Ach, a Thiarna, Maigh Eo! Cad é an mhallacht atá ar Éirinn gur sa Pháil atá Sam go ceann bliana eile?

Ní cruálacht go cúilín, ní crá croí go cúilín, ní ciapadh go cúilín, ní croíbhriseadh go Maigh Eo

Ach, a Thiarna, Maigh Eo! Cad é an mhallacht atá ar Éirinn gur sa Pháil atá Sam go ceann bliana eile?

A Dhia sna harda, shíl mise gur ormsa a bhí an mí-ádh agus mé ag éirí aníos i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí. Ba dhoiligh cur suas leis an fhoréigean, leis an bhagairt leanúnach, leis an easpa deiseanna. Buíochas mór do Dhia ar son daoine cineálta, múinteoirí maithe, cléir chiallmhar, d’oideachas ar dóigh ó na Bráithre Críostaí, do thuismitheoirí a thug aire dá bpáistí, do na daoine sin ar fad a thug dóchas dom in am an éadóchais, a bhí cabhrach,  Críostaí, grámhar, daoine a mhol, a chuir obair ar fáil, a spreag, a sheas leat in am an ghátair. B’iontach iad; bhí dóchas i gcónaí ann.

Ach, a Thiarna, Maigh Eo? Maigh Eo? Bheadh sé chomh maith acu an chaid a fhágáil ina ndiaidh, na camáin a thógáil agus dul sa tseans le Corn Mhic Cárthaigh a thógáil. Seans gur mó an t-ádh a bheadh orthu. Cad é an mhallacht atá orthu nach féidir leo Sam a thabhairt leo? Cad é an mhallacht atá ar Éirinn gur sa Pháil atá Sam go ceann bliana eile?

Bhí an Saighdiúir Samhraidh seo soiniciúil go leor le bheith den tuairim go gcríochnódh an cluiche ar comhscór. Bhí an cluiche ag teacht chun deiridh agus na foirne ar comhscór. Bhuel, tuigeann muid uilig cúram an réiteora i gcásanna den tsórt sin, nach dtuigeann? Lá mór airgid eile ag CLG sa cheannáras a chinntiú. Sin cothrom na Féinne i dtéarmaí CLG de, nach ea? An comhscór. An comhréiteach. An dara seans. An dara lá. An dara híocaíocht.

Ach tháinig an cúilín cinniúnach sa 76ú nóiméad, cúilín a chuir deireadh leis an chraobh do chontae amháin, a sheol Maigh Woe siar ar ais gan Sam uair amháin eile, cúilín a bhain an croí as gach cliabh Éireannach. An cúilín a chloígh agus a cheansaigh na laochra thiar; an cúilín a thug cead cainte agus ábhar mórtais do Dhubanna. Sam buaite faoi thrí acu. Faoi thrí! Éacht a bhí dodhéanta, a shíl mé féin.

Ní cruálacht go cúilín. Ní crá croí go cúilín. Ní ciapadh go cúilín. Ní croíbhriseadh go cúilín. Ní cat mara go cúilín. Ní cic sna clocha go cúilín.

Cá bhfuil Asterix?

Rinne Paris St Germain slad ar na Ceiltigh, 5-0, i Sraith na Seaimpíní. An cliseadh Ceilteach is measa ó chloígh bainisteoir Roimh Aontaithe, Iúil Caesar, foireann Vercingetorix i Sraith na hEorpa, fadó fadó fadó.

A Dhia, cá bhfuil Asterix nuair atá sé de dhíth ort?

Maidin Domhnaigh, maidin Sam. Tá gasúir óga an pharóiste i mbun traenála. Tá siad sna déaga luatha, dornán mór acu ar pháirc na peile go moch ar maidin. Tá roinnt daoine fásta ag tabhairt aire dóibh, á moladh agus á ngríosú. Laochra atá sna daoine fásta sin. Laochra ciúine diongbháilte ach laochra mar sin féin. Séanann siad a só féin le haire a thabhairt don chéad ghlúin eile peileadóirí sa pharóiste.

Tá na páistí ina suí go luath fosta. D’éirigh siad as an leaba le seal a chaitheamh lena gcairde. Is mó tarraingt atá ag an pheil orthu ná an leaba sheascair. Nach mór an moladh é sin do na daoine fásta fosta, go dtuigeann na daoine óga seo an deis atá na daoine fásta ag cur ar fáil dóibh? Thiocfadh leis an mhuintir óga fanacht ina gcuid leapacha, an X-Box a lasadh, an lá a chaitheamh ar snapchat. Ní dhéanann. Éiríonn siad. Léiríonn siad – b’fhéidir i ngan fhios dóibh féin – seasmhacht agus dílseacht.

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá siad beo, Gaelach agus sona agus is leor sin

Tá geansaithe glasa an chlub agus geansaithe buí Aontroma le feiceáil ar an pháirc. Tá na peileadóirí óga ag péinteáil portráid bheo de dhathanna ar an fhéar ghlas. Tá liathróid bhán de chuid Uí Néill á scuabadh idir eatarthu, seal thuas san aer, seal thíos sa chlábar. Glas, buí agus bán ar aon chanbhás amháin. Ní thabharfadh siad ealaíontóirí orthu féin ach ealaín atá ann.

Seans mór nach n-imreoidh oiread agus duine amháin acu i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, bíodh peil nó iomáint i gceist. Thiocfadh leo cluiche ceannais contae a bhaint amach; tá sin déanta ag an chlub bheag seo cheana féin. Ach is cuma leo faoi na nithe sin inniu. Níl siad ag smaoineamh air sin. Tá siad le chéile inniu, ag súgradh. Tá siad beo, Gaelach agus sona.

Sin scéal CLG fud fad na hÉireann. Bíodh na laethanta móra náisiúnta ann. Déantar laochra na hiomána agus na peile a cheiliúradh ar Dhomhnaigh mhóra na bliana. Tá sé tuillte acu. Ach seo CLG don chuid is mó againn. An Domhnach beag ciúin ar pháirc na peile i ndúichí beaga. Peileadóirí agus iománaithe gan iomrá – ach peileadóirí agus iománaithe mar sin féin.

Fág freagra ar 'Ach, a Thiarna, Maigh Eo! Cad é an mhallacht atá ar Éirinn gur sa Pháil atá Sam go ceann bliana eile?'