‘Ná creid feannóg is ná creid fiach, is ná creid briathra mná’ – An Claidheamh Soluis, 09 Meán Fómhair 1916

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (09 Meán Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

‘Ná creid feannóg is ná creid fiach, is ná creid briathra mná’ – An Claidheamh Soluis, 09 Meán Fómhair 1916

Claíomh-76

4                                               An Claidheamh                                              Meán Fómhair 9

Tráchtas ar mharaíocht

(Duais-aiste an Oireachtais, 1916)

Pádraig Ó Síochfradha agus Risteárd Ó Crócaigh (An Dá Éan), a scríobh

“Ná creid feannóg is ná creid fiach,

Is ná creid briathra mná,

Pé moch mall d’éirigh an ghrian

Mar is toil le Dia a bheas an lá.”

Bíodh go ndeireadh Gaeil é sin agus go bhfágaidís an aimsir faoi Dhia, bhíodh, ar a shon sin, mórán comharthaí agus faistine acu ar an toil sin Dé i dtaobh na haimsire a bhíodh chucu. Tá an t-eolas sin ar fáil fós ina sheanfhocail agus ina chainteanna gnácha agus ina ranna filíochta. Tá cuid mhaith acu ann agus ní hionadh sin mar bhí an uain agus an aimsir riamh mar chúis imní agus buartha ag daoine. Sa bhailiú seo tá eolas soininne agus doininne na nGael in Éirinn agus in Albain agus i “Manainn bheag bhinn”. Tá siad na seanfhocail roinnte ina gcoda de réir na tagartha atá iontu .i. an aimsir a bhíonn ann gach tráth den bhliain, nó den ráithe, nó den tseachtain, nó den lá; comharthaí agus seanráite i dtaobh na síonta .i. fearthainn, gaoth, sioc, sneachta, ceo, toirneacha, fuacht, teas, srl.; comharthaí aimsire ar an ngrian, ar an ngealach, ar na scamaill, agus ar na reanna eile neimhe. Tá comhartha ag gabháil leo á thaispeáint cárbh as do gach ceann acu mar atá M = Mumha: U – Ulaidh; C = Connachta; A = Albain; O.M. = Oileán Mhanann.

Laethanta na Seachtaine

M – Dhá lá gaoithe, dhá shaoire agus dhá lá fearthainne – an tseachtain; nó

M – Dhá lá shoininne shaoire, dhá lá gaoithe agus fearthainne, dhá lá eile chun críche, sin mar a ghuífinnse an tseachtain duit

M – Ní théann doineann thar Dhomhnach, ná rabharta thar Chéadaoin.

M – An uair is Céadaoineach an tSamhain is iargaineach fir an domhain. (.i. nuair a bhíonn Lá Samhna ar an gCéadaoin is brónach fir an domhain. Comhartha drochgheimhridh)

M – Bíonn an Aoine bunoscionn leis an tseachtain (.i. Má tá athrú aimsire le teacht, tiocfaidh Dé hAoine)

U – An rud a chuireann an Aoine ina ceann tchífidh sí amach é.

M – An rud a chuireann an Aoine roimpi leanann sí air.

M – Tosach Aoine nó deireadh Sathairn nó tar éis Aifrinn Dé Domhnaigh. (.i. sin iad na tráthanna a thagann athrú san aimsir)

M- Tosach Aoine nó deireadh Sathairn níor bhris riamh nach mbeadh ina bhatharnach. (Batharnach .i. duartan báisteach throm)

A – Is í an Aoine bhagartha a dhéanann an an Satharn fliuch

M – Níl aon Satharn sa bhliain nach spalpann an ghrian

U – Cha raibh Satharn riamh ann nach raibh an oiread sin gréine ann, is a thriomódh léine an sagairt

U – Cha dual Satharn gan grian ná Domhnach gan Aifreann

U – Gealach Sathairn báfaidh sí nó dófaidh sí thú

O,M. – Is leor gealach Sathairn a theacht uair sna seacht mbliana. Tuar drochaimsire.

U – Tuar ceatha Dé Sathairn ag cur go Satharn arís

Míonna

M – Eanáir gruama, dorcha, duairc,

Feabhra fliuch, gach lá neamshuairc,

Márta meirgeach, gaofar, crua,

Aibreán braonach, méileach, nua,

Bealtaine bó-bhreith, liúireach lao,

Mí Mheán meidhreach is niamhraí lí,

Iúil bíodhmaois (?), brothalalch, bia-gann

Lúnasa líonmhar lán-teann

Féile Mhíchíl fial, déantar stácaí,

Fuíoll Fómhair, baintear ‘tátaí,

Samhain silteach, díon bhur dtithe,

Nollaig oidhreach déan ól síthe

M – An aimsir an míosánach is fearr. (.i. De réir na haimsire is ea a bhíonn na torthaí agus na síolta ag fás

M – Mura líonfaidh na Faoillí na fuarlaigh.

Líonfaidh an Márta go bruach iad. (.i. Mura dtagann fliuchán i mí Feabhra, tiocfaidh sé sa Mhárta)

U – Gach aon mhí sa bhliain ag mallachtaí ar na Faoillí má bhíonn sí ina turadh. (“Ina turadh”, .i. tirim)

U – Ní measa creach i dtír ná maidin chiúin Faoillí (Tuar drochaimsire maidin chiúin i bhFeabhra)

A – B’fhearr a chreach a thagann don tír ná maidin mhín san Fhaoillí Fhuar

U – An lon dubh a sheinneann go binn san Fhaoillí goilfidh go crua sa Mhárta. (Is déine a bheidh an Márta toisc mí Feabhra a bheith go breá.)

U – Na Faoillí a bheireann chun tosaigh an bláth níl aon mhí go Samhain nach gcasaoid é.

A – Faoilleach, Faoilleach, lámh an chrios,

Faoilte mhór ba chóir bhí ris:

Cródh ‘us caoraich ‘ruith air theas,

Gal ‘us caoim bu chóir ‘bhí ris.

(.i. Má bhíonn an Feabhra crua fuar, bíodh fáilte roimhe, má bhíonn go breá, is cúis bhróin é).

Ní Críoch