5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Weyes Blood – Do You Need My Love

Seo amhrán ar leith ó albam ar leith,  ó amhránaí comhaimseartha a chanann amhrán a shamhlófá le ré éigin eile – na seascaidí déanacha nó na seachtóidí luatha seans – amhráin ná beadh as áit ar raidió na linne san lena macallaí do Karen Carpenter is Vashti Bunyan is amhránaithe Laurel Canyon.  Seans gur chuala tú a glór cheana, mar tá sí le clos ag amhrán i dteannta Ariel Pink ar a albam Mature Themes a d’eisigh 4AD sa bhliain 2012, ach tá trí albam eisithe ag Natalie Mering faoin ainm Weyes Blood is an t-amhrán álainn seo le clos ar an iarracht is déanaí uaithi Front Row Seat To Earth ar lipéad Mexican Summer.

Ryan Vail – Wounds

Fad a bhí an ceoltóir/amhránaí/léiritheoir cumasach seo ar an ardán (faoi dhó) ag féile cheoil Other Voices i gCorca Dhuibhne le gairid, ní raibh gíogs ná míocs as éinne, is cluasa a chuid éisteoirí meallta ag amhráin atmaisféaracha an fhir óig seo ó Dhoire.  D’eisigh sé a chéad albam aonair For Every Silence ar lipéad Quiet Arch anuraidh is in ainneoin tionchar chumadóirí an cheoil chlasaicigh/leictreonaigh chomhaimseartha, go háirithe leithéidí Nils Frahm is Max Richter, a bheith ar a chuid amhrán, ná ligimis i ndearmad gurb é Ryan féin a chum na focail is na fuaimeanna ar an albam, albam atá lán dá phearsantacht is dá thaithí saoil féin.  Tá cuireadh faighte aige casadh ag féile SXSW sna Stáit Aontaithe i mbliana is guím gach rath air.

Carla dal Forno – Fast Moving Cars

Bhíodh Carla dal Forno ag canadh leis an mbanna Mole House ó Melbourne tráth is tá a glór cloiste cheana agam ar amhráin Tarcar is Fingers.  Anois, tá a céad albam aonair bronnta aici orainn trí lipéad Blackest Ever Black.  You Know What It’s Like is teideal don saothar ina bhfuil a glór fuarchúiseach ár stiúradh trí amhráin atá curtha as a riocht ag éifeachtaí dub is drumaí sceirdiúla. Samhlaím amhráin phobail á gcanadh sa tréimhse post-punk ag banríon an leac oighir féin, Nico.

Sky H1 – I Think I Am

https://www.youtube.com/watch?v=E7lO4SgDZbc

Ón Bheilg do Sky 1 agus d’aimsíos EP álainn léi, an Motion EP is mé ar spraoi siopadóireachta ceoil le gairid.  Tá rianta gleoite leictreonacha le clos ar an saothar agus braithim gurb é seo an buaicphointe: port glórmhar cumtha as sintéiseoirí le macallaí ann de ‘Goon Gumpas’, rian álainn cáiliúil aimbiach a chum Aphex Twin fadó.  

Ceann ón gCartlann

Orchestral Manoeuvres In The Dark – Souvenir

Sa bhliain 1981, d’eisigh OMD a gcéad singil ón albam Architecture & Morality.  Amhrán speisialta é ‘Souvenir’.  Dúirt Andy Bell, amhránaí Erasure, go dtosaíonn sé ag sileadh na ndeor pé uair a chloiseann sé é.  Tuigim canathaobh a mbíonn an tionchar san ag an amhrán seo air.  Tá uaigneas is áilleacht le mothú i nglór Paul Humphreys , glór a thugann chun cuimhne buachaill óg ag canadh i gcór den chéad uair.  Ach, is é an curfá a scuabann na cosa fúm. Níl aon fhocal le clos sa chuid seo ach tús áite á thabhairt don rif olagónach, mhacánta san in áit na bhfocal.  In ainneoin coimhthíos an amhráin, bhain sé amach uimhir a trí sna cairteacha sa Bhreatain agus d’éirigh leis a lorg a fhágaint ar bharr na gcairteacha sa Fhrainc, sa Spáinn is sa Phortaingéil. 

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'