737 post cruthaithe ag Údarás na Gaeltachta i 2014

An líon is airde post a cruthaíodh ón mbliain 2008

udaras_051-1024x681

Chruthaigh Údarás na Gaeltachta 737 post i 2014, an líon is airde post a chruthaigh an eagraíocht ón mbliain 2008.

7,682 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, ag áireamh 7,053 post lánaimseartha agus 629 post páirtaimseartha.

Glanmhéadú de 84 post ar an bhliain roimhe a bhí i gceist nuair a chuirtear san áireamh líon na bpost lánaimseartha a cailleadh i 2014.

Máitear chomh maith in athbhreithniú an Údaráis ar 2014, atá le foilsiú inniu, gur ceadaíodh tograí eile anuraidh a chruthóidh os cionn 500 post amach anseo.

Léiríonn na figiúirí fostaíochta gur mhéadaigh an líon post sna hearnálacha bia agus deoch, feistí leighis, feirmeoireacht éisc agus saindéantúsaíocht.

Bunaíodh 28 gnó  nua sa Ghaeltacht i 2014 ina raibh os cionn 100 duine fostaithe faoi dheireadh na bliana.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, go rabhthas “thar a bheith sásta” gur tháinig ardú ar an méid post a cruthaíodh anuraidh “agus gur éirigh leis an Údarás na spriocanna a bhí leagtha síos dó ag an Rialtas ó taobh cruthú fostaíochta agus ceadú tograí nua a bhaint amach”.

“An dúshlán atá romhainn anois ná tógáil ar an mbunsraith seo, agus tograí agus infheistíochtaí nua a mhealladh chun na Gaeltachta,” a dúirt Steve Ó Cúláin.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh fáilte roimh na figiúirí nua agus dúirt sé gur léiriú ab ea iad “ar an obair fhiúntach atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun bonn seasmhach a choimeád faoin fhostaíocht sa Ghaeltacht”.

Dúirt an tAire gur léiriú soiléir “ar thiomantas leanúnach an Rialtais do chruthú post agus d’fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht” a bhí sa chistiú breise de mhilliún euro a cuireadh ar fáil ag deireadh na bliana seo caite do bhuiséad caipitil an Údaráis i 2015.

Gar do €7 milliún atá ar fáil don Údarás i mbliana le díriú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, ach tá buiséad caipitil na heagaríocha laghdaithe 75% ón mbliain 2008.

I mí na Samhna seo caite thug Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Stiofán Ó Cúláin le fios go bhféadfaí suas le 1,000 post breise a chruthú thar thréimhse cúig bliana agus úsáid na Gaeilge mar theanga phobail a mhéadú 25% thar 20 bliain ach an maoiniú cuí a bheith ar fáil don eagraíocht.

Tugadh le fios i dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta don bhliain 2013 go raibh bonneagar gnó seanchaite an Údaráis ina bhac roimh chruthú fostaíochta.

Tá sé mar sprioc ag an Údarás 570 post úr a chruthú sa Ghaeltacht in 2015.

Ghabh  an tAire Stáit Joe McHugh buíochas inniu leis an Údarás as an “obair cheannródaíoch” atá ar bun acu maidir leis an bhforbairt ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc agus as an obair a rinne an eagraíocht le linn 2014 i réimse na pleanála teanga.

“Is obair fhíorthábhachtach í seo agus tá áthas orm go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt tús áite don phróiseas sa 9 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bhfuil fógraí déanta ina leith go dtí seo,” a dúirt an tAire Stáit.

 

Fág freagra ar '737 post cruthaithe ag Údarás na Gaeltachta i 2014'

  • Feardorcha

    So … is é atá á rá agat gur éirigh leis an Údarás 84 post sa bhreis a chruthú anuraidh.
    B’fhiú go mór an press-release sin a chur amach.
    Sea, caith scata milliún eile chucu agus le cúnamh Dé beidh call centre nó dhó eile againn (ina labharfar Gaolainn ag am tae gan dabht) go ceann bliain nó dhó eile go rithfidh na deontais amach.