Líon na bpost nua sa státseirbhís i 2014 – 589… líon na bpost sin le riachtanas Gaeilge – 0

De réir iniúchaidh atá déanta ag Tuairisc.ie, ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas le hoiread is post amháin a fógraíodh sa Státseirbhís le linn na bliana seo caite

30/1/2014. Dail Scenes
Pictiúr: Photocall Ireland

Ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014.

De réir eolais nua atá carnaithe ag Tuairisc.ie ó gach roinn Rialtais, ní raibh oiread is post amháin ann anuraidh inar luadh inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas leis.

Is é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá i gceannas ar pholasaí an Stáit maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa státseirbhís, is mó  a bhí i mbun earcaíochta anuraidh. Níor luadh riachtanas Gaeilge le haon cheann de na 342 folúntas sa roinn sin.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Caitheachais Phoiblí, nach mbíonn an oiread sin teagmhála acu leis an bpobal agus gur dá bharr sin nach raibh riachtanas Gaeilge luaite le haon cheann den 342 post a líonadh anuraidh.

Dúradh go n-aithnítear nuair a theastaíonn scileanna ar leith ó fhostaithe na roinne agus go ritear comórtais le dul i ngleic leis an riachtanas sin nuair is gá. Tugadh le fios go bhfuil roinnt daoine sa Roinn Caiteachais Phoiblí atá sásta cúnamh a thabhairt dá gcomhghleacaithe leis an nGaeilge nó le haistriúcháin Ghaeilge.

Ba iad an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Sláinte an t-aon dá roinn Rialtais a luaigh go gcuirtear deiseanna ar fáil d’oifigigh cur lena gcuid Gaeilge. Dúirt urlabhraí na Roinne Sláinte go bhfuil sé i gceist acu seirbhísí oiliúna Gaeilge Ghaelchultúir a úsáid chun feabhas a chur ar Ghaeilge.

Chuir ranna éagsúla eile in iúl go raibh cumas éigin teanga ag roinnt bheag fostaithe cheana féin agus go raibh cuid de na fostaithe nua a earcaíodh le linn na bliana seo caite “compordach” le caighdeán a gcuid Gaeilge.

Dúirt urlabhraí na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie go bhfuil an Roinn sin in ann na seirbhísí a theastaíonn a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair is gá.

“Ag an mbunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís cigireachta dhátheangach ar fáil do na scoileanna aitheanta go léir, scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna san áireamh.

“Ag an iar-bhunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís i gcigireacht na Gaeilge ar fáil agus cuireann sí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do na scoileanna Gaeltachta go léir agus do na Gaelscoileanna,” a dúirt an t-urlabhraí.

Cé nár thug duine ar bith a earcaíodh i Roinn an Taoisigh anuraidh le fios go raibh inniúlacht sa Ghaeilge acu, dúirt urlabhraí na Roinne sin go bhfuil beirt oifigeach acu “a bhfuil ardleibhéal inniúlachta [acu] chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge” agus gur leor sin.

Earcaíodh 17 duine sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcaitheamh na bliana 2014 agus cé nach raibh riachtanas Gaeilge luaite le oiread agus post amháin acu sin, thug an roinn sin le fios do Tuairisc.ie go bhfuil folúntas ann i láthair na huaire a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis. Is post ag leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin a bheidh lonnaithe i Rannóg na nGnóthaí Corparáideacha in oifigí na Roinne i bPort Laoise atá i gceist.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo níos luaithe i mbliana go bhfuil plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh agus ochtar Airí Rialtais ag maíomh an uair sin nach raibh aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

Bhain conspóid mhór le fógra na Roinne Gaeltachta i 2013 go raibh córas nua bunaithe ar phainéal earcaíochta le teacht in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Sean Ó Cuirreain
Seán Ó Cuirreáin

Bhí easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge i measc na gcúiseanna le héirí as an Iar-Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin anuraidh.

Dúirt an tIar-Choimisinéir nach n-oibreodh an córas nua agus “fiú dá gcuirfí i bhfeidhm ar an mbealach is dearfaí é” go dtógfadh sé ar a laghad 28 bliain líon na ndaoine le Gaeilge i measc an 30,000 státseibhíseach sa státchóras a dhúbailt ó 1.5% go 3%.

Thug an tIar-Aire Gaeltachta, Dinny McGinley le fios do Tuairisc.ie ag tús na bliana seo go raibh sé “an-mhíshásta” leis an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don phlean, ar thacaigh sé féin leis mar Aire Gaeltachta, chun cur le líon na ndaoine sa státchóras atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Dúirt an tIar-Aire Gaeltachta gur léir go rabhthas ag “tarraingt na gcos” maidir leis an gcóras nua a thug sé féin isteach in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Fág freagra ar 'Líon na bpost nua sa státseirbhís i 2014 – 589… líon na bpost sin le riachtanas Gaeilge – 0'

  • Seán Mag Leannáin

    Cá hionadh sin?