deireadh leis an maoiniú sin “láithreach bonn” agus go bhféadfadh an Chomhairle an maoiniú a chuirtear ar fáil a chaitheamh mar ba mhian leis an bpobal.

“This Government is committed to Cornwall as shown by our historic devolution deal – the first county deal in the country. On top of this, Cornwall will have a core spending power of £1.7 billion over the next four years. It is for local councils to decide what their priorities are and  to fund the services local people want to see,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Pobal agus Rialtas Áitiúil.

Ní mó ná sásta a bhí baill den Chomhairle féin le cinneadh Rialtas Westminster. Dúirt Julian German, an comhalta comhairle a bhfuil cúram an gheilleagair agus an chultúir air, nach dtagann cinneadh an Rialtais le “comhaontuithe idirnáisiúnta” a shínigh siad agus nach bhfuil “ciall ar bith” leis an gcinneadh.

“The Cornish language is a great source of pride for Cornwall and is part of what makes Cornwall and the Cornish unique. Over the last five years use of the language has increased and this is reflected in street names, signage and on mainstream and social media. Just as importantly, it supports our local and visitor economy as the increase in the use of the language in marketing and tourism has proved,” a dúirt German.

Ba é an Dochtúir Jon Mills, léachtóir leis an teangeolaíocht fheidhmeach in Ollscoil Kent, a thosaigh an achainí ar líne ar shuíomh oifigiúil achainíocha Rialtas agus Pharlaimint na Ríochta Aontaithe.

Is féidir léarscáil de thoghcheantair uile Westminster agus líon na ndaoine i ngach aon cheann acu a chuir a n-ainm leis an achainí a fheiceáil ar an suíomh achainíochta

Fág freagra ar 'Achainí ar cheist mhaoiniú na Coirnise le cur faoi bhráid Westminster'