A mbua sa tsraith tuillte go maith ag na Cláirínigh ach iad fir Luimnigh le sárú go fóill

Seachtain roimh thús na craoibhe iomána, caitheann ár gcolúnaí súil siar ar chluiche ceannais na sraithe agus breathnaíonn sé chun cinn ar na coimhlintí atá romhainn sa tsraith

A mbua sa tsraith tuillte go maith ag na Cláirínigh ach iad fir Luimnigh le sárú go fóill

Déanaimid comhghairdeas le hiománaithe an Chláir, curaidh na sraithe i mbliana. Tá an moladh tuillte go maith acu agus iad thar barr don bhfeachtas ar fad. Ní gan dua a bhuadar cluiche ceannais an deireadh seachtaine seo caite, áfach. Bhí sé deacair acu deireadh a chur le Cill Chainnigh i Staid Semple ach rinneadar an beart faoi dheireadh a bhuíochas do thrí chúl.

Bhí an bua sin an-tábhachtach d’fhoireann Brian Lohan. Ní féidir muinín agus móiminteam a thomhas ach cuirfidh an bua sin go mór leis an bpéire agus iad ag dul isteach sa chraobhchomórtas. Cuirfidh an taithí a fuair na leaids nua atá acu i mbliana go mór leis an bpainéal freisin.

Ag an bpointe seo den séasúr idirchontae iomána tá an traenáil throm chrua thart. Beidh níos mó béime anois ar luas, ar smachtú an tsliotair, ar theaicticí agus sos agus scíth cheart a ligint roimh na dianchoimhlintí atá amach rompu. Tá gach a bhfuil curtha isteach ag na foirne bainistíochta agus na himreoirí go dtí seo dírithe ar an chéad sé seachtaine eile agus leanfaidh an obair ar aghaidh ina dhiaidh sin, le cúnamh Dé.

I ndiaidh na sraithe, tá mórán ceisteanna fós le freagairt faoi cé a thiocfaidh amach as na cúigí. Tá ceisteanna ann faoi Luimneach, fiú amháin. Ach dá mhéad ceisteanna atá ann fúthu is iadsan fós an rogha do chraobh na Mumhan agus do chraobh na hÉireann agus cén fáth nach mbeidís. Ní rabhadar ar fónamh sa cluiche leathcheannais sraithe in aghaidh Chill Chainnigh ach ní tréad caora agus gan dabht is acu atá an painéal is láidre sa tír fós.

I gcraobh 2024 tosnóidh seacht gcontae dhéag ar fad amach agus deis acu Craobh na hÉireann a bhuachan, cúig fhoireann ó chúige Mumhan, sé cinn ó chúige Laighean agus na sé fhoireann a bheidh ag imirt i gcomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha.

I gcúige Mumhan agus i gcúige Laighean, rachaidh an dá fhoireann a chríochnóidh ar bharr na dtáblaí tar éis bhabhtaí na ngrúpaí ar aghaidh go dtí cluichí ceannais na gcúigí. Rachaidh buaiteoirí na gcluichí ceannais sin díreach ar aghaidh go dtí babhtaí leathcheannais na hÉireann agus imreoidh na cailliúnaithe na babhtaí ceathrú ceannais.

Rachaidh na dreamanna a chríochnóidh sa tríú háit sna grúpaí go dtí réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar an dá fhoireann a thiocfaidh amach as Corn Mhic Dhonncha.

Sa chomórtas sin, tá Ciarraí, An Dún, Laois, an Mhí, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí. Imreoidh siad go léir a chéile uair amháin agus imreoidh an dá fhoireann a bheidh ar bharr an tábla ag an deireadh a chéile sa chluiche ceannais sula rachaidh an dá chontae tríd chuig réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann. Dícháileofar an contae ag bun an tábla chuig Corn Chríostóir Uí Rinn in 2025.

I gcúige Laighean, bheinn ag súil go mbeidh Cill Chainnigh agus an Ghaillimh ar barr agus ag imirt sa chluiche ceannais. An-simplí, a deir tú. Bunaithe ar an méid a chonaiceamar sa bhfeachtas sraithe bheinn ag rá go mbeidh Loch Garman sa tríú háit. Tá siad ag imirt le fuinneamh agus le spiorad faoina mbainisteoir nua Keith Rossiter ó thús na bliana. Chuir Corcaigh stop leo sa chluiche deireanach áfach agus 3-21 cláraithe ag na Muimhnigh.

Céard faoi Áth Cliath? Tá an t-uafás ceisteanna fúthu agus feabhas ollmhór ag teastáil. Tráthúil go leor, imreoidh Áth Cliath agus Loch Garman a chéile sa chéad bhabhta seachtain ó amárach. Mise á rá leat go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an toradh sin.

Mar atá scríofa agam thuas, Luimneach is fearr i gcúige Mumhan go fóill agus iadsan an dream atá le sárú. Ba cheart go mbeadh comórtas an-iomaíoch againn sa Mhumhain, áfach, mar a bhí anuraidh.

Cuireadh tús leis an gcraobh anuraidh le cluiche idir an Clár agus Tiobraid Árann inar scóráladh ocht gcúl agus bhí ardchluiche againn ansin idir Luimneach agus na Cláirínigh, coimhlint a bhuaigh fir an Chláir. Bhí an-chluiche againn i bPáirc Uí Chaoimh idir Corcaigh agus Tiobraid Árann a chríochnaigh ar chomhscór agus coimhlintí géara a bhí idir Corcaigh agus an Clár agus idir Luimneach agus Tiobraid Árann chomh maith. Ní raibh ach an farasbarr is lú idir na foirne i gcuid mhaith de na cluichí sin agus bhí an t-ádh dearg ar Luimneach áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige agus é a bhuachaint.

Bheinn ag súil gurb iad Luimneach agus an Clár a fheicimid sa chluiche ceannais arís, ach nílim cinnte in aon chor cé eile a bheidh ag teacht amach as an gcúige. Má bhíonn an comórtas leath chomh maith agus a bhí sé anuraidh, beidh sé go hiontach.

Fág freagra ar 'A mbua sa tsraith tuillte go maith ag na Cláirínigh ach iad fir Luimnigh le sárú go fóill'