A raibh le foghlaim ó na cluichí móra spóirt an deireadh seachtaine seo

An tSraith Idirnáisiúnta tugtha slán ag na himreoirí, neamhaird ar na hÉireannaigh i Sasana, cruachás na Laighneach agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó imeachtaí spóirt na deireadh seachtaine

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

An tSraith Idirnáisiúnta slán sábháilte do bhliain amháin eile ar a laghad

Cluiche suimiúil, easpa conspóide agus bua ag an bhfoireann baile. Jab déanta ó thaobh an méid a bhí ag teastáil ó CLG agus an AFL – an tsraith seo a choinneáil beo go ceann bliana eile.

Cluiche aisteach a bhí ann ar an Satharn. Dhealraigh sé sa chéad leath go raibh Éire chun scrios a dhéanamh ar an Astráil, go háirithe i bhfianaise na drochmharcála a bhí á déanamh ag líne lán chúil na gcuairteoirí. Chuir na hÉireannaigh an iomarca iarrachtaí amú, áfach, agus faoin am go raibh an deich nóiméad deireanach buailte linn, ba iad na hAstrálaigh a bhí ar an ionsaí agus na hÉireannaigh a bhí i mbaol.

Fearacht an chluiche i bPerth anuraidh, áfach, ba é an obair mhaith a bhí déanta ag an bhfoireann baile sa chéad leath ba chinniúnaí.

INPHO/Emily Harney
INPHO/Emily Harney

Cuirimis an iomáint chun cinn i mBun Dobhráin seachas i mBostún

Dea-scéal eile do CLG a bhí sa chluiche a bhí ar siúl i bhFenway Park oíche Dé Domhnaigh. De réir na dtuairiscí sa bhaile agus thar sáile, bhain beagnach gach duine súp as an dtaispeántas a thug iománaithe na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath uathu, cé nach fios arbh í an aclaíocht nó an t-achrann is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine.

Is cosúil go bhfuil iarrachtaí ar bun cheana féin chun cluiche mar seo a chur ar siúl arís ach sula ndéanfaidh muid iarracht í a thabhairt thar lear ba cheart fiafraí ar dtús an bhfuil gach rud is féidir déanta againn chun an iománaíocht a fhorbairt sa tír seo.

Faoi láthair, ní ghlacann ach ceithre fhoireann déag páirt i gCraobh Shinsear Iomána na hÉireann agus níl fiú craobh an chúige ann dóibh siúd atá ag saothrú i gConnachta agus i gCúige Uladh. Ina ainneoin sin, is cosúil go bhfuil níos mó suime ag eagraíochtaí ar nós an GPA na cluichí a fhorbairt thar sáile ná sa bhaile. Cé nach mbeadh sé chomh mealltach céanna mar chuige do na himreoirí, seans gur mó de ghá atá ann an spórt a chur chun cinn i mBun Dobhráin ná i mBostún.

INPHO
INPHO

Dunne agus Aldridge dearmadta ag caint Ruud agus Vardy

D’fhág a chúl ar an Satharn go bhfuil cúl anois scóráilte ag Jamie Vardy i ngach ceann den deich gcluiche is deireanaí a d’imir sé sa Phríomhroinn, é ag cothromú curiarracht iarimreoir Manchester Utd, Ruud Van Nistelrooy.

go leor cainte déanta faoin gcuriarracht agus gaiscí Vardy le cúpla seachtain anuas, agus daoine ag tabhairt le fios nach raibh aon sacar á imirt i Sasana ar feadh breis agus céad bliain sular cuireadh tús leis an Premiership.

Mar a tharlaíonn sé, is ag Éireannach, Jimmy Dunne, atá an churiarracht ó thaobh scórála atá á lua le Vardy. Idir Deireadh Fómhair 1931 agus Eanáir 1932, scóráil Dunne i ndhá chluiche déag as a chéile do Sheffield Utd ach tá dearmad iomlán déanta ar a chuid gaiscí anois.

Dunne an t-aon Éireannach a bhfuil neamhaird á tabhairt air, áfach. Chomh maith le curiarracht Van Nistelrooy a chothromú ar an Satharn, thug cúl Vardy ar comhchéim é le John Aldridge, a scóráil i ndeich gcluiche sraithe as a chéile do Liverpool i 1987. Ach arís, níl tásc ná tuairisc ar ‘Aldo’ sa chaint ar fad.

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Taispeántas na gConnachtach an t-aon ábhar dóchais do na hÉireannaigh arís san Eoraip

Tar éis chluiche an tSathairn in aghaidh Bath, cheapfá go bhfuil a bport seinnte ag Cúige Laighean i gCorn na gCuradh don bhliain seo. Cé go bhfuil ceithre chluiche fágtha fós acu i nGrúpa 5, beidh sé thar a bheith deacair orthu teacht ar ais uaidh seo. I ndiaidh an bhua gan choinne a bhí ag Wasps ar Toulon, tá na Laighnigh fós os cionn na bhFrancach sa tábla ach tá chluiche sa bhreis ag Toulon.

Is éard atá ag teastáil anois ó fhoireann Leo Cullen ná go gcríochnóidh Wasps ar bharr an tábla, iad ag buachan ar Bath faoi dhó, agus arís ar Toulon, chun deis a thabhairt do na Laighnigh an dara háit a fháil. Ina dhiaidh sin féin, fiú n-éireoidh le Wasps é sin a dhéanamh, fós bheadh ar Chúige Laighean Toulon a bhualadh, b’fhéidir faoi dhó, agus is mór an dúshlán é sin.

Tar éis do chluiche na Mumhan a bheith curtha ar ceal agus a gcluiche siúd a bheith caillte ag na hUltaigh Dé hAoine, is iad Cúige Chonnacht arís atá ag coinneáil ainm na nÉireannach in airde. Tá foireann Pat Lam anois trí phointe chun cinn ar na foirne eile ina ngrúpa i ndiaidh an bhua in aghaidh Brive. Gortaíodh cúpla imreoir dá gcuid sa chluiche céanna, faraor. Agus cluiche deacair in aghaidh na Muimhneach acu an deireadh seachtaine seo chugainn, cuirfear na Connachtaigh faoi scrúdú an athuair.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó na cluichí móra spóirt an deireadh seachtaine seo'