Weyes Blood – Do You Need My Love
Seo amhrán ar leith ó albam ar leith, ó amhránaí comhaimseartha a chanann amhrán a shamhlófá le ré éigin eile – na seascaidí déanacha nó na seachtóidí luatha seans – amhráin ná beadh as áit ar raidió na linne san lena macallaí do Karen Carpenter is Vashti Bunyan is amhránaithe Laurel Canyon. Seans gur chuala tú a glór cheana, mar tá sí le clos ag amhrán i dteannta Ariel Pink ar a albam Mature Themes a d’eisigh 4AD sa bhliain 2012, ach tá trí albam eisithe ag Natalie Mering faoin ainm Weyes Blood is an t-amhrán álainn seo le clos ar an iarracht is déanaí uaithi Front Row Seat To Earth ar lipéad Mexican Summer.
Ryan Vail – Wounds
Fad a bhí an ceoltóir/amhránaí/léiritheoir cumasach seo ar an ardán (faoi dhó) ag féile cheoil Other Voices i gCorca Dhuibhne le gairid, ní raibh gíogs ná míocs as éinne, is cluasa a chuid éisteoirí meallta ag amhráin atmaisféaracha an fhir óig seo ó Dhoire. D’eisigh sé a chéad albam aonair For Every Silence ar lipéad Quiet Arch anuraidh is in ainneoin tionchar chumadóirí an cheoil chlasaicigh/leictreonaigh chomhaimseartha, go háirithe leithéidí Nils Frahm is Max Richter, a bheith ar a chuid amhrán, ná ligimis i ndearmad gurb é Ryan féin a chum na focail is na fuaimeanna ar an albam, albam atá lán dá phearsantacht is dá thaithí saoil féin. Tá cuireadh faighte aige casadh ag féile SXSW sna Stáit Aontaithe i mbliana is guím gach rath air.
Carla dal Forno – Fast Moving Cars
Bhíodh Carla dal Forno ag canadh leis an mbanna Mole House ó Melbourne tráth is tá a glór cloiste cheana agam ar amhráin Tarcar is Fingers. Anois, tá a céad albam aonair bronnta aici orainn trí lipéad Blackest Ever Black. You Know What It’s Like is teideal don saothar ina bhfuil a glór fuarchúiseach ár stiúradh trí amhráin atá curtha as a riocht ag éifeachtaí dub is drumaí sceirdiúla. Samhlaím amhráin phobail á gcanadh sa tréimhse post-punk ag banríon an leac oighir féin, Nico.
Sky H1 – I Think I Am
https://www.youtube.com/watch?v=E7lO4SgDZbc
Ón Bheilg do Sky 1 agus d’aimsíos EP álainn léi, an Motion EP is mé ar spraoi siopadóireachta ceoil le gairid. Tá rianta gleoite leictreonacha le clos ar an saothar agus braithim gurb é seo an buaicphointe: port glórmhar cumtha as sintéiseoirí le macallaí ann de ‘Goon Gumpas’, rian álainn cáiliúil aimbiach a chum Aphex Twin fadó.
Ceann ón gCartlann
Orchestral Manoeuvres In The Dark – Souvenir
Sa bhliain 1981, d’eisigh OMD a gcéad singil ón albam Architecture & Morality. Amhrán speisialta é ‘Souvenir’. Dúirt Andy Bell, amhránaí Erasure, go dtosaíonn sé ag sileadh na ndeor pé uair a chloiseann sé é. Tuigim canathaobh a mbíonn an tionchar san ag an amhrán seo air. Tá uaigneas is áilleacht le mothú i nglór Paul Humphreys , glór a thugann chun cuimhne buachaill óg ag canadh i gcór den chéad uair. Ach, is é an curfá a scuabann na cosa fúm. Níl aon fhocal le clos sa chuid seo ach tús áite á thabhairt don rif olagónach, mhacánta san in áit na bhfocal. In ainneoin coimhthíos an amhráin, bhain sé amach uimhir a trí sna cairteacha sa Bhreatain agus d’éirigh leis a lorg a fhágaint ar bharr na gcairteacha sa Fhrainc, sa Spáinn is sa Phortaingéil.
Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'