Comóradh
“Ba ghairid an bheatha í, ach nárbh líon lán í, a Lilí?”
Agus druma mór na Cásca ag brostú na fola
sna cuisleanna coipeacha
buataisí ag bualadh na sráide agus fuadar
na haiséirí fúthu
an t-ordú, an cealú, an t-athordú á scaipeadh
ó dhún go dún daingean
gunnaí faoi ghúnaí
is réabhlóid san aer.
Airím na focail a scríobh ceann fine
le tine, le cruach is le fuil:
“Ba mhaith an troid í, a Neansaí!”
ar chosán na lice fuaire
ar Shráid Uí Mhórdha
lochán cródhearg ag úscadh
isteach sa silteán sráide
is an bheatha ag éalú
a chlaíomh soilseach
mar scáthán ar spéir an earraigh.
Trom-bhuillí armra ar dhoirse
ag díbirt na nÓglach,
méarnáil cuirníní na coróineach
allabhar a gcuid sodair trí shráideanna,
buillí croí ar borradh
ag teitheadh ó chnagarnach lasrach
monabhar na troda i gcéin
báisteach na bpiléar ag titim
ar bhrat bán na banaltran.
Ardófar brat:
chomh grástúil le fiolar
ag faoileoireacht os cionn
an ardáin phlódaithe,
droim le láthair na híobairte
droim lena gclann dílleachta
ní bhraithfidh an bráithreachas biata
crith na talún faoina gcosa
nuair a phreabfaidh
a gcuid focal
mar urchair
trí phrochóga na cathrach
a macalla
ina hadhairt cinn ag páistí sráide.
Fillfear an fhís
i bhfallaing óir
ceanglófar
dúphúicín dá héadan
cuirfear
í ina colgsheasamh ar aire
is díreofar
a haghaidh
arís
ar an meitheal lámhaigh.
– Áine Uí Fhoghlú, Márta 2016.
– Foilsíodh an dán thuas ar dtús ar ‘1916-2016’ móreagrán litríochta ‘Comhar’ a tháinig amach an mhí seo caite
Fág freagra ar '1916-2016/DÁN: ‘Comóradh’ le hÁine Ní Fhoghlú'